bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Hosea 1
Hosea 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 2 →
1
Briathar an Tiarna a labhraíodh le Hóisé, mac Bhéirí, in aimsir Uizíá agus Iótám agus Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá, agus in aimsir Iarobám, mac Ióáis, rí Iosrael.
2
Ainmneacha Fáthchiallacha
3
D' imigh sé leis mar sin agus phós Goimir, iníon Dhiobláím, agus ghabh sise gin agus rug mac dó.
4
«Tabhair Izréil mar ainm air,» arsa an Tiarna leis ansin, «mar i gceann tamaillín eile imreoidh mé díoltas ar theaghlach Iéahú in éiric fhuil Izréil agus cuirfidh mé deireadh le réimeas theaghlach Iosrael.
5
Is i nGleann Izréil a bhrisfidh mé cumhacht Iosrael an lá sin.»
6
Gabh sí gin arís agus rug iníon. «Tabhair Neamh-Mhuirneach mar ainm uirthi,» ar seisean leis, «mar ní díol trócaire liom teaghlach Iosrael a thuilleadh; ní hea, is amhlaidh a bheidh dearg-ghráin agam orthu feasta.
7
(Déanfaidh mé trócaire áfach ar theaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé iad, óir is mise an Tiarna a nDia; ach ní le bogha ná le claíomh ná le bua catha a shábhálfaidh mé iad, ná le capaill ná le marcaigh ach an oiread).»
8
Nuair a bhí Neamh-Mhuirneach bainte den chíoch aici, ghabh sí gin arís agus rug mac.
9
«Tabhair Coimhthíoch mar ainm air,» ar seisean ansin, «mar ní sibhse mo phobal, agus i dtaca libhse de, níl mise ann chor ar bith.»
10
[Ní lia gaineamh na mara nach féidir a thomhas ná a chomhaireamh ná an chlann a bheidh fós ag Iosrael. Mar san áit ar gairmeadh Coimhthíoch díobh, glaofar orthu clann mhac Dé bheo. 2:1
11
2:2 Baileofar clann Iúdá agus clann Iosrael le chéile agus ceapfaidh siad aon cheann urra amháin dóibh féin agus tiocfaidh siad i seilbh na tíre arís, óir is lá mór a bheidh ann lá Izréil.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14