bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Hosea 5
Hosea 5
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 6 →
1
Tugaigí aird air seo, a shagarta! Éistigí, a theaghlaigh Iosrael! A theaghlaigh an rí, cuirigí cluas oraibh! Óir is é bhur gcúramsa an ceart a chosaint. Ach dol ba ea sibh i Miozpá, agus líon leata ar Thábór,
2
agus tá poll domhain tochailte acu i Sitím. Is mise áfach an té a smachtóidh iad go léir.
3
Is aithnid dom Eafráim, níl Iosrael folaithe uaim; ach faoi láthair tá Eafráim ina striapach, agus Iosrael truaillithe.
4
Ní ligeann a ngníomhartha dóibh filleadh ar a nDia, óir tá dúil a gcroí acu sa striapachas, agus ní aithnid dóibh an Tiarna.
5
Beidh díomas Iosrael mar fhinné ina coinne; bainfidh a cuid urchóide barrthuisle as Eafráim agus tuisleoidh Iúdá mar aon leo.
6
Lena dtréada caorach agus bó rachaidh siad ar thóir an Tiarna, ach ní bhfaighidh siad é; is amhlaidh atá sé imithe uathu.
7
Mar tá siad tar éis feall a dhéanamh ar an Tiarna agus clann bhastard a bhreith. Bíodh acu! Tá [creachadóir] ar tí iad féin agus a gcuid talún a scriosadh.
8
Séidigí an stoc i nGibeá, an buabhall i Rámá! Tógaigí gártha rabhaidh i mBéit Ávan. Músclaígí Biniáimin!
9
Beidh Eafráim ina fásach lá an smachtaithe. I measc treibheanna Iosrael fógraím fírinne a bhfuilim cinnte dearfa di.
10
Lucht aistrithe teorainneacha is ea flatha Iúdá; ligfidh mé mo racht amach orthu mar dhíle báistí.
11
Déantar éagóir ar Eafráim, satlaítear ar an gceart, óir níor mhiste leis dul ar thóir na graostachta.
12
Is angadh mise d' Eafráim, agus críonlobhadh do theaghlach Iúdá.
13
Nuair a bhraith Eafráim a tinneas agus Iúdá a chneá, d' imigh Eafráim chun na hAsaíre agus chuir Iúdá fios ar an [Ardrí]; ach ní féidir leis-sean sibhse a leigheas ná bhur gcneá a chneasú.
14
Óir amhail leon a bheidh mise d' Eafráim, agus mar liopard do theaghlach Iúdá. Is mise, is ea, mise a stróicfidh sula a n-imeoidh mé; ardóidh mé liom mo chreach agus ní sciobfar uaim í.
15
Fillfidh mé ar ais arís ar mo láthair féin, nó go n-admhóidh siad a gcionta agus go dtiocfaidh siad ar mo lorg. Nuair a bheidh siad i gcruachás, cuardóidh siad mé go dúthrachtach, [á rá:]
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14