bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Amos 4
Amos 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 5 →
1
Éistigí leis an bhfocal seo, a bha Bháiseán, a chónaíonn ar shliabh na Samáire, sibhse a chiapann an bochtán, a fháisceann ar an dearóil, a deir le bhur bhfir chéile: «Tabhair chugainn deoch go n-ólaimid.»
2
Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a naofacht: féach, tiocfaidh na laethanta oraibh nuair a sracfar ar shiúl sibh le crúcaí, go fiú an bhean dheiridh daoibh le duáin iascaigh.
3
Amach a rachaidh sibh tríd na bearnaí, gach bean agaibh caol díreach amach agus ruaigfear sibh fhad le Harmón, a deir an Tiarna.
4
Imígí go Béit Éil agus peacaígí, go Gilgeál agus cuirigí le bhur gcoireanna; méadaígí bhur n-íobairtí gach maidin, agus bhur ndeachúna gach tríú lá;
5
ofrálaigí íobairt bhuíochais le laibhín, foilsígí os ard na híobairtí deonacha, mar is é sin a thaitníonn libh, a chlann Iosrael, a deir an Tiarna Dia.
6
D' fhág mé bhur bhfiacla glan in bhur gcathracha uile, agus arán in easnamh in bhur mbailte; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.
7
Choinnigh mé uaibh an fhearthainn fosta, agus an fómhar trí mhí fós ar shiúl; thug mé air fearthainn a chur ar chathair amháin agus gan a chur ar chathair eile; bhí sé ag cur ar pháirc amháin agus an pháirc nár tháinig fearthainn uirthi chríon sí.
8
Shiúil pobail dhá chathair nó trí chuig cathair eile ar lorg fíoruisce, agus níor mhúch siad a dtart; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.
9
Bhuail mé le loscadh gaoithe agus le bruth teasa sibh, bhánaigh mé bhur ngairdíní agus bhur bhfíonghoirt, mhill na lócaistí bhur gcrainn fígí agus bhur n-ológa; ach níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.
10
Bhuail mé le haicíd sibh dála na hÉigipte, leag mé bhur n-óigfhir leis an gclaíomh, agus rug mé bhur n-eich uaibh, líon mé bhur bpolláirí le bréantas bhur gcampaí; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.
11
Scrios mé cuid agaibh mar a scrios Dia Sodom agus Gomorá, agus bhí sibhse mar aibhleog a sciobadh ón tine; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.
12
Dá bhrí sin is mar seo a roinnfidh mé leat, a Iosrael, agus toisc gurb é seo a dhéanfaidh mé ort, cuir tú féin i gcóir chun casadh ar do Dhia, a Iosrael.
13
Óir, féach, ba é a dhealbhaigh na sléibhte, a chruthaigh an ghaoth, a fhoilsíonn a smaointe don duine, a dhéanann [an chamhaoir agus an dorchadas], a shiúlann in áiteanna arda an domhain; is é an Tiarna, Dia na Slua, is ainm dó.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9