bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Hosea 9
Hosea 9
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 10 →
1
Ná déan gairdeachas, a Iosrael, le teann lúcháire ar nós na náisiún! Óir chuaigh tú le striapachas ó do Dhia, agus ar gach urlár buailte arbhair is i dtuarastal striapachais a bhí do dhúil.
2
Ach ní chothóidh urlár buailte ná cantaoir iad feasta, agus rachaidh dá n-úrfhíon.
3
Ní bheidh cónaí orthu níos mó i dtír an Tiarna, mar rachaidh Eafráim ar ais chun na hÉigipte agus íosfaidh siad bia neamhghlan san Asaír.
4
Go brách arís ní dhoirtfidh siad fíon le hurraim don Tiarna, ná ní ofrálfaidh siad íobairtí dó. Ní bheidh acu ach mar a bheadh arán dobróin, agus an uile dhuine a íosfaidh é beidh sé neamhghlan. (Óir ní bheidh ach a gcothú féin amháin ina gcuid aráin; blúire de ní ofrálfar i dteach an Tiarna.)
5
Cad a dhéanfaidh sibh ar lá an tsollúntais, ar lá fhéile an Tiarna?
6
Mar, féach, teithfidh siad leo ón léirscrios; cruinneoidh an Éigipt iad, agus tabharfaidh Meimfís adhlacadh dóibh. Beidh neantóga ina n-oidhrí ar a n-earraí luachmhara airgid, agus glacfaidh sceacha seilbh ar a scrínte.
7
Tá laethanta an smachtaithe ag teacht, seo chugainn laethanta an chúitimh. Go raibh a fhios sin ag Iosrael! «Amadán is ea an fáidh», a deir siad, «is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.» Cinnte, ach is de dheasca bhur n-urchóide, agus bhur bhfuatha dom é.
8
Tá faireoir Eafráim i bhfochair mo Dhé is é an fáidh é. Tá líonta foghlaera leata ar a loirg uile, agus i dteach a Dhé déantar géarleanúint air.
9
Tá poll domhain tochailte acu dó, faoi mar a rinneadh i nGibeá lá dá raibh. Ach coinneoidh an Tiarna cuimhne ar a n-urchóid, agus cúiteoidh sé leo a bpeacaí.
10
Peaca ag Bál Peór
11
Tá acmhainn Eafráim ag eitilt uaithi mar éan, agus beidh sí gan bhreith, gan bhroinn, gan ghin.
12
Go fiú má éiríonn leo a gclann a thógáil, bainfidh mise díobh iad roimh dóibh teacht in inmhe fir. Mairg dóibh go deimhin má thréigimse iad!
13
Mar a fheictear domsa é, Tuír eile is ea Eafráim atá curtha in áit ghlas fhéarmhar ach beidh uirthi a clann a ligean uaithi le marfóir.
14
Tabhair dóibh, a Thiarna, cibé rud is mian leat; tabhair dóibh broinnte a bhéarfaidh go hanabaí agus cíocha seasca.
15
Nochtar a n-olcas uile i nGilgeál. Go deimhin, is ann a líon mé dá bhfuath. De dheasca a ndrochghníomhartha díbreoidh mé as mo theach iad, agus ní bheidh grá agam dóibh níos mó. Ceannaircigh is ea a bhflatha uile.
16
Tá Eafráim sleabhctha agus a bhfréamh seargtha; ní thabharfaidh siad toradh uathu go deo arís. Fiú má éiríonn leo clann a bhreith, maróidh mise toradh muirneach a mbroinne.
17
Caithfidh mo Dhia uaidh iad, toisc gur dhiúltaigh siad éisteacht leis, agus imeoidh siad ar fán i measc na náisiún.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14