bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Song of Solomon 5
Song of Solomon 5
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 6 →
1
Seo isteach i mo ghort mé, a shiúr liom, a bhrídeach, ag bailiú mo mhirr agus mo bhalsaim, ag ithe mo mheala agus mo chriathair, ag ól m' fhíona agus mo bhainne; ithigí, a chairde, ólaigí, déanaigí meidhir, a chairde cumainn.
2
I mo chodladh dom, tá mo chroí ina dhuiseacht; cluinim mo ghrá ag an doras: «Oscail dom, a shiúr, a rún, mo cholúr gan éalang, óir is báite mo cheann i ndrúcht, is fliuch m' fholt ón oíche.»
3
Ach, táim tar éis baint díom; an gá dom cur orm arís? Tá mo chosa nite agam; an gcaithim a sailiú arís?»
4
Shín mo ghrá a lámh isteach i bpoll na heochrach; chorraigh mo chroí i mo chléibh.
5
D' éiríos féin go n-osclóinn do mo ghrá. Bhain miorr fliuch le mo láimh, fíormhiorr le mo mhéar, ó bhacán an ghlais.
6
D' osclaíos do mo ghrá bhí mo ghrá imithe; bhain sin an t-anam asam. Loirg mé é agus ní bhfuair, ghlaoigh níor fhreagair sé.
7
Theagmhaigh liom na gardaí ar a gcuairteanna tríd an mbaile. Bhuail siad mé, agus ghoin, srac siad díom mo bhrat, lucht faire an bhaile.
8
Achainím oraibh, a iníona Iarúsailéim, má fhaigheann sibh mo ghrá cad a inseoidh sibh dó uaimse? Go bhfuil galar an ghrá orm.
9
Cad iad buanna do ghrá-sa, a phlúr na mban. Cad iad buanna do ghrá-sa go n-iarrann tú an achainí sin orainn?
10
Dearg agus bán do mo ghrá; d' aithneófá i measc mílte é.
11
A cheann mar ór leáite, a dhlaoithe mar an phailm, chomh dubh leis an bhfiach.
12
A shúile mar an colm ar bhéal coire uisce á ní féin as bainne i [gCoire na Mara].
13
A ghiall mar spíosraí, ceapach luibheanna cumhra. A bheola mar bhláthanna, ag sileadh mirr chumhra.
14
Buinní óir ar a lámha go n-iliomad flannchloch. A chabhail mar an t-éabann bán, agus í breac le saifírí.
15
Galláin mharmair a chosa ar fhothaí óir ag seasamh. Cosúil é leis an Liobáin, togha na gcrann céadrais.
16
Is é an binneas a fhriotal, is mealltacht é uile. Sin é mo ghrá, sin é mo shearc, a iníona Iarúsailéim.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8