bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Kings 22
1 Kings 22
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
1
Agus dfanadar trí blíadhna ganchogadh idir Shíria agus Israel.
2
Agus tárla a ccionn an treas bliadhan, go táinic Iehosaphat rígh Iúdah sios go rígh Israel.
3
Agus a dubhairt rígh Israel ré na mhuinntir, Nach bhfuil a fhios aguibhsi gur linne Rámot an Gílead, agus sinn ar ttámh marso, gan a búain amach as láimh rígh na Síria?)
4
Agus a dubhairt sé re Iehosaphat, An racha tusa liomsa a ccath go Rámotghílead? Agus a dubhairt Iehosaphat re rígh Israel, Atáimsi mar atá tusa, mo mhuinntir mar do mhuinntir, meich mar heachruidh.
5
¶ Agus a dubhairt Iehosaphat re rígh Israel, Guidhim thú, fíafruigh, bríathar an TIGHEARNA a niugh.
6
Ann sin do chruinnigh rígh Israel na fáighe a gcionn a chéile, timchioll cheithre chéud fear, agus a dubhairt riu, An racha mé a naghaidh Rámot‐ghílead do chur catha, nó an léigfidh me dho? Agus a dubhradarsan, Imthigh súas; óir toirbheora an TIGHEARNA a láimh an rígh í.
7
¶ Agus a dubhairt Iehosaphat, Nach bhfuil fáigh leis an TTIGHEARNA annso taobh amuigh dhiobhso, go bhfíafruighmis de?
8
Agus a dubhairt rígh Israel re Iehosaphat, Atá fós éanduine amháin, Micaiah mhac Imlah, tre a bhféudam fíafriughadh don TIGHEARNA: acht atá fúath agumsa air; óir ní thairghirionn maith dhamh, ach olc. Agus a dubhairt Iehosaphat, Ná habradh an rígh sin.
9
Ann sin do ghoir rígh Israel oifigeach, agus a dubhairt, Deithfrigh annso Micaiah mhac Imlah.
10
Agus do shuigh rígh Israel agus Iehosaphat rígh Iúdah gach aon na chathaoir ríogha, ar ccur a róbadha umpa, a nionad fholamh a ndul a steach gheata Shamária; agus na faídhe uile ag fáidhedóireachd da lathair,
11
Agus do rinne Sedeciah mac Chenaanah adharca íaruinn dó feín: agus a dubhairt, Is marso a deir an TIGHEARNA, Leó so chnagfus tú na Sírianuígh, nó go sgriosfa tú íad.
12
Agus do thairghireadar na fáidhe uile marsin, gha rádh, Eirigh súas go Rámot‐ghilead, agus go néirghe leachd: óir do bhéara an TIGHEARNA a láimh an rígh í.
13
Agus an teachdaire do chuáidh do ghairm Mhicaiah do labhair sé ris, ga rádh, Feúch a nois, fóillsighid bríathra na bhfágh ní maith don rígh le héinbhéul: guidhim thú, biodh thfocalsa mar fhocal duine aca, agus labhair an ní is maith
14
Agus a dubhairt Micaiah, Mar mhairios an TIGHEARNA, gidh bé déaras an TIGHEARNA riomsa, isé sin laibhéorad.
15
¶ Marsin thaínic sé chum an rígh. Agus a dubhairt an rígh ris, A Mhicaiah, an racham a naghaidh Rámot‐ghílead do chathughadh, nó an léigfeam dhi? Agus do fhreagair sesion é, Imthigh, agus beir buáidh: óir do bhéara an TIGHEARNA í a láimh an rígh.
16
Agus a dubhairt an rígh ris, Ca mhéid úair mhinneochus mé thú nach inneosa tú éinni dhamh acht an ní bhías fírinneach a nainm an TIGHEARNA?
17
Agus a dubhairt seision, Do chonnairc mé Israel uile spreidhte ar na cnocaibh, mar cháorchuibh ag nach bíadh áodhuire: agus a dubhairt an TIGHEARNA, Ní bhfuil maighistir orra so: filledís gach aon aca dha thigh a síothcháin.
18
Agus a dubhairt rígh Israel re Iehosaphat, Nach ar innis mé dhuit nach déanadh sé fáistine ar bith mhaith dom tháobhsa, achd olc?
19
Agus a dubhairt seision, Eistse ar a nadhbharsin bríathar an TIGHEARNA: do chonnairc mé an TIGHEARNA na shuidhe iona chathaoir, agus slóigh fhlaitheamhnuis uile na seasamh na fhochair ar a laimh dheis agus air a láimh chlé:
20
Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Cía bhéaras ar Ahab dul súas lé ttuitfeadh sé a Rámot‐gílead? Agus a dubhairt áon marso, agus áon mar súd.
21
Agus tháinic spiorad amach, agus do sheas a bhfíadhnuise an TIGHEARNA, agus a dubhairt, Do bhéara misi air é.
22
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ris, Cía leis? Agus a dubhairt seision, Racha mé amach, agus biáidh mé am spiorad bhréagach a mbéul a fhágh uile. Agus a dubhairt seísion, Cuirfidh tú impidhe air, agus fós buáidheochuidh tú: éirigh amach, agus déana sin.
23
Anois uimesin, féuch, do chuir an TIGHEARNA spiorad bréagach a mbéul na bhfághsa agadsa uile, agus do labhair an TIGHEARNA olc dot thaóibh.
24
¶ Achd tháinic Sedeciah mac Chenaanah a bhfogus, agus do bhuáil sé Micaiah ar an leachin, agus a dubhairt, Cía an tslighe ar ghabh Spiorad an TIGHEARNA uáimse do labhairt riotsa?
