bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Zechariah 5
Zechariah 5
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 6 →
1
D' ardaigh mé mo shúile arís agus cad a chonaic mé ach scrolla ag eitilt.
2
«Cad é a fheiceann tú?» ar seisean liom. «Feicim scrolla ar eitilt,» arsa mise, «tá sé fiche banlámh ar fad agus deich mbanlámh ar leithead.»
3
Dúirt sé liom ansin: «Is é seo an mhallacht atá ag gabháil amach thar aghaidh na tíre. Óir, de réir taobh amháin de, díbreofar gach duine a dhéanann goid; agus de réir an taoibh eile de, díbreofar as an áit seo gach duine a thugann mionn éithigh dar m' ainmse.
4
Scaoilfidh mé an mhallacht seo uaim amach, a deir Tiarna na Slua, agus rachaidh sí isteach i dteach an ghadaí agus i dteach an duine a thugann mionn éithigh dar m' ainmse. Fanfaidh sí i lár a thí agus scriosfaidh sí é idir adhmad agus chlocha.»
5
Thaispeáin an t-aingeal a bhí ag caint liom é féin dom ansin agus dúirt: «Ardaigh do shúile agus féach ar an rud seo atá ag nochtadh chugainn amach.»
6
«Cad é seo?» arsa mise. «Bairille is ea an rud seo atá ag nochtadh chugainn,» ar seisean. Ansin dúirt sé: «Is é seo [an t-olc] atá siad a dhéanamh ar fud na tíre uile.»
7
Ardaíodh an clúdach luaidhe den bhairille ansin agus bhí bean ina suí istigh ann.
8
«Is í seo an Urchóid,» ar seisean agus sháigh sé síos sa bhairille í agus theann sé an clúdach luaidhe ar a bhéal.
9
D' ardaigh mé mo shúile ansin agus cad a chonaic mé ach beirt bhan ag nochtadh chugainn agus an ghaoth ag séideadh faoina sciatháin óir, is amhlaidh a bhí sciatháin acu cosúil le sciatháin na coirre báine. Thóg siad an bairille suas idir an talamh agus an spéir.
10
«Cá bhfuil an bairille á thabhairt acu?» arsa mise leis an aingeal a bhí ag caint liom.
11
«Go dtí tír na Sionáire,» ar seisean liom, «chun teampall a thógáil dó ann. Nuair a bheidh sé ullamh dó, cuirfear síos ar a bhonn féin é.»
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14