bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Zechariah 6
Zechariah 6
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 7 →
1
D' ardaigh mé mo shúile arís agus cad a chonaic mé ach ceithre charbad ag nochtadh chugainn amach idir dhá shliabh. Sléibhte cré-umhaí ba ea na sléibhte seo.
2
Bhí capaill rua faoin gcéad charbad, agus capaill dhubha faoin dara ceann,
3
agus capaill bhána faoin tríú ceann, agus capaill bhallacha láidre faoin gceathrú ceann.
4
Cheistigh mé an t-aingeal a bhí ag caint liom, á rá: «Cad iad seo, a dhuine uasail?»
5
Dúirt an t-aingeal liom ansin, do mo fhreagairt: «Tá siad seo ag gabháil amach faoi cheithre hairde na cruinne tar éis dóibh a bheith ag freastal ar Thiarna an domhain uile.
6
Tá carbad na gcapall dubh ag dul go dtí an tuaisceart agus carbad na gcapall bán ag dul go dtí an t-iarthar agus carbad na gcapall ballach ag dul go dtí an deisceart.»
7
Tháinig siad amach go beo bríomhar agus flosc orthu chun dul anonn agus anall ar fud an domhain mhóir. «As go brách libh as seo anonn agus anall ar fud an domhain,» arsa an t-aingeal agus d' imigh siad leo ar chuairt na cruinne.
8
Ghlaoigh sé ormsa ansin agus labhair sé liom mar a leanas: «Féach,» ar seisean, «na cinn atá ag dul i dtreo an tuaiscirt tabharfaidh siad ar spiorad [an Tiarna] tuirling ar an tuaisceart.
9
Labhraíodh briathar an Tiarna liom mar a leanas:
10
«Glac ofrálacha ó na hiarchimí Haldae agus Tóibiá agus Iadáia agus imigh leat an lá céanna go dtí teach Ióisíá, mac Zafainiá is amhlaidh a bhí na daoine seo tar éis teacht ón mBablóin.
11
Tóg airgead agus ór agus déan coróin agus cuir ar cheann an ardsagairt Iósua, mac Iózádác, í
12
agus abair é seo leis: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Seo fear darb ainm ' An Beangán'; eascróidh sé mar a bhfuil sé agus tógfaidh sé Teampall an Tiarna.
13
Is eisean go deimhin a atógfaidh Teampall an Tiarna, agus a chuirfidh air féin na suaitheantais ríoga, agus a shuífidh mar rialtóir ina ríchathaoir. Beidh sagart ar a dheis agus beidh comharaíocht chairdiúil eatarthu.
14
Cuirfear an choróin i dTeampall an Tiarna mar thoirbhirt chuimhneacháin ar Haldae agus ar Thóibiá agus ar Iadáia agus ar Ióisíá, mac Zafainiá.»
15
Tiocfaidh daoine atá i bhfad ar shiúl agus atógfaidh siad Teampall an Tiarna. Agus beidh a fhios agaibh gurbh é Tiarna na Slua a chuir chugaibh mé. Titfidh sé seo amach má éisteann sibh go haireach le guth an Tiarna bhur nDia.»
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14