bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Kings 18
1 Kings 18
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 19 →
1
Agus tárla déis mhóráin do láethibh, go ttáinic bríathar an TIGHEARNA go Helias an treas blíadhain, gha rádh, Imthigh, taisbéin thu féin do Ahab; agus cuirfe misi fearthuinn ar an ttalumh.
2
Agus do imthigh Elias dha thaisbeanadh féin do Ahab. Agus do bhí gorta mhór a Samária.
3
¶ Agus do ghoir Ahab Obadiah, do bhí na úachdaran ar a thigh. (Anois do bhí eagla an TIGHEARNA go mór ar Obadiah:
4
Oir is amhluidh do bhí, a nuáir do ghéarr Iesebel fáidhe an TIGHEARNA ámach, gur ghabh Obadiah céud fáidh, agus gur fholuigh íad na ccáogad a nuamhuigh, agus gur bheathuidh sé íad lé harán agus lé huisce.)
5
Agus a dubhairt Ahab ré Obadiah, Imthigh fan tir, go nuige gach áon tobar uisge, agus go nuige gach abhuinn: do bféidir go bhfaghmaois féur do choinneochadh ar neich agus ar múillidhe béo, go nach ccaillfeamois ar náirnéis uile.
6
Mar sin do roinneadar an tír eatorra do dhul tríthe: do chúaidh Ahab a slighe leis féin, agus do chuáidh Obadiah a slighe oile leis féin.
7
¶ Agus mar do bhí Obadiah annsa tslighe, féuch, tárla Elias dó: agus daithin sé é, agus do thuit ar a aghaidh, agus a dubhairt, An tusa sin mo thighearna Elias?
8
Agus do fhreagair seision, Is mé: imthigh, innis dot thighearna, Féuch, atá Elias annso.
9
Agus a dubhairt seision, Ciodh do pheacaidh mé, as a ttiubhartha do sheirbhíseach a láimh Ahab, dom mharbhádh?
10
Mar mhairios do THIGHEARNA Día, Ní bhfuil críoch nó rioghachd, nach ar chuir mo thighearna íarruidh ort ann: agus a nuáir a deirdís, Ní bhfuil sé annsin; do bhameadh sé mionna don chrích nó don rioghacht, nach bhfúaradar thú.
11
Agus a nois a deir tú, Imthigh, innis dot thighearna, Féuch, atá Elias annso.
12
Agus tiucfaidh a ccrích, ar ball a nimtheochuidh misi uáitse, go mbéaruidh Spiorad an TIGHEARNA thusa leis, ní fheadar cá hionad; agus annsin a núair thiocfas misi agus inneosas mé do Ahab, agus nach bhfuighe sé thusa, go muirfidh sé mé; achd misi do shearbhfhoghantuigh atá eagla an TIGHEARNA orum óm óige.
13
Nach ar hinnseadh dom thighearna cred do rinne mé a núair do mharbh Iesebel fáighe an TIGHEARNA, mar do fhóluigh mé céud fear dfaighibh an TIGHEARNA na ccáogad a núamhuigh, agus mar do bheathaigh mé íad lé harán agus lé huisge?
14
Agus a nois a deir tú, Imthigh, agus innis dot thighearna, Feúch atá Elias annso: agus muirfidh sé mé.
15
Agus a dubhairt Elias, Mar mhairios TIGHEARNA na slógh, a lathair a sheasuim, taisbeanfad mé feín dó a niugh go deimhin.
16
Marsin do chuáidh Obadiah a ccoinne Ahab, agus dinnis dó: agus do chúaidh Ahab a ccoinne Elias.
17
Agus tárla, a nuáir do chonnairc Ahab Elias, go ndubhairt Ahab ris, An tusa an té bhuaidhrios Israel?
18
¶ Agus do fhreagair seision, Níor bhuaidhir misi Israel; acht tusa, agus tigh hathar, mar do thréigeabhair aitheanta an TIGHEARNA, agus mar do lean tú Baalim.
19
Anois ar nadhbharsin, cuir fios agus cruinnigh chugamsa Israel uile go slíabh Carmel, agus faídhe Bhaal ceithre cheúd agus caogad, agus fáighe na ngarrán ceithre chéud, noch itheas ar bhórd Iesebel.
20
Marsin do chuir Ahab fios ar chloinn Israel uile, agus do chruinnigh sé na faíghe a bhfochair a chéile a sliabh Charmel.
21
¶ Agus tháinic Elias chum an phobuil uile, agus a dubhairt sé, Cá fad bheithíse bacach idir dhá bharamhuil? má sé an TIGHEARNA as Día, leanuidh é: achd má se Baal, leanuidh é sin. Agus níor fhregair an pobal éanfhocal dó.
22
Ann sin a dubhairt Elias ris an bpobal, Misi, misi féin amhaín mhairios dfáighibh an TIGHEARNA; acht atáid fáighe Bhaal ceithre cheúd agus caógad fear.
23
Tugaidís dhúinn ar a nadhbharsin dhá bhulóg; agus toghaidísion bulóg dhóibh féin, agus déaindís cotchanna dhi, agus cuirdís ar chonnadh í gan teine ar bith fúithe: agus deasochuidh misi an bhulóg oile, agus cuirfidh mé ar chonnadh í, gan teine fúithe:
24
Agus goiridhsi ar ainm bhur ndeé féin, agus goirfidh misi ar ainm an TIGHEARNA: agus an Día fhreagorus re teine, bíodh sé na Dhía. Agus do fhreagair an pobal uile agus a dubhradar, Is maith do labhair tú.
