bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Zechariah 11
Zechariah 11
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 12 →
1
Oscail do gheataí, a Liobáin, chun go loiscfidh an tine do chéadrais.
2
Déan olagón, a chufróg; óir, tá an céadras tar éis titim, agus tá na mórchumhachtaí basctha. Déan olagón, a dharacha Bháiseán; óir, tá an fhoraois dhíbhealaigh leagtha ar lár.
3
Éist le holagón na n-aoirí; óir, tá a dtalamh méith féaraigh millte. Éist le búiríl na leon óg; óir tá mothair dhlútha na hIordáine scriosta.
4
Mar seo a labhair an Tiarna, mo Dhia: «Beathaigh an tréad atá le marú.»
5
Óir, maraíonn a gceannaitheoirí iad agus ní aithníonn siad go bhfuil siad ciontach; agus deir a ndíoltóirí: «Céad moladh leis an Tiarna, mar táimse tar éis éirí saibhir.» Is amhlaidh nach bhfuil aon trua ag a n-aoirí dóibh.
6
Óir, ní bheidh trua agam d' áitritheoirí na tíre níos mó, a deir an Tiarna. Cuirfidh mé gach uile dhuine acu faoi smacht a aoire, faoi smacht a rí; creachfaidh siad an tír agus ní fhuasclóidh mé óna smacht iad.
7
Mar sin de, rinneadh aoire díom ar an tréad a bhí le marú ag na trádálaithe caorach. Ansin thóg mé dhá bhachall; «Cineáltas» a thug mé mar ainm ar cheann acu agus «Aontacht» ar an gceann eile agus thosaigh mé ar an tréad a bheathú.
8
In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith.
9
«Ní bheathóidh mé sibh níos mó,» arsa mise. «Cibé agaibh atá le bás a fháil, faighidís bás; díothaítear a bhfuil le díothú agus itheadh an fuílleach feoil a chéile.»
10
Thóg mé mo bhachall «Cineáltas» agus bhris mé ina dhá leath í chun an conradh a bhí déanta ag an Tiarna leis na náisiúin go léir a chur ar ceal.
11
Agus cuireadh ar ceal an lá sin é agus thuig na trádálaithe caorach a bhí ag féachaint orm gurbh é sin briathar an Tiarna.
12
Dúirt mé leo ansin: «Más maith libh é, tugaigí mo thuarastal dom; ach mura maith, ná bacaigí leis mar scéal.» Agus chomhair siad mo thuarastal amach dom, tríocha píosa d' airgead geal.
13
«Caith isteach i gciste an Teampaill é,» arsa an Tiarna liom, «an luach móruasal seo, mar dhea, a chuir siad orm.» Ansin thóg mé an tríocha píosa d' airgead geal agus chaith mé isteach sa chiste iad atá i dteach an Tiarna.
14
Ina dhiaidh sin bhris mé an dara bachall, «Aontacht», ina dhá leath chun an bráithreachas a bhí idir Iúdá agus Iosrael a bhriseadh.
15
Dúirt an Tiarna liom ansin: «Faigh trealamh aoire gan chiall duit féin athuair.
16
Mar is amhlaidh atáim chun aoire a cheapadh sa tír; ní bheidh sé buartha faoina mbeidh i mbaol a gcaillte; ní chuardóidh sé a mbeidh ag dul ar seachrán; ní leigheasfaidh sé a mbeidh gonta agus ní chothóidh sé a mbeidh slán folláin go fóill. Ach íosfaidh sé feoil na mbeithíoch biata agus bainfidh sé spólaí díobh.
17
Mairg don aoire gan éifeacht, a thréigeann a thréad! Go mbuaile an claíomh a ghéag agus a shúil dheas chomh maith. Go searga a ghéag ar fad agus go mbaintear an radharc dá shúil dheas go hiomlán.»
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14