25
Agus a dubhairt Micaiah, Féuch, do chífe tú sin annsa ló, a racha tú a seomra a bhfad a steach dot fholach féin.
26
Agus a dubhairt rígh Israel, Glacaidh Micaiah, agus beirígh libh é air a ais go Hámon úachtarán na caithreach, agus go Ioas mac an rígh;
27
Agus abruidh, Is mar so a deir an rígh, cuir an fearso a bpriosun, agus beathuigh é lé harán an doilghis agus lé huisge an doláis, nó go ttige misi a síothcháin.
28
Agus a dubhairt Micaiah, Má thig tú ar éanchor a síothchain, níor labhair an TIGHEARNA thríomsa. Agus a dubhairt seision, Eistighe, a phobal, gach eile dhaoíbh.
29
¶ Marsin do chúaidh rígh Israel agus Iehosaphat rígh Iúdah súas go Ramot‐ghílead.
30
Agus a dubhairt rígh Israel re Iehosaphat, Cuirfidh misi mé féin a natharrach crotha, agus rachad san chath; achd cuirsi do róbadha ort. Agus dfoluigh rígh Israel é féin, agus do chuáidh san chath.
31
¶ Acht do aithin rígh na Síria da dhá chaiptin déug agus fithche, agá raibh ríaghladh ós cionn a charbad, gha rádh, Ná troidigh re neach beag nó mor, acht a mháin ré righ Israel.
32
Agus tárla, an tan do choncadar caiptínigh na ccarbad Iehosaphat, go ndubhradar, Go deimhin isé súd righ Israel. Agus dfilleadar a leathtaobh do throid ris: agus do ghoir Iehosaphat na comhairc.
33
Agus tárla, a nuáir do aithnigheadar caiptínigh na ccarbad nár bhé rígh Israel é, gur fhilleadar ar a nais óna thórnigheachd.
34
¶ Agus do tharruing duine eígin bogha go teagmhuiseach, agus do bhuáil sé rígh Israel eidir altuibh an scabail: uimesin a dubhairt sé ré na chóisteóir, Iompóigh do lámh, agus beir amach as a tslúagh me; óir atáim loitidh.
35
Agus do mhéuduigh an cath an lá sin: agus do congmhadh an rígh súas iona charbad a naghaidh na Sírianach, agus fúair sé bás tráthnóna: agus do rith a nfuil as an ccneidh amach go lár an charbuid.
36
Agus tugadh fúagra ar feadh an tsloigh timchioll dhul faoi na gréine, gha rádh, Imthigheadh gach uile dhuine dhá chathruigh, agus gach uile dhuine dhá thír feín.
37
Marsin déug an rígh, agus tugadh é go Samária; agus do adhlaiceadar an rígh a Samária.
38
Agus do nigh duine an carbad a lochán Shamária; agus do ligheadar na madruigh a fhuil súas; agus do nigheadar a eídeadh; do réir bhréithre an TIGHEARNA noch do labhair sé.
39
¶ Anois an chuid oile do ghníomhuibh Ahab, agus a nuile ní dá ndearna sé, agus an tigh do rinne sé do iomhóg, agus na huile chaithreacha dar chuir sé súas, nach bhfuilid siád scríobhtha a leabhar croinice ríogh Israel?
40
Mar sin do choduil Ahab a bhfochair a aithreadh; agus do ríoghadh Ahasiah a mhac na aít.
41
¶ Agus do thosuigh Iehosaphat mac Asa a rioghachd ós cionn Iúdah annsa cceathramhadh blíadhan do Ahab rígh Israel.
42
Do bhí Iehosaphat cúig bhlíadhna air thríochad dáois a núair do thosuigh sé a ríghe; agus do bhí na rígh cúig bhlíadhna fithchiod ann Ierusalem. Agus do bé ainm a mhathar Asuba inghean Shilli.
43
Agus do shiubhail sé a slighthibh Asa a athar; níor fhill sé do leathtaoibh uadh, ag déanamh an neithe fa cheart a radharc an TIGHEARNA: gidheadh niór cuireadh na háite árda ar ccúl; óir do íodhbraidís an pobal agus do loisgedís fós túis annsna háitibh árda.
44
Agus do rinne Iehosaphat síothchain ré rígh Israel.
45
¶ Anois an chuid oile do ghníomhúibh Iehosaphat, agus na cumhachda do thaisbéin se, agus cionnus do rinne sé cogadh, nach bhfuilid scríobhtha a leabhar croinice ríogh Iúdah?
46
Agus ar mhair do na Sodomítibh, noch dfan a laéthibh a athar Asa, do chuir sé as a tír íad.
47
Ni raibh ansin rígh ar bith ann Edom: fear ionaid rígh do bhí na rígh.
48
Do rinne Iehosaphat luingios do Tharsis do dhul go Hóphir ar cheann óir: achd níor imthigheadar; óir do bhriseadh na lunga ag Hésion‐géber.
49
Annsin a dubhairt Ahasiah mac Ahab re Iehosaphat, Léig do mo sheirbhíseachaibhse dul le do mhuinntir annsna longaibh. Achd níor bháill lé Iehosaphat sin.
50
¶ Agus do choduil Iehosaphat agá aithribh, agus do hadhlaiceadh a bhfochar a aithreadh é a ccathraigh Dháibhí a athar: agus do ríoghaidh Iehoram a mhac ná áit.
51
¶ Do thosuigh Ahasia mac Ahab riaghladh ós cionn Israel a Samária an seachdmhadh blíadhan deúg do Iehosaphat rígh Iúdah, agus do bhí na rígh dha bhlíadhuin air Israel.
52
Agus do rinne sé olc a