25
¶ Agus a dubhairt Elias re fáighibh Bhaal, Toghuidhsi bulóg dháoibh feín, agus deasuighidh ar ttús í; óir atáthaoi mórán; agus goiridh ar anmanna bhur ndée, achd ná cuiridh teine fáoi.
26
Agus do ghlacadarsan an bhulóg tugadh dhóibh, agus do dheasuígheadar í, agus do ghoireadar ar ainm Bhaal ó mhaidin go meadhon láoi, ghá rádh, O a Bhaal, éisd linn. Achd ní raibh guth, nó ní ar bith do fhreagair íad. Agus do lingeadar ar a naltoír do rinneadh.
27
Agus tárla san meadhon láoi, go ndeárna Elias magadh orra, agus go ndubhairt sé, Goiridh go hárd: óir is día é; ceachtar dhíobh atá sé ag caint, nó atá sé ag tóruigheachd, nó áta sé iona aistior, nó do bféidir gur na chodhla atá sé, agus go ccaithfidhe a dhúsgadh.
28
Agus do éigheadarsan go hárd, agus do ghearradar íad fein do reír a ngnátha le sceanuibh agus le lansadhuibh, nó gur scinn an nfuil amach orra.
29
Agus tárla, a nuair do chuáidh an meadhon laoi thársa, agus go rabhadar ag faighedóireachd go ham ofrála íodhbartha an tráthnóna, nach raibh, guth, nó aón do fhreagoradh, nó bhéaradh toradh orra.
30
¶ Agus a dubhairt Elias ris an bpobal uile, Tigidh láimh riomsa. Agus tangadar an pobal uile láimh ris. Agus do chuir seision suás altoír an TIGHEARNA do bhí briste.
31
Agus do thóg Elias dhá chloich dhéug, do reír uibhre threabh mhac Iacob, chum a ttáinic bríathar an TIGHEARNA, gha rádh, Israel bhus ainm dhuit:
32
Agus leis na clochaibh do rinne sé altóir a nainm an TIGHEARNA: agus do rinne sé treinnse gacha taobhá don naltoír comhmór is chuinneochadh dhá mhiosúr síl.
33
Agus do fhadóigh sé an connadh, agus do ghearr sé an bhulóg agus do chuir na cotchaibh ar an ccunnadh í, agus a dubhairt, Líonuidh ceithre bhairille le huisce, agus dóirtidh ar an nofráil loisge, agus ar an ccunnadh.
34
Agus a dubhairt se, Déanuidh sin an dara húair. Agus do rinneadar sin an dara húair. Agus a dubhairt seision, Déanuidh an treas úair. Agus do rinneadar sin an treas uáir.
35
Agus do rioth an tuisge timchioll na haltóra; agus do lión sé an treinse fós le huisge.
36
Agus tárla a nam ofrála iodhbartha an tráthnóna, go ttáinic Elias an faídh a bhfogus, agus go ndubhairt sé, A THIGHEARNA Día Abraham, Isaac, agus Israel, fionntar a niugh gur tusa as Día a Nisrael, agus gur misi do shearbhfhóghantuigh, agus go ndéarna mé na neithese uile ar do rádhasa.
37
Eisd riom, a THIGHEARNA, éisd riom, chor go naitheonuid an pobalsa gur tú an TIGHEARNA Día, agus gur iompóigh tú a ccroidhthe ar a nais a rís.
38
Ann sin do thuit teine an TIGHEARNA, agus do dhóith sí an nofráil loisge, agus an cunnadh, agus na clocha, agus an luaithreadh, agus do ligh súas an tuisge do bhí san treinse.
39
Agus a núair do chonncadar an pobal uile sin, do thuiteadar ar a naighthibh: agus a dubhradar, Sé an TIGHEARNA féin, Día; sé an TIGHEARNA féin, Día.
40
Agus a dubhairt Elias riú, Gabhuidh faíghe Bhaal; ná léigidh áon díobh as. Agus do ghlacadar íad: agus rug Elias síos íad go habhuinn Cison, agus do mharbh sé annsin íad uile.
41
¶ Agus a dubhairt Elias re Ahab, Eirighsi súas, ith, agus ibh, óir atá torann iomad fearthanna ann.
42
Marsin do chuáidh Ahab súas dithe agus dól. Agus do chuáidh Elias súas go mullach Carmel; agus do theilg sé é féin síos ar an ttalumh, agus do chuir a aghaidh eidir a ghlúinibh.
43
Agus a dubhairt sé ré na óglach, Imthighe súas anois, agus féuch leath ris an bhfairge. Agus do chúaidh sé súas, agus dféuch sé, agus a dubhairt, Ní bhfuil éinní ann. Agus a dubhairt seision, Eirigh a rís seacht nuáire.
44
Agus tárla ar an seachdmhadh uáir, go ndubhairt sé, Féuch, atá néull beag ag éirghe as an bhfairge, cosmhuil ré láimh dhuine. Agus a dubhairt seision, Imthigh súas, abair re Ahab, Ullmhuigh do charbad, agus imthigh síos, chor nach ttoirmioscfuidh an nfearthuinn thú.
45
Agus tárla ar a bhfadsin, go raibh neamh dorcha lé néulluibh agus lé gaoith, agus do bhí fearthuinn romhór ann. Agus do chuáidh Ahab na charbad, agus do chuáidh sé go Iesreel.
46
Agus do bhí lámh an TIGHEARNA ar Elias; agus do chriosluigh sé súas a leasrach, agus do rioth roimhe Ahab go dul a steach go Iesreel.
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 19 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22