bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Song of Solomon 8
Song of Solomon 8
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
1
Cé a thabharfadh go mba deartháir liom thú a dhiúil cíocha mo mháthar, go bpógfainn thú mar a mbuailfinn leat gan náire na ndaoine.
2
Sheolfainn liom isteach thú i dteach mo mháthar a mhúin mé; thabharfainn duit fíon cumhra, sú mo ghránúll.
3
A lámh chlé faoi mo cheann, A lámh dheas tharm anall.
4
Agraím oraibh a mhná Iarúsailéim gan mo rún a chorraí ná a mhúscailt go dtograí sí féin.
5
Cé hí seo aníos ón bhfásach ar ghualainn a grá? Eisean
6
Cuir mar shéala ar do bhrollach mé, mar fháinne ar do láimh. Óir ní láidre an bás ná an grá, ní doichte an tÉad na Tír an Bháis. Is tine dhóite é, sárlasair.
7
Díle uisce ní mhúchfadh an grá, ná tuile abhann ní scuabfadh chun siúil é. An té thairgfeadh a chuid den saol ar ghrá, tarcaisne a gheobhadh sé.
8
Tá deirfiúr againn atá beag, í fós gan chíocha. Cad a dhéanfaimid lenár ndeirfiúr an lá a mbeidh sí á hiarraidh?
9
Más balla í tógfaimid túr airgid ar a mullach. Más geata í, daingneoimid le clár céadrais í.
10
Is balla mé agus mo chíocha mar thúir air, Ach leis an bhfear siúd tá mo shíocháin déanta.
11
Bhí fíonghort ag Solamh i bpobal líonmhar. Chuir sé an fíonghort ar cíos, míle bonn ón duine ar a thoradh.
12
Sin é an fíonghort domsa: seo dhuit do mhíle bonn, a Sholaimh, agus dhá chéad thairis dá lucht coimeádta.
13
Tusa sa ghort tá na cairde ag éisteacht cluinim do ghuth.
14
Rith chugam, a ghrá mar eilit, nó mar oisín na bhfia, ar chnoic chumhra.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8