bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Song of Solomon 4
Song of Solomon 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 5 →
1
Nach álainn tú, a rún, nach álainn! do shúile is coilm iad. Laistiar de do chaille folt mar thréad gabhar anuas Cnoc Ghileád.
2
D' fhiacla mar thréad lomtha aníos as an loch nite, cúpla uan ag gach caora agus gan caora díobh seasc.
3
Snáth craorag do bheola, do chomhrá ró-aoibhinn. Leathbhró ghránúill do ghrua laistiar de do chaille.
4
Túr Dháiví do mhuineál, daingean cosanta, míle sciath ar crochadh air, éide chatha na gcuradh.
5
Do dhá chíoch mar dhá oisín, cúpla aon eilite, ag innilt i measc bláthanna.
6
Go séide lá, go scaipe scáth rachaidh mé go cnoc an mhirr, go tulach na túise.
7
Álainn tú ar fad, a rún; atá tú gan cháim.
8
Tar as an Liobáin, a bhrídeach, tar as an Liobáin isteach. Féach anuas ó mhullach Amáná, ó mhullach Sheinír agus Hearmón, ó fhásach na leon, ó shliabh na liopard.
9
Shaobh tú mo chiall, a shiúr, a bhrídeach, shaobh tú mo chiall, le silleadh ó shúil leat, le haon seoid de do chuibhreach brád.
10
Nach aoibhinn do ghrá, a shiúr, a bhrídeach, nach blasta do ghrá ná fíon, nach cumhra iad do chumhrachtaí ná spíosraí an domhain!
11
Béilín meala, a bhrídeach, mar an criathar ag sileadh; mil agus bainne faoi do theanga go cinnte; boladh cumhra ar d' éadach mar chumhracht na Liobáine.
12
Gort i lios tú, a shiúr, a bhrídeach, gort i ráth, tobar i gcomhad.
13
Gránúlla go tiubh ann agus togha gach toraidh ó shruthanna an tobair.
14
Spiocnard agus cróch ann, giolcach chumhra agus cainéal, gach crann i bhfuil roisín, miorr agus fóifíneach, agus togha gach cumhrachta.
15
Tobar i ngort aníos as an talamh, nó sruth as an Liobáin.
16
Éirigh a ghaoth aduaidh, gluais, a ghaoth aneas, séidigí trí mo ghairdín go leatha a chumhrachtaí. Tagadh mo ghrá isteach ina ghort, blaiseadh sé togha gach toraidh ann.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8