bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Hosea 10
Hosea 10
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 11 →
1
Fíniúin bhláfar a thugadh flúirse torthaí uaidh, ba ea Iosrael; Ach dá líonmhaire a thorthaí, b' amhlaidh ba líonmhaire a altóirí; agus dá shaibhre a chuid talún, b' amhlaidh ba mhaisiúla na liagáin a thóg sé.
2
Croí dúbailte atá acu, ach tá siad ar tí a smachtaithe anois. Brisfidh an Tiarna a n-altóirí, agus scriosfaidh sé a liagáin.
3
Go deimhin déarfaidh siad ansin: «Níl aon rí againn (mar ní eagal linn an Tiarna).» Ach cad d' fhéadfadh rí a dhéanamh ar ár son?
4
Focail ar mhuin focal! mionnaí éithigh! conarthaí! agus is cuma riaradh an chirt acu nó an luifearnach nimhe a bhíonn ag borradh i gclaiseanna na ngort!
5
Tá eagla a n-anama ar mhuintir na Samáire mar gheall ar lao Bhéit Ávan. Gan amhras beidh a phobal ag mairgneach faoi, agus a chuid sagart ag rince ina thimpeall, mar go bhfuil a ghlóir imithe uaidh.
6
Tabharfar chun na hAsaíre é féin go cinnte, mar cháin [don Ardrí]. Náireofar Eafráim, bainfear lasadh as Iosrael, de dheasca na drochchomhairle a lean sé.
7
Díothófar an tSamáir agus a rí, agus ní bheidh inti ach mar a bheadh slis ar bharr toinne.
8
Scriosfar na scrínte cnoc urchóideacha, mar a bpeacaíonn Iosrael, agus fásfaidh driseacha agus feochadáin ar a n-altóirí. Déarfaidh siad ansin leis na sléibhte: «Folaigí sinn», agus leis na cnoic: «Titigí orainn.»
9
Ó aimsir Ghibeá amach ní raibh Iosrael saor ó pheaca; níor éirigh siad as riamh! Nach i nGibeá a bhéarfaidh an cogadh orthu mar sin?
10
Tiocfaidh mé i gcoinne na gcladhairí chun iad a smachtú. Cruinneoidh mé na náisiúin ina n-aghaidh chun cimí a dhéanamh díobh in éiric an dá choir a rinne siad.
11
Budóg dhea-riata ba ea Eafráim, ar bhreá léi bheith ag bualadh arbhair; mise a chuir cuing ar a muineál álainn. Is ea, ghléas mé Eafráim chun treafa, agus Iacób chun fuirste.
12
Cuirigí síolta an ionracais daoibh féin; bainigí fómhar an bhuanghrá; brisigí bhur bhfearann branair, óir is mithid daoibh an Tiarna a lorg nó go dtiocfaidh sé chun an fhíréantacht a shileadh oraibh.
13
Ó tá muinín agat as do chumhacht féin agus as oll-líon do laochra, Shaothraigh sibh an t-olc;
14
éireoidh gleo an chogaidh i measc do mhuintire, agus scriosfar do dhúnta uile, mar a scrios Sealman Béit Arabael lá an chatha, nuair a rinneadh smidiríní den mháthair agus dá clann.
15
Tarraingeoidh Béit Éil an íde chéanna oraibhse, in éiric bhur mioscaise gan teorainn. Le lonradh lae léirscriosfar rí Iosrael.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14