bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Song of Solomon 7
Song of Solomon 7
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 8 →
1
2 Nach breá iad do chosa i mbróig, a iníon rí; lorgaí mar chlocha muince dea-dhéanta ó láimh an tsaoir!
2
3 D' imleacán mar chuach fíona, ní folamh é choíche. Brú mar charn cruithneachta, fál bláthanna air.
3
4 Do dhá chích mar dhá oisín, cúpla aon eilite.
4
5 Do mhuineál mar thúr eabhair, do shúile mar locháin Heisbeon faoi gheata Bhat Rabaím. Do shrón mar thúr sa Liobáin ag faire i dtreo na Damaisce.
5
6 Do cheann mar Chnoc Chairmeil, folt ar dhath an chorcra; cheangail tú rí lena thriopaill.
6
7 Is álainn tú, is aoibhinn, a shearc, a mhilse.
7
8 Ard maorga mar chrann pailme tú, do chíocha mar chrobhaing.
8
9 «Suas an phailm liom,» arsa mise; «béarfaidh mé greim ar a géaga.» Go raibh do chíocha mar chrobhaing fíniúna, boladh úll ar d' anáil.
9
10 Togha fíona do phóga ag dul go blasta síos an scornach trí bheola agus fiacla.
10
Le mo ghrá-sa mise, agus mise a mhiansan. 11
11
12 Tar liom, a ghrá, amach ar na bánta. Codlóimid i measc bláthanna coifir.
12
13 Moch maidine don fhíonghort, d' fhios ar eascair an fhíniúin, ar oscail a bláthanna, ar bhorr an gránúll. Is ann a thabharfad grá duit.
13
14 Geanúll ag tabhairt a bholadh, togha agus rogha chun ár láimhe. Sean agus nua a thaisc mé duitse, a ghrá.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8