bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Zechariah 10
Zechariah 10
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 11 →
1
Iarraigí fearthainn ar an Tiarna i séasúr fhearthainn an earraigh; óir, is é an Tiarna a dhéanann na néalta doininne. Tabharfaidh sé ceathanna báistí daoibh agus cuirfidh sé féar ag fás i bpáirc an uile dhuine.
2
Óir, rinne na híola tí tairngreachtaí éithigh, agus chonaic an lucht fáistine físeanna falsa; bíonn na taibhrimh ag réamhfhógairt na baoise agus ag tabhairt sóláis bhréige. Dá dheasca sin uile, táthar imithe chun fáin mar thréad caorach agus iad á gcrá cheal aoire.
3
Tá mo chuid feirge ar lasadh in aghaidh na n-aoirí agus cuirfidh mé pionós ar na treoraithe. Ach tabharfaidh Tiarna na Slua cuairt ar a thréad, ar theaghlach Iúdá, agus déanfaidh sé capall maorga cogaidh de.
4
Is uaidh a thiocfaidh an chloch chúinne agus an pionna botha, an bogha cogaidh agus gach ceannasaí.
5
I dteannta a chéile beidh siad mar laochra a shatlaíonn ar lathach na sráideanna sa chath. Fearfaidh siad cogadh, mar tá an Tiarna leo, agus an dream a bhíonn ag marcaíocht ar chapaill, cuirfear raon maidhme orthu.
6
Neartóidh mé teaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé teaghlach Iósaef. Seolfaidh mé ar ais arís iad, mar táim tar éis trua a ghlacadh dóibh, agus beidh siad amhail is nár shéan mé riamh iad; óir, is mise an Tiarna, a nDia, agus éistfidh mé lena nguí.
7
Beidh muintir Eafráim ina ngaiscígh, agus cuirfear áthas ar a gcroí faoi mar a bheidís ag ól fíona. Feicfidh a gclann mhac é seo agus beidh lúcháir orthu mar gheall air agus déanfáidh a gcroíthe gairdeas sa Tiarna.
8
Ligfidh mé fead orthu agus cruinneoidh mé iad le chéile; óir, táim tar éis iad a fhuascailt. Agus beidh siad chomh líonmhar agus a bhí siad riamh.
9
Cuirfidh mé mar shíol iad i measc na náisiún; ach cuimhneoidh siad orm i dtíortha atá i bhfad i gcéin. Tógfaidh siad a gclann iontu agus fillfidh siadsan ar ais.
10
Tabharfaidh mé abhaile ón Éigipt iad agus cruinneoidh mé iad ón Asaír. Seolfaidh mé isteach i nGileád agus sa Liobáin iad, agus fiú amháin ansin ní bhfaighfear slí go leor dóibh.
11
Gabhfaidh siad trí mhuir na hÉigipte agus buailfidh an Tiarna tonnta na farraige dóibh agus rachaidh an Níl ar fad i ndísc. Buailfear an t-uabhar as an Asaír agus tógfar an ríshlat ón Éigipt.
12
Neartóidh mé sa Tiarna iad agus gluaisfidh siad ar aghaidh ina ainm, a deir an Tiarna.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14