bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Hosea 6
Hosea 6
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 7 →
1
«Téanaigí, fillimis ar an Tiarna. Eisean a stróic sinn, eisean a leigheasfaidh sinn; Eisean a thug léasadh dúinn ach cneasóidh sé ár gcneácha.
2
Cuirfidh sé anam arís ionainn i gceann dhá lá, ar an tríú lá cuirfidh sé inár seasamh sinn arís, ionas go mairfimid os a chomhair.
3
Bíodh aithne againn ar an Tiarna; déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air! Beidh a thaibhsiú chomh cinnte le breacadh an lae; tiocfaidh sé chugainn mar an bháisteach, amhail fearthainn an earraigh a uiscíonn an tír.»
4
Cad a dhéanfaidh mé leat, a Eafráim? Cad a dhéanfaidh mé leat, a Iúdá? Ní buaine bhur ngrá ná néal maidine, ná an drúcht a imíonn as radharc go luath.
5
Dá dheasca sin bím á scláradh trí bhíthin na bhfáithe agus á marú le briathra mo bhéil. Sa tslí seo foilsítear ceart mo bhréithe mar splanc solais.
6
Óir, is mó is mian liom buanghrá ná íobairtí; agus aithne a bheith agaibh ar Dhia, is fearr liom é sin ná ofrálacha lándóite.
7
Briseann siadsan an conradh ag Adám; san áit sin feallann siad orm.
8
Cathair lucht míghníomha is ea Gileád, agus tá rian na fola uirthi.
9
Amhail ropairí a dhéanann luíochán, bíonn slua sagart ag déanamh áir ar an mbóthar go Seicim; gan bhréag ar bith, is ainspianta a ngníomhartha!
10
I dteach Iosrael feicim rud uafásach; mar is ansin a dhéanann Eafráim striapachas, agus a thruaillítear Iosrael.
11
(Beidh fómhar le baint agatsa freisin, a Iúdá, nuair a chuirfidh mé an rath ar mo phobal arís.)
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14