bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Hosea 7
Hosea 7
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 8 →
1
Cibé uair is mian liom Iosrael a leigheas, nochtar urchóid Eafráim agus olcas na Samáire. Óir is í an chaimiléireacht a chleachtann siad; bíonn an gadaí ag briseadh isteach sna tithe, agus ropairí ag tabhairt ruaigeanna creiche lasmuigh.
2
Ní mheabhraíonn siad dóibh féin go gcoinním cuimhne ar a n-olcas uile; ach tá a n-ainghníomhartha á gciorclú; ar m' aghaidh féin amach atá siad.
3
Le teann mioscaise déanann siad sult don rí agus as corp camastaíola bíonn siad ag spraoi leis na flatha freisin.
4
Adhaltraigh iad uile, sorn lán tine, nach ngríosaíonn an báicéir a thuilleadh, ó fuintear an taos go dtí go n-ardaíonn sé.
5
Ar bhreithlá ár rí buaileann breoiteacht na flatha le boirbe an fhíona agus craitheann seisean lámh le scigirí.
6
Nuair a bhíonn comhcheilg ar siúl acu, bíonn a gcroí cosúil le sorn; mar bíonn a gcuid feirge ag cnádú léi ar feadh na hoíche go léir, ach ar maidin bladhmann sí amach ina caoiríl thine.
7
Tá siad go léir ar lasadh amhail sorn; tá a rialtóirí á n-ídiú acu agus a ríthe uile ar lár; agus níl duine díobh a ghlaonn ormsa.
8
Tá Eafráim ag déanamh caidrimh leis na náisiúin; is cosúil le císte nár iompaíodh é.
9
Tá na heachtrannaigh ag ídiú a nirt agus ní bhraitheann sé dada! Is ag dul i léithe atá a chuid gruaige agus ní heol dó é!
10
Tá díomas Iosrael ag tabhairt fianaise ina aghaidh; agus ar a shon sin agus uile níl siad ag filleadh ar an Tiarna, a nDia, ná ní lorgann siad é.
11
Colm baoth gan chiall is ea Eafráim; bíonn siad ag glaoch ar an Éigipt, agus is ar an Asaír a bhíonn a dtriall.
12
Ach cibé áit a n-eitleoidh siad, leathfaidh mé orthu mo líon, agus leagfaidh mé iad amhail éanlaith an aeir, agus smachtóidh mé iad de réir líon a n-urchóidí.
13
Mairg dóibh, mar tá siad ar teitheadh uaim! Léirscrios orthu, óir d' éirigh siad amach i m' aghaidh! Níorbh fhearr liom rud ná iad a fhuascailt, ach siúd ag bréagadóireacht iad i m' aghaidh!
14
Ní éann siad ormsa óna gcroí amach, nuair a bhíonn siad ag liúireach ar a leapacha; gearrann siad iad féin ar son arbhair agus úrfhíona, ach bíonn siad easumhal domsa.
15
Neartaigh mise a ngéaga, ach is ag beartú oilc i mo choinne a bhíonn siad.
16
Téann siad i muinín [rud gan mhaith]; is cuma nó bogha scaoilte iad. Bás de rinn a gheobhaidh a bhflatha mar gheall ar shotal a gcuid cainte; agus beidh siad ina gceap magaidh i dtír na hÉigipte dá bharr.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14