bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Song of Solomon 2
Song of Solomon 2
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 3 →
1
Lus an chroimchinn beag ar mhá mé, seileastar bocht i ngleann.
2
Seileastar idir driseacha mo rúnsa idir mná.
3
Crann úll thar chrainn na coille mo ghrása thar fir. Faoina scáth suím, mar ba mhian liom; milis le mo bhéal a ulla.
4
Thug sé go teach an fhíona mé; grá a mheirge orm.
5
Neartaigí le cácaí rísín mé; Cuirigí brí ionam le húlla, Mar tá galar an ghrá orm.
6
A lámh chlé faoi mo cheann, a lámh dheas tharm anall.
7
Agraím oraibh, a mhná Iarúsailéim, dar fia agus eilití na má, Ná corraigí, ná músclaígí mo rún go dtograí sí féin.
8
Éist! mo ghrá! Chugainn é thar bharr na gcnoc ag léim na ngleannta.
9
Cosúil mo ghrá le heilit nó le fia óg ag léim. Sin é lasmuigh anois é, ag féachaint isteach an fhuinneog, Ag faire agus ag glinniúint.
10
Éirigh chugam, a rún; a ghile, gluais liom. Seo é mo ghrá ag labhairt liom:
11
Seo anois tá an geimhreadh thart, tá an bháisteach glanta feasta,
12
tá an tír seo againne faoi bhláth, tháinig aimsir scoite na bhfíniúna; tá an fearán ag durdáil amuigh,
13
figí glasa ar an gcrann, cumhracht bláth fíniúna ar an ngaoith. Éirigh chugam, a rún; a ghile, gluais liom.
14
Mo cholm i scailp na haille, i bhfolach i bpluaiseanna, dá bhfeicfinn do ghnúis, dá gcluinfinn do ghuth! óir is binn é do ghuth, is álainn í do ghnúis.
15
Beirigí ar na sionnaigh, na sionnaigh bheaga dúinn, do mhill an fíonghort, ár bhfíonghort faoi bhláth.
16
Liomsa mo ghrá agus leis-sean mise, i measc na mbláthanna chuir sé a thréad,
17
Go séide lá go scaipe scáth, fill? bí cosúil, a ghrá, le heilit, nó le hoisín na bhfia ar Chnoc [Tairngire].
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8