bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Amos 9
Amos 9
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
1
Chonaic mé an Tiarna ina sheasamh os cionn na haltóra. Bhuail sé mullaigh na gcolún agus chrith na hursaineacha. Dúirt sé: «Scoiltfidh mé iad ar chinn na ndaoine go léir; maróidh mé a mbeidh fágtha leis an gclaíomh, ní éalóidh aon duine, ní thiocfaidh aon duine slán.
2
Má thochlann siad a mbealach go Seól tarraingeoidh mo lámhsa as iad; má dhreapann siad go harda neimhe cuirfidh mé d' iallach orthu teacht anuas.
3
Má théann siad i bhfolach ar bharr Chairmeil cuardóidh mé agus ropfaidh mé liom iad; má théann siad i bhfolach uaim i ngrinneall na farraige ordóidh mé don Nathair greim a bhaint astu ansiúd.
4
Fiú má chuireann a naimhde i ngéibheann iad ordóidh mé don chlaíomh iad a mharú ansin, agus ní le gnaoi ach le holc chucu a choimeádfaidh mé súil orthu.»
5
An Tiarna Dia na Slua, baineann sé leis an domhan agus leánn é, agus caoineann cách dá gcónaíonn ann; éiríonn borradh sa domhan go léir mar a tharlaíonn sa Níl agus síothlaíonn arís mar Abhainn na hÉigipte.
6
Ardaíonn sé a staighre suas chun na bhflaitheas, agus leagann a stua ar an talamh. Glaonn sé ar uiscí na farraige agus doirteann sé amach iad ar dhromchla na talún. Is é an Tiarna a ainm.
7
«Nach ionann domsa sibhse agus clann na nAetóipeach, a chlann Iosrael,» a deir an Tiarna. «Nach mise a thug Iosrael aníos ón Éigipt, nár thug mé chomh maith céanna na Filistínigh ó Chaftór agus na hAramaeigh ó Chír?
8
Féach, tá súile an Tiarna Dia ar an ríocht pheacúil agus scriosfaidh mé í de dhromchla na talún; ach ní mhillfidh mé teach Iacóib go hiomlán,» a deir an Tiarna.
9
«Óir, féach, ordóidh mé teach Iosrael a chraitheadh i measc na gciníocha go léir mar a chraithfeá arbhar le criathar; ach ní thitfidh an gráinne is lú ar an talamh.
10
Éagfaidh an uile pheacach de mo phobalsa leis an gclaíomh, iadsan a deir: 'Ní bhéarfaidh an t-olc orainne ná ní thiocfaidh sé fhad linn.'»
11
«An lá sin tógfaidh mé athuair both Dháiví, atá ar lár, druidfidh mé a bhearnaí, deiseoidh mé na fothraigh, atógfaidh mé é mar a bhí anallód,
12
ionas go mbeidh ar a gcumas iarmhar Eadóm agus na náisiúin uile arb é m' ainmse atá orthu a ghabháil,» a deir an Tiarna, an té a chuirfidh na nithe sin i gcríoch.
13
«Féach, tiocfaidh na laethanta,» a deir an Tiarna, «nuair a thiocfaidh an treabhdóir suas leis an mbuannaí, agus fear brúite na bhfíonchaor suas leis an síoladóir; silfidh na sléibhte fíon milis a rithfidh ina slaoda ón uile chnoc.
14
Cuirfidh mé bail ar mo phobal Iosrael athuair; tógfaidh siad na cathracha scriosta agus cónóidh siad iontu; cuirfidh siad fíniúna agus ólfaidh siad a bhfíon; saothróidh siad gairdíní agus íosfaidh siad dá dtorthaí.
15
Suífidh mé ina ndúiche féin iad, agus go deo arís ní sracfar iad ón tír atá tugtha agamsa dóibh,» a deir an Tiarna, bhur nDia.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9