bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Song of Solomon 6
Song of Solomon 6
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 7 →
1
Cá ndeachaigh do ghrá uait, a phlúr na mban, cén treo a d' iompaigh do ghrá, agus lorgfaimid leat é?
2
Síos ina ghort a chuaigh mo ghrá, go ceapacha na spíosraí, lena thréad a chur ar féarach agus blátha a chruinniú.
3
Le mo ghrása mise, agus liomsa mo ghrá; i measc na mbláthanna chuir sé a thréad.
4
Álainn tú, a rún, mar Thirzeá, breá mar Iarúsailéim, chomh huafar le cathshlua.
5
Iompaigh uaim do shúile, nó sáróidh tú mé leo. Folt mar thréad gabhar anuas Cnoc Ghileád.
6
D' fhiacla mar thréad caorach aníos as an loch nite, cúpla uan ag gach caora, gan caora díobh seasc.
7
Leathbhro ghránúill do ghrua laistiar de do chaille.
8
Trí fichid banríon, ceithre fichid leannán, cailíní gan áireamh
9
Ach is túisce liomsa ise, mo cholm gan cháim; is í is túisce lena máthair, is í rogha a buime í. Ní fhaca cailín í nár thug an chraobh di, banríon nó leannán nár mhol í:
10
«Cé hí seo chugainn mar fháinne an lae, gealach ar áille, grian ar loinnir, chomh huafar le cathshlua?»
11
Chuas síos i ngort na gcnónna, go bhfeicfinn fás an ghleanna go bhfeicfinn an raibh an fhíniúin ag eascairt, nó an gránúll ag borradh.
12
Sular thuig mé seo mé, de mhian mo chroí, [i gcarbad le taobh] mo phrionsa.
13
Fill, fill, a Shiúlamach, fill, fill, go bhfeicfimid thú. Eisean 7:1
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8