bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Kings 13
1 Kings 13
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 14 →
1
Agus, féuch, tháinic duine le Día amach as Iúdah do réir theagaisg an TIGHEARNA go Bétel: agus Ieroboam na sheasamh ag a naltóir do losgadh túise.
2
Agus do éigh sé a naghaidh na haltóra a mbreithir an TIGHEARNA, agus a dubhairt, O altoir, a altoir, is marsó a deir an TIGHEARNA; Féuch, béarthar leanamh do thigh Dháibhi, da madh ainm Iosiah; agus ofráilfidh sé ortsa sagairt na náiteadh árd noch loisgeas túis ortsa, agus loisgfidhthear cnámha daóine ort.
3
Agus thug sé comhartha úadh án lá sin féin, dhá rádh, Sé so an comhartha do labhair an TIGHEARNA; Féuch, stíallfuighthear an naltóir, agus an luáithreadh atá uirre dóirtfighthear amach í.
4
¶ Agus tárla, a nuáir do chúala an righ Ieroboam glór óglaich Dé, noch do ghair a naghaidh na haltóra a Mbétel, gur chuir sé a lámh amach ó naltóir, dha rádh, Beirigh air. Agus an lámh, do chuir sé amach na aghaidh, do thiormuigh sí súas, iondus nar fhéud sé a tabhairt chuige ar a hais a rís.
5
Do scoilteadh a naltóir mar an gcéadna, agus do dhóirt an luáithreadh amach ó naltoir, do réir an chomhartha thug óglach Dé re breithir an TIGHEARNA.
6
Agus do fhreagair an rígh, agus a dubhairt ré hoglach Dé, Cuir impidhe anois ar aghaidh do THIGHEARNA Dé, agus guidh ar mo shonsa go naisiocthar mo lámh dhamh a rís. Agus do ghuidh óglach Dé an TIGHEARNA, agus do haisígeadh a lámh a rís don rígh, agus do bhí sí mar dó bhí riomhe.
7
¶ Agus a dubhairt an rígh ré hóglach an TIGHEARNA, Tárr liomsa dom thigh, agus léig do scíth, agus do bhéara mé tíodhlacadh dhuit.
8
Agus a dubhairt óglach Dé ris an rígh, Má bheir tú dhamhsa leath do thighe, ní racha mé a steach leachd, ní mó íosas mé arán nó ibhios mé uisge san náitse:
9
Oír is marsin do cuireadh do chúram orum lé breithir an TIGHEARNA, gha rádh, Ná hith arán, agus ná hibh uisge, agus narab mó ghéabhus tú an tslighe chéadna ag fileadh dhuit.
10
Marsin dfill sé a slighe oile, agus níor ghabh sé san tslighe a ttáinic sé ag teachd go Bétel.
11
¶ Anois do bhí seanfháigh na chomhnuidhe á Mbétel; agus thangadar a chlann agus dinnseádar dhó na gníomha uile do rinne óglach Dé an lá sin a Mbétel: na bríathra do labhair sé ris an rígh do innseadar íad mar an gcéadna dá nathair.
12
Agus a dubhairt a nathair ríu, Cia bí an tslighe íonar imthigh sé? Oir do choincadar a mhac cía ann tslighe ionar ghabh óglach Dé, noch thaínic ó Iúdah.
13
Annsin a dubhairt sé ré na chloinn, Cúiridh díallaóid dhamh ar assal. Agus do ghabhadar an tassal dó: agus do chuaidh uirre,
14
Agus do lean sé a ndiáigh óglaich Dé, agus fuáir sé na shuighe faói dharuigh é: agus a dubhairt sé ris, An tusa óglach Dé noch tháinic ó Iudah! Agus a dubháirt seision, Is mé.
15
Ann sin a dubhairt sé ris, Tárr liomsa don bhaile, agus ith arán.
16
Agus a dubhairt seision, Ní fhéuduim filleadh leachd, ná dul a steach leachd: ní mó íósas mé arán nó ibhios mé uisce leachd annsa náitsi.
17
Oír a dubhradh riom re breithir an TIGHEARNA, Ní iósa tú arán agus ní ibhe tú uisge annsin, agus ní fhillfidh tú san tslighe chéadna ag teachd mar ar ghabh tú ag imtheachd.
