bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Song of Solomon 3
Song of Solomon 3
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 4 →
1
Ar mo leaba dom i gcoim oíche a loirg mé grá m' anma, a loirg mé agus ní bhfuair.
2
Éireoidh mé, cuardóidh mé, tríd an mbaile, trí na sráideanna, lorgfaidh mé grá mo chroí. Má loirg, ní bhfuair.
3
Theagmhaigh liom na gardaí ar a gcuairteanna tríd an mbaile: «An bhfaca sibh grá mo chroí?»
4
Ní fada a ghabh mé tharstu gur theagmhaigh grá mo chroí liom. Rugas greim air nach scaoilfidh mé go dtabharfaidh mé isteach é i dteach mo mháthar i seomra mo bhuime.
5
Agraím oraibh, a iníona Iarúsailéim, dar fia agus eilití na má, ná corraigí, ná músclaígí mo rún, go dtograí sí féin.
6
Cad é seo aníos ón bhfásach, mar a bheadh crann deataigh as miorr agus túis agus uilechumhracht na siopaí?
7
Sin é coiste Sholaimh, trí fichid laoch thart air, ó shárlaochra Iosrael;
8
fear claímh gach laoch díobh ó thaithí an chogaidh; a chlaíomh ar a shliasaid i gcoinne bhaol na hoíche.
9
Do rinne Solamh rí suí breithimh dó féin d' adhmad na Liobáine.
10
Cosa airgid faoi, scáth óir os a chionn, adhairt chorcra ann, éabann dá fholach.
11
Tagaigí go bhfeice sibh, a iníona Iarúsailéim, Solamh rí gona mhionn rí a chuir a mháthair air lá a phósta, lá áthais a chroí.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8