bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Hosea 12
Hosea 12
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 13 →
1
12:2 Bíonn Eafráim ag aoireacht na gaoithe, agus ag rith gan stad ar thóir an ghála anoir. Is ag dul i méad atá a chaimiléireacht agus a bhaois: déantar conradh leis an Asaír, agus beirtear cáin ola don Éigipt.
2
Tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh Iosrael. Cúiteoidh sé a dhrochbhéasa le Iacób, agus agróidh sé air a ainghníomhartha. 3
3
4 Sa bhroinn féin bhuail sé bob ar a dheartháir, agus in inmhe fir dó chuaigh sé i ngleic le Dia.
4
5 (Chuaigh sé ag coraíocht le haingeal agus bhuaigh sé air.) Ghoil sé agus d' agair sé trócaire air. Thaibhsigh an Tiarna dó i mBéit Éil agus labhair sé leis ansin.
5
6 (Is é an Tiarna, sea an Tiarna, Dia na Slua, a ainm!)
6
7 Le cuidiú do Dhé, beidh tú in ann filleadh leat abhaile; ach caomhnaigh an buanghrá agus an ceart, agus bíodh muinín agat as do Dhia de shíor.
7
8 Bíonn meá mhealltach ina láimh aici, ag an gCanán; is breá léi éagóir a dhéanamh.
8
9 «Ach ina dhiaidh sin féin,» arsa Eafráim, «d' éirigh mé saibhir agus tá stór cruinnithe agam, agus d' ainneoin mo mhaoine uile ní bhfuarthas aon urchóid ionam, a bhféadfaí coir a thabhairt air.»
9
10 Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte, ach tabharfaidh mé ort cónaí arís i mbothanna faoi mar a rinne tú nuair a theagmhaíomar le chéile tráth.
10
11 Labhróidh mé leis na fáithe, agus tabharfaidh mé a lán físeanna dóibh; trí bhíthin na bhfáithe labhróidh mé parabail.
11
12 Gileád! is í an urchóid í! níl iontu ach calaois! I nGilgeál ofrálann siad íobairtí do thairbh! Dá bhrí sin beidh a n-altóirí cosúil le cairn chloch i gclaiseanna na ngort.
12
13 Theith Iacób go dtí críocha Arám; bhí Iosrael ina sheirbhíseach ann ar son mná amháin, agus ar son mná eile bhí sé ina aoire caorach.
13
14 Ach le cuidiú fáidh thug an Tiarna Iosrael aníos ón Éigipt, agus ba le cuidiú fáidh a caomhnaíodh é.
14
15 Chuir Eafráim le fearg ghéar ghoirt é áfach. Dá dheasca sin ligfidh a Thiarna dá fheallbhearta fola filleadh air, agus tabharfaidh sé tomhas a láimhe féin dó in éiric na maslaí a thug sé dó.
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 13 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14