18
A dubhairt seision ris, Is fáigh misi mar an gcéadna mar thusa; agus do labhair aingeal re breithir an TIGHEARNA riom, gha rádh, Tabhair leachd ar a ais é dot thigh, go nithe sé arán agus go nibhe sé uisge. Achd is bréug do rinne sé ris,
19
Mar sin do chuáidh sé ar a ais leis, agus duáigh sé arán ann a thigh, agus do ibh sé uisge.
20
¶ Agus tárla, mar do bhádar na súidhe ar an gclár, go ttáinic briathar an TIGHEARNA chum a nfáigh thug eision ar a ais:
21
Agus do éigh sé ar óglach Dé tháinic ó Iúdah, gha radh. Is mar so a deir an TIGHEARNA, Ar son gur easurramuigh tú béul an TIGHEARNA, agus nar cumhdaigh tú a naithne do aithin do THIGHEARNA Día dhíot,
22
Acht go ttáinic tú ar hais, agus go nduáigh tú arán agus gur ibh tú uisge annsa náit, a ttaobh a ndubhairt an TIGHEARNA riot, Ná hith arán, agus ná hibh uisge; ní thiucfuidh do chorp go huáigh haithreadh.
23
¶ Agus tárla, tar éis a naráin dithe dhó, agus a nuisge dól, gur chuir sé díallaoid ar a nassal dó, eadhon, don nfáigh noch thug sé leis ar a ais.
24
Agus a nuáir do imthigh sé, tárla léomhan ris ar a tslighe, agus do mharbh sé é: agus do teilgeadh a chorp ar a tslighe, agus do sheas an tassal láimh ris, agus do sheas an leomhan mar an gcéadna láimh ris an ccorp.
25
Agus, féuch, do bhádar daóine ag gabháil láimh ris, agus do chonncadar corp teilgthe ar a tslighe, agus an leomhan na sheasamh a bhfochair an chuirp: agus tangadar agus dinnisiodar sin ann sa gcathruigh ionar chomhnuigh an seanfháidh.
26
¶ Agus an tan do chuálaidh an fáigh thug ar a ais é ón tslighe, a dubhairt, Sé óglach Dé é, do bhi easumhal do bhreithir an TIGHEARNA: ar a nadhbharsin do thoirbhir an TIGHEARNA don leomhan é, noch do réub é, agus do mharbh é, do réir bhreithre an TIGHEARNA, noch do labhair sé ris.
27
Agus do labhair sé ré na chloinn, gha rádh ríu, Cuiridh dialláoid dhamh air a nassal. Agus do chuireadar díalláoid ar do.
28
Agus dimthigh sé agus fuáir sé an corp teilgthe ar a tslighe, agus an tassal agus an leomhan na seasamh ag an ccorp: níor ith an leomhan an corp, agus níor mharbh sé an tassal.
29
Agus do thóg an fáigh súas corp óglaich Dé, agus do chuir ar a nassal é, agus thug leis ar a ais é: agus thainic an seanfháigh don chatbruigh, dá chaoineadh agus dá adhlacadh.
30
Agus do chuir sé a chorp iona uáigh féin; agus do chaóidheadar ós a chionn, gha radh, A thruaighe, mo dhearbhrathair!
31
Agus tárla, tar éis é da adhlacadh, gur labhair sé ré na mhacaibh, gha radh, A nuáir rachus misi déug, ann sin adhlacaidh mé annsa tuama mar a bhfuil óglach Dé adhlaicthe; cuiridh mo chnámha laimh ré na chnamhuibh:
32
Oír an glór do fhúagair sé maille ré breithir an TIGHEARNA a naghaidh na haltóra a Mbétel, agus a naghaidh uile thigheadh na náiteadh árd noch atá a gcaithreachaibh Shamária, tiucfuid a ccrích go deimhin.
33
¶ A ndiáigh án ní si níor fhill Ieroboam ó na dhroichshlighe, achd do na daóinibh ba hísle do rinne a rís sagairt do na háitibh árda: gidh bé ler bháill, do choisreagadh seision é, chum bheith na shagairt na náiteadh árd.
34
Agus tháinig an níse na pheacadh do thigh Ieroboam, eadhon dá ghearradh amach, agus dá scrios ó dhruim na talmhan.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22