bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Zechariah 8
Zechariah 8
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 9 →
1
Labhraíodh briathar Thiarna na Slua liom mar a leanas:
2
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Tá teasghrá éadmhar agam do Shíón, a mhúsclaíonn tocht díograise ionam di.»
3
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Fillfidh mé ar Shíón agus déanfaidh mé cónaí i lár Iarúsailéim. Glaofar an Chathair Dhílis ar Iarúsailéim, Sliabh Thiarna na Slua, an Sliabh Naofa.»
4
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Beidh seanfhir agus seanmhná ina suí arís i gcearnóga Iarúsailéim; beidh bata ag gach duine díobh ina láimh de dheasca a sheanaoise.
5
Agus beidh cearnóga na cathrach lán de bhuachaillí agus de chailíní agus iad ag súgradh iontu.»
6
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Más geall le míorúilt é seo le hiarmhar an phobail seo sna laethanta sin, an gá gurb ionadh liomsa é?» a deir Tiarna na Slua.
7
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Sábhálfaidh mé mo phobal ón domhan thoir agus ón domhan thiar.
8
Tabharfaidh mé ar ais iad chun cónaí a dhéanamh in Iarúsailéim. Beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan go dílis agus go cóir.»
9
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Músclaígí bhur misneach, sibhse atá ag éisteacht sna laethanta seo leis na briathra seo ó bhéal na bhfáithe atá ag déanamh tairngreachta, ón lá ar leagadh bunsraith theach Thiarna na Slua, ionas go n-atógfaí an Teampall.
10
Óir, roimh na laethanta seo ní raibh luach saothair le fáil ag fear nó ag ainmhí, agus, mar gheall ar a chuid naimhde, ní raibh sábháilteacht ar bith ann do dhuine agus é ag dul i mbun a ghnó; mar bhí mé tar éis an uile dhuine a chur in aghaidh a chomharsan.
11
Ach anois ní chaithfidh mé le hiarmhar an phobail seo faoi mar a chaith mé leo tráth,» a deir Tiarna na Slua.
12
«Beidh rath agus bláth ar a síol; tabharfaidh an fhíniúin a caora agus an talamh a thorthaí; fearfaidh na spéartha a ndrúcht, agus cuirfidh mé iarmhar an phobail seo i seilbh na maitheasaí seo go léir.
13
Faoi mar ba mhallacht sibh tráth i measc na náisiún, a theaghlaigh Iúdá agus a theaghlaigh Iosrael, sin mar a shábhálfaidh mé sibh nó go mbeidh sibh in bhur n-ábhar beannachtaí dóibh; ná bíodh aon eagla oraibh mar sin ach músclaígí bhur misneach.»
14
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Faoi mar a bheartaigh mé dochar a dhéanamh daoibh nuair a chuir bhur n-aithreacha fearg orm,» a deir Tiarna na Slua, «agus nár tháinig aithreachas ar bith orm faoi,
15
sin mar atá sé beartaithe agam athuair rath a chur ar Iarúsailéim agus ar theaghlach Iúdá sna laethanta seo. Ná bíodh eagla oraibh.
16
Is iad seo na haitheanta atá le comhlíonadh agaibh: labhraíodh gach duine an fhírinne lena chomharsa; ag bhur ngeataí tugaigí fíorbhreithiúnais, a bhuanóidh an tsíocháin eadraibh;
17
ná beartaíodh aon duine agaibh olc ina chroí in aghaidh a chomharsan; agus ná bígí tugtha do mhionnaí bréige; óir, is fuath liom na nithe sin go léir,» a deir an Tiarna.
18
Labhraíodh briathar an Tiarna liom mar a leanas:
19
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Beidh troscadh an ceathrú agus an cúigiú agus an seachtú agus an deichiú mí ina n-ábhar áthais agus lúcháire agus ina bhféilte aoibhnis do theaghlach Iúdá. Dá bhrí sin, gráigí an fhírinne agus an tsíocháin.»
20
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Tiocfaidh ciníocha eile fós, áitritheoirí cathracha móra.
21
Agus rachaidh áitritheoirí cathrach amháin go ceann eile, á rá: 'Téimis láithreach chun impí a dhéanamh ar an Tiarna agus chun Tiarna na Slua a lorg. Táimse féin ag dul.'
22
Tiocfaidh mórán ciníocha agus náisiún tréan chun Tiarna na Slua a lorg in Iarúsailéim agus chun impí a dhéanamh ar an Tiarna.»
23
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: «Sna laethanta sin béarfaidh deichniúr fear as gach náisiún a bhfuil a theanga féin aige, greim ar chiumhais róba gach Giúdaigh, á rá: ' Lig dúinn dul in éineacht leat. óir chualamar go bhfuil Dia in bhur dteannta.'»
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14