bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Zechariah 13
Zechariah 13
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 14 →
1
«Ar an lá sin, osclófar tobar do theaghlach Dháiví agus d' áitritheoirí Iarúsailéim chun an peaca agus an bréantas a ghlanadh díobh.
2
«Ar an lá sin, a deir Tiarna na Slua, scriosfaidh mé ainmneacha na n-íol den tír agus ní chuimhneofar orthu a thuilleadh. Mar an gcéanna díbreoidh mé na fáithe agus gach claonadh chun na neamhghlaine as an tír.
3
Agus má dhéanann aon duine tairngreacht ina dhiaidh sin, déarfaidh a athair agus an mháthair a ghabh ina broinn é leis: 'Ní ceart thusa a fhágáil beo mar labhair tú bréaga in ainm an Tiarna.' Agus tollfaidh a athair agus a mháthair féin é nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht.
4
«Ar an lá sin, beidh náire ar gach uile dhuine de na fáithe faoina chuid físeanna nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht; agus ní chaithfidh siad clócaí róin níos mó d' fhonn daoine a mhealladh.
5
Déarfaidh gach duine díobh: 'Ní fáidh ar bith mise ach fear a shaothraíonn an talamh; óir, bhí talamh i mo sheilbh agam ó m' óige.'
6
Agus má fhiafraítear de: 'Céard iad na créachtaí seo atá ar do chorp?' freagróidh sé: 'Is amhlaidh a fuair mé i dteach mo chairde iad.'»
7
«Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m' aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,» a deir Tiarna na Slua. «Buail an t-aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n-uan beag.
8
Agus tarlóidh sé ar fud na tíre go léir,» a deir Tiarna na Slua, «go gciorrófar agus go ndísceofar dhá thrian den phobal, ach go bhfágfar aon trian amhain díobh ann.
9
Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m' ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: 'Is iad seo mo phobal'; agus déarfaidh siadsan: 'Is é an Tiarna ar nDia.'»
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14