bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Zechariah 3
Zechariah 3
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 4 →
1
Ansin thaispeain sé dom an t-ardsagart Iósua agus é ina sheasamh os comhair aingeal an Tiarna. Bhí an tÁibhirseoir ina sheasamh ar a láimh dheas chun é a chúiseamh.
2
Dúirt aingeal an Tiarna leis an Áibhirseoir: «Go dtuga an Tiarna achasán duit, a Áibhirseoir! Go dtuga an Tiarna, a rinne rogha de Iarúsailéim, achasán duit! Nach aibhleog a sciobadh ón tine an fear seo?»
3
Is amhlaidh a bhí Iósua gléasta in éadaí salacha agus é ina sheasamh os comhair an aingil.
4
Thug an t-aingeal an t-ordú seo a leanas dá lucht freastail: «Bainigí na héadaí salacha de.» Dúirt sé le Iósua ansin: «Féach, conas mar atá mé tar éis do chuid urchóide a thógáil díot agus gléasfaidh mé thú in éadaí taibhseacha.»
5
«Cuirigí ceannbheart glan ar a cheann,» ar seisean ansin. Chuir siad an ceannbheart glan ar a cheann agus ghléas siad é sna héadaí. Lena linn sin bhí aingeal an Tiarna ina sheasamh in aice láimhe.
6
Thug aingeal an Tiarna an dearbhú seo a leanas do Iósua ansin:
7
«Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: 'Má shiúlann tú de réir mo bhealaí, agus m' aitheanta a choimeád, is tusa a riarfaidh mo Theampall agus a chosnóidh mo chúirteanna, agus tabharfaidh mé cead duit caidreamh a dhéanamh leo siúd atá ina seasamh anseo.
8
Éist, mar sin, a Iósua, a ardsagairt tú féin agus do chompánaigh atá ina suí os do chomhair óir, is fir dhea-thuair sibh. Is amhlaidh atáimse chun tabhairt ar mo sheirbhíseach, an Beangán, teacht.
9
Seo í an chloch atáimse a chur ar Iósua; tá seacht ngrua ar an aon chloch amháin seo agus greanfaidh mé féin an inscríbhinn uirthi, a deir Tiarna na Slua, agus glanfaidh mé urchóid na tíre seo di in aon lá amháin.
10
An lá sin, a deir Tiarna na Slua, tabharfaidh gach duine agaibh cuireadh dá chomharsa teacht agus suí síos faoina fhíniúin agus faoina chrann fígí féin.'»
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14