bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Kings 17
1 Kings 17
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 18 →
1
Agus a dubhairt Elias an Tisbiteach, noch do bhí dáitreabhaidh Gílead, ré Hahab, Mar mhairios an TIGHEARNA Día Israel, a lathair a sheasuimse, ní bhiáidh drúchd nó fearthuinn annsna blíadhnuibhsi, achd do reír mfocuilsi.
2
Agus tháinic bríathar an TIGHEARNA chuige, gha rádh,
3
Imthigh romhad as so, agus éirigh don leath shoir, agus foluigh thú féin ag an nabhuinn Cherit, atá as coinne Iordan.
4
Agus Iseadh bhías, go niobha tú as an nabhuinn; agus do aithin misi do na fíachaibh do bheathughadh annsin.
5
Már sin dimthigh sé agus do rinne do réir bhréithre an TIGHEARNA: óir dimthigh sé agus do rinne comhnuigh ag an nabhuinn Cherit, atá as coinne Iordan.
6
Agus tugadar na fíaich arán agus feóil chuige ar maidin, agus arán agus feóil tráthnóna; agus do ibh sé as an nabhuinn.
7
Agus tárla tar eís tamuill, gur thiormuigh an nabhann uile, do chionn nach raibh fearthuinn san tír.
8
¶ Agus tháinic briathar an TIGHEARNA chuige, dha rádh,
9
Eirigh, imthigh romhad go Sarephat, noch is le Sidon, agus déan comhnuigh annsin: féuch, do aithin misi do bhaintreabhuigh annsin do chongmháil súas.
10
Marsin déirigh sé, agus do chuáidh go Sarephat. Agus a nuáir thaínic sé go geata na caithreach, féuch, do bhí an bhaintreabhach annsin ag cruinniughadh maideadha: agus do ghoir seision í, agus a dubhairt ría, Guidhim thú, tabhair chugam, beagán uisge a soitheach, go nibhe mé.
11
Agus mar do bhí sí ag dul ar a chionn, do ghoir sé uirre, agus a dubhairt, Ghuidhim thú, tabhair leachd, greim aráin ann do láimh.
12
Agus a dubhairt sisi, Mar mhairios do THIGHEARNA Día, ní bhfuil éanbhairghin agum, achd lán baise do mhin a mbairille, agus beagán ola a gcrúisgín: agus, feúch, atáim ag cruinniughadh maide nó dhó, le ndeiseochuinn sin dhamh féin agus dom mhac, go nithmis é, agus go bhfaghamáois bás.
13
Agus a dubhairt Elias ría, Ná bíodh eagla ort; imthigh agus déana mar a dubhairt tú: achd déana dhamhsa bairghin bheag dhe sin ar ttús, agus tabhair chugam í, agus na dhiáigh sin deasuigh dhuit féin agus dot mhac.
14
Oír marso a deir an TIGHEARNA Día Israel, Ní caithfighear bairille na mine, agus ní theisdeochuidh do chrúisgín na hola, go ttí an lá fá ccuirfidh an TIGHEARNA fearthuinn ar an ttalumh.
15
Agus dimthigh sisi agus do rinne sí do reír mar a dubhairt Elias: agus a duáigh sí fein, agus eision, agus a tigh ar feadh blíadhna go hiomlán.
16
Agus níor caitheamh bairille na mine, agus ní mó do theasduigh do chrúisgín na hola, do réir fhocail an TIGHEARNA, noch do labhair sé tre Elias.
17
¶ Agus tárla tar éis na neitheanso, gur ghlac teinnios mac mhná an tighe; agus do bhí a theinnios comhborb agus sin, nach ar fágbhadh anál ann.
18
Agus a dubhairt sisi ré Hélias, Cred é dhamhsa riotsa, a óglaich Dé? an ttáinic tú chugam do ghairm mo pheacadh chum mo chuimhne, agus do mharbhadh mo mhic?
19
Agus a dubhairt seision ría, Tabhair dhamhsa do mhac. Agus do ghlac sé as a brollach é, agus rug se súas ar lota é, mar a mbíodh sé féin, agus do chuir na luighe ar a leabaidh féin é.
20
Agus do ghoir sé ar an TTIGHEARNA, agus a dubhairt, A THIGHEARNA mo Dhía, an ttug tú olc fós ar an mbaintreabhuigh a bhfochair a bhfuilim ar cúairt, ag marbhadh a mic?
21
Agus do shín sé é féin ar an leanamh trí huáire, agus do éigh sé chum an TIGHEARNA, agus a dubhairt, A THIGHEARNA mo Dhía, guidhim thú, filleadh anum an leinimh ann a rís.
22
Agus do chúalaidh an TIGHEARNA guth Elias; agus tháinic anum an leinimh ann a rís, agus do aithbhéoghuidh sé.
23
Agus do thóg Elias an leanamh, agus rug síos as a tséomra é don tigh, agus thug dha mhathair é: agus a dubairt Elias, Féuch, atá do mhac béo.
24
Agus a dubhairt an bhean re Helias, Anois aithnighim ar so gur tusa óglach Dé, agus gur fíor briathar Dé ann do bhéul.
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22