bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Kings 14
1 Kings 14
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 15 →
1
Fa namsin do ghlac tinneas Abiiah mac Ieroboam.
2
Agus a dubhairt Ieroboam ré na mhnaoi, Eirigh, guídhim thú, agus cuir thú féin a naithearrach crotha, iondus nach aitheantar gur tú bean Ieroboam; agus imthigh go Siloh: féuch, atá annsin Ahiiah an fáidh noch do innis damhsa go mbéinn am rígh ós cionn an phobailsi.
3
Agus beir leachd deich mbuilín, agus cácadha, agus crúiscín meala, agus imthigh chuige: inneosuidh sé dhuit cred imeochus ar an leanamh.
4
Agus do rinne bean Ieroboam mar sin, agus déirigh, agus do chuáidh go Síloh, agus tháinic go tigh Ahiiah. Achd níor bhféidir le Ahiiah éinní dfaicsin; óir do dhruideadar a shúile tre mhéad a aóise.
5
¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Ahiiah, Féuch, tiocfuidh bean Ieroboam chugad díarruidh neithe ort a ttaoibh a mic; óir atá sé tinn: marso agus marso a déara tú ría: óir is amhluidh bhías, a nuáir thiucfas sí a steach, léigfidh sí uirre féin gur bean oile í.
6
Agus is amhluidh bhí, a nuáir do chúala Ahiiah torann a cos, mar tháinic sí a steach san dorus, go ndubhairt só ría, Tár a steach, a bhean Ieroboam; créd fá leigion tú ort gur bean oile thú? óir do cuireadh misi chugad lé teachdaireachd dhoíligh.
7
Agus imthigh, innis do Ieroboam, Is marso a deir an TIGHEARNA Día Israel, Do bhrígh gur thóg misi thú as an bpobalsa, agus go ndéarna mé prionsa dhiot ós cionn mo phobail Israel.
8
Agus gur stiall mé an rioghachd ó thigh Dháibhi, agus go ttug mé dhuítsi í: agus fós nach raibh tú mar mo shearbhfhoghantnigh Dáibhi, noch do choimhéud maitheanta, agus do lean mé ré na uile chroidhe, do dhéanamh an ní si amháin noch fá ceart am radharcsa;
9
Acht go ndéarna tú olc nios mo nó éanduine dá ttáinic romhad: óir do imthigh tú agus do rinne tú dhuit féin dée oile, agus íomhaighe leaghtha, dom bhrostughadhsa chum feirge, agus do theilg tú misi táobh shiar dot dhruim:
10
Ar a nadhbharsin, féuch, do bhéara misi olc ar thigh Ieroboam, agus gearrfa mé amach ó Ieroboam an té mhúnus a naghaidh an bhaila, agus an té do cuireadh fá íadhadh agus do fágbhadh ann Israel, agus do bheara mé liom fuighioll tighe Ieroboam, mar bheirios duine aóileach leis, nó go nimthighidh sé uile.
11
An té gheabhas bás san chathruigh ó Ieroboam íosuid na madruigh é; agus an té gheabhus bás annsa mhachaire íosaid éanlaith a naiéir é: óir do labhair an TIGHEARNA é.
12
Eirighsi ar a nadhbharsin, agus imthigh dot thigh féin: agus a nuáir chuirfios tú do chos a steach sán chathruigh, do gheabha an leanamh bás.
13
Agus do dhéanuid Israel uile doilghios ar a shon, agus adhlaicfid é: óir is eision amháin rachus ó Ieroboam chum na huaighe, do chionn gur fríth annsan do thigh Ieroboam ní éigin maith a ttaobh an TIGHEARNA Día Israel.
14
Os a chionnsin tóigfidh an TIGHEARNA súas dhó féin rígh ós cionn Israel, noch ghearrfus amach tigh Ieroboam au lásin: achd ciodh sin? do thoig sé, cheana é.
15
Oir buailfidh an TIGHEARNA Israel, mar an ngioleach bhíos air crith san nuisge, agus beanfuidh sé Israel as a fhreamhach amach as an dúithche mhaithse, noch thug sé dá naithribh, agus scaóllfidh sé ó chéile íad táobh anonn don nabhuinn, do chionn go ndéarnadar a ngarráin, do bhrostughadh an TIGHEARNA chum feirge.
16
Agus do bhéara sé Israel úadh ar son pheacadh Ieroboam, noch do rinne peacadh, agus thug ar Israel peacadh dhéanamh.
17
¶ Agus déirigh bean Ieroboam, agus dimthigh, agus tháinic sí go Tirsah: agus an tan tháinic sí ar tháirsigh an tighe, fuáir an leanamh bás;
18
Agus do adhlaiceadar é; agus do chaóineadar Israel uile é, do réir fhocáil an TIGHEARNA, noch do labhair sé lé láimh a shearbhfhoghantuigh Ahiiah an fáigh.
19
¶ Agus an chuid oile do ghníomhradh Ieroboam, mar do rinne sé cogadh, agus mar do ríaghluidh sé, féuch, ataíd síad scríobhtha a leabhar croinice ríogh Israel.
20
Agus na laéthe do bhí Ieroboam na rígh do bá dhá bhliadhuin agus fithche: agus do choduil sé a bhfochair a aithreadh, agus do bhí Nádab a mhac na rígh na áit.
21
¶ Agus do bhí Rehoboam mac Soluimh na righ ann Iúdah. Do bhí Rehoboam blíadhuin agus da fichthiod daóis a núair do thosuigh sé bheith na rígh, agus do bhí na rígh seachd mblíadhna déug ann Ierusalem, an cathair do thogh an TIGHEARNA amach as treabhuibh Israel uile, do chur a anma innte. Agus do bé ainm á mhathar Náamah Ammoníteach.
22
Agus do rinne Iudah olc a radharc an TIGHEARNA, agus do bhrostuigheádar é chum eúda le na bpeacadhuibh noch do rinneadar, ós a nuile olc dá ndéarnadar a naithre.
23
Oír do rinneadarsan dóibh féin áite árda, agus íomhaigheacha, agus garráin, ar gach eanchnoc árd, agus faoi gach éanchrann ghlas.
24
Agus do bhádar fós sodomitigh annsa dúithche: agus do rinneadarsan do réir uile ghráineamhlachd gach éanchineadh dar chuir Día amach roimhe chloinn Israel.
25
¶ Agus tárla air an ccúigeadh blíadhan do ríoghachd an rígh Rehoboam, go ttáinic Sisac rígh na Hégipte súas a naghaidh Ierusalem:
26
Agus rug sé leis ionnmhus thighe an TIGHEARNA, agus ionnmhus thighe an rígh; do rug sé leis cheana an tiomlán: agus rug leis na scíatha óir uile noch do rinne Solamh.
27
Agus do rinne an rígh Rehoboam scíatha práis na náit, agus do chuir sé ar láimh chaiptíne an ghárda íad, noch do choimhéud dorus thigh an rígh.
28
Agus is amhluidh do bhiadh, a nuáir do thíagh an rígh go tigh an TIGHEARNA, go níomchraidis an garda íad, agus go ttugaidís ar a nais go seomra an ghárda íad.
29
¶ Anois nach bhfuil an chuid oile do ghniómhradh Rehoboam, agus a nuile ní da ndéarna sé, scrióbhtha a leabhar croinice ríogh Iúdah?
30
Agus do bhí cogadh eidir Rehoboam, agus Ieroboam ar feadh a saoghuil.
31
Agus do choduil Rehoboam a bhfochair a aithreadh, agus do hadhlaiceadh a bhfochar a aithreadh é a ccathair Dháibhi. Agus do bé ainm a mhathar Náamah Ammoníteach. Agus do bhí Abiiam a mhac na rígh na áit.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22