bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Zechariah 2
Zechariah 2
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 3 →
1
D' ardaigh mé mo shúile agus chonaic mé fís eile. Is amhlaidh a bhí fear a raibh dorú tomhais ina láimh aige le feiceáil agam. 5
2
6 «Cá bhfuil tú ag dul?» arsa mise leis. «Chun Iarúsailéim a thomhas,» ar seisean liom, «féachaint cad é a leithead agus a fad.»
3
7 Ansin d' fhan an t-aingeal a bhí ag caint liom ina sheasamh agus tháinig aingeal eile chuige
4
8 agus dúirt sé leis: «Rith leat agus abair leis an ógánach sin go gcaithfear Iarúsailéim a fhágáil gan bhallaí mar gheall ar oll-líon na ndaoine agus na mbeithíoch a bheidh inti.
5
9 ' Óir beidh mise thart timpeall uirthi mar bhalla tine,' a deir an Tiarna, ' agus beidh mé mar ghlóir di ina lár.'»
6
Hóigh! Hóigh! Teithigí ón tír thuaidh, a deir an Tiarna, óir táim tar éis sibhse a scaipeadh faoi cheithre aird na cruinne, a deir an Tiarna. 10
7
11 Hóigh!, a Shíón, sábháil thú féin, tusa a chonaíonn sa Bhablóin;
8
12 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua, an té a chuir uaidh mé tar éis dom a ghlóir a fheiceáil, i dtaobh na náisiún a rinne slad oraibh: óir aon duine a bhaineann libhse, baineann sé le himreasc a shúile
9
13 Féach, táim ag bagairt mo dhoirn ina n-aghaidh, agus déanfaidh a gcuid sclábhaithe slad orthu. Beidh a fhios agaibhse ansin gurbh é Tiarna na Slua a chuir uaidh mé.
10
14 Abair amhrán agus déan gairdeas, a iníon Shíón; óir, féach, táimse ag teacht chun cónaí a dhéanamh i do lár, a deir an Tiarna.
11
15 Ceanglófar a lán náisiún leis an Tiarna an lá sin; beidh siad ina bpobal aige, agus cónóidh sé in bhur measc, agus aithneoidh tú gurbh é Tiarna na Slua a chuir chugat mé.
12
16 Ach beidh seilbh ag an Tiarna ar Iúdá, mar a chomhroinn féin sa talamh naofa, agus déanfaidh sé rogha de Iarúsailéim athuair.
13
17 Bíodh gach duine ina thost i láthair an Tiarna; óir, tá sé ag éirí chun teacht amach as a áitreabh naofa.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14