bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Kings 19
1 Kings 19
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 20 →
1
Agus dinnis Ahab do Iesebel gach a ndéarna Elias, agus fós mar do mharbh sé na fáighe uile leis an gcloidheamh.
2
Ann sin do chuir Iesebel teachdaire go Helias, gha rádh, Go ndéanuid na dée, anso riu marsin, agus tuilleamh fós, muna ndéarna misi do bheathasa mar bheatha dhuine dhíobhsan fáoi namso a márach.
3
Agus a núair do chonnairc seision sin, déirigh sé, agus dimthigh ar son a anma, go ttáinic go Beer‐séba, noch bheanas ré Iúdah, agus dfág a óglach annsin.
4
¶ Acht dimthigh sé féin uidhe laé a steach annsa bhfásach, agus tháinic agus do shuigh síos faói chrann Iuniper: agus díarr sé dhó féin bás dfagháil; agus a dubhairt, As lór anois; a THIGHEARNA, beír leachd manum; óir ní féarr misi ná maithreacha.
5
Agus mar do luigh sé faói chrann Iuniper agus do choduil, féuch, do chorruigh aingiol é annsin, agus a dubhairt ris, Eirigh agus íth.
6
Agus damhaírc seision, agus, féuch, do bhí bairghin do bruitheadh ar an ngríosuidh, agus crúiscín uisge agá cheann. Agus a duáigh sé agus do ibh sé, agus do luidh sé síos arís.
7
Agus tháinic aingeal an TIGHEARNA a rís an dara huáir, agus do chorruigh é, agus a dubhairt, Eirigh agus ith; do bhrígh go bhfuil an tslighe ro fhada agad.
8
Agus déirigh seision, agus a duáigh sé agus do ibh sé ní, agus do chuáidh a neart an bhídh sin ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche go Hóreb slíabh Dé.
9
¶ Agus tháinic sé annsin go húamhuigh, agus do rinne sé comhnuidhe ann; agus, féuch, tháinic bríathar an TIGHEARNA chuige, agus a dubhairt ris, Cred atá tú dhéanamh annso, a Elias?
10
Agus a dubhairt seision, Do bhí mé ró éudmhar ar son an TIGHEARNA Día na slógh: óir do thréigeadar clann Israel do chunnradh, do theilgeadar síos haltóra, agus do mharbhadar thfáighe leis an ccloidhiomh; agus misi, misi amháin, ar fágbhadh; agus atáid ag íarruidh manma, do bhuain asum.
11
Agus a dubhairt seision, Imthigh amach, agus seas ar a tslíabh as coinne an TIGHEARNA. Agus, féuch, do ghabh an TIGHEARNA thairis, agus do réub gaoth mhór laidir na sléibhte, agus do briseadh na mbloghuibh ná cairge roimhe an TIGHEARNA; achd ní raibh an TIGHEARNA annsa ghaóith: agus a ndiáigh na gaóithe crioth talmhan; achd ní raibh an TIGHEARNA annsa chrioth talmhan:
12
Agus a ndiáigh an chreatha talmhan teine; achd ni raibh an TIGHEARNA san teine: agus tar éis na teineadh guth suáimhneach cáol.
13
Agus is amhluidh bhí, a nuáir do chúaluidh Elias é, annsin dfoluigh sé a aghaidh iona fhalluing, agus do chúaidh amach, agus do sheas a ndul a steach na húamha. Agus, féuch, tháinic guth chuige, agus a dubhairt, Cred do ní tú annso, a Elias?
14
Agus a dubhairt seision, Do bhí mé ro éudmhar ar son an TIGHEARNA Día na slógh: do bhrígh gur thréigedar clann Israel do chunradh, gur theilgeadar sios haltóra, agus gur mharbhadar thfáighe leis an ccloidheamh; agus misi, misi amháin, ar fágbhadh; agus atáid ag íarruidh manma do bhuáin asum.
15
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ris, Eirigh, fill ann do shlighe go fásach Damascus: agus ar tteachd dhuit, ung Hasael do bheith na rígh ós cionn na Síria:
16
Agus Iehu mac Nimsi ungfas tú do bheith na rígh ar Israel: agus Elisa mac Saphat ó Abel‐meholah ungfas tú na fháidh ad áit féin.
17
Agus tiucfuidh a ccrich, gidh bé rachus ó chloidheamh Hasael go muirfidh Iehu é: agus gidh bé rachus ó chloidhiomh Iehu go muirfidh Elisa é.
18
Achd cheana dfág misi agum féin seachd míle ann Israel, na glúine uile nar shléacht do Bhaal, agus gach uile bhéul nar phóg é.
19
¶ Marsin dfág sé sin, agus fúair sé Elisa mhac Saphat noch do bhí ag treabhadh, agus dá chonglán deug damh roimhe, agus eision ag an dara damh déug: agus do ghabh Elias thairis, agus do theilg a fhalluing air.
20
Agus dfág seision na daimh, agus do rioth a ndiáigh Elias, agus a dubhairt sé, Guidhim thú, léig dhamh mathair agus mo mhathair do phógadh, agus annsin leanfuidh mé thú. Agus a dubhairt seision rís, Imthigh ar hais a rís: óir cred do rinne misi riot?
21
Agus dfill seision a rís úadh, agus do ghlac sé cúpla damh, agus do mharbh sé íad, agus do bhruith an nfeóil lé culaidh na ndamh, agus thug do na daoinibh, agus a duadar. Annsin déirigh sé, agus do chúaidh a ndiaigh Elias, agus do rinne miniostralacht dhó.
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 20 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22