bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Song of Solomon 1
Song of Solomon 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 2 →
1
Laoi na laoithe do Sholamh.
2
Pógadh sé mé de phóga a bhéil óir is fearr do ghrá ná fíon.
3
Is maith é cumhracht d' ola, ola dhoirte d' ainm a d' fhág na cailíní i ngean leat.
4
Tarraing i do dhiaidh mé, rithimis. Tabhair isteach mé a rí, i do theach féin. Tú ár n-áthas, tú ár n-aoibhneas. Mórfaimid do ghrá thar fhíon. Is ciallmhar iad an mhuintir a thug grá duit.
5
Más dubh mé, is sciamhach, a mhná Iarúsaileim; mar bhotha céadair, mar bhéalscátha Sholaimh.
6
Ná féachaigí ar dhath mo chraicinn, is amhlaidh a dhóigh an ghrian mé. Mo dheartháireacha, a bhí anuas orm, d' fhág i bhfeighil na bhfíonghort mé, faoi deara faillí m' fhíonghoirt féin.
7
Inis dom, a ghrá mo chroí, Cá gcuireann tú do thréad ar féarach, Cá gcuireann chun luí ó bhrothall an lae iad; i dtreo nach gcaithfinn gabháil ag cuardach trí thréada do chomharsana?
8
Murab eol duit, a bhean thar mhná, lean lorg na gcaorach; cuir do mheannáin ar féarach in aice bhoth na dtréadaithe.
9
Mo chapaill faoi charbad Fhorainn, is mar sin liom tú, a chara.
10
Is breá do ghruanna d' ainneoin fáinní cluas, agus do mhuineál d' ainneoin muincí.
11
Déanfaimid muince óir duit agus cnaipí airgid inti.
12
Nuair atá an rí [ag a bhord], tá mo nard ag tabhairt a chumhrachta.
13
Miorr cumhra liom mo ghrá i sparán ar mo bhrollach.
14
Gas coifir liom mo ghrá as fíonghort Thobar Gheidí.
15
Nach álainn tú, a rún, nach álainn! do shúile is coilm iad.
16
Nach álainn tú, a ghrá; is aoibhinn go deimhin. I lár dhuilliúr ár leapa.
17
Crann céadrais díon ár dtí, adhmad píne ár dtroscán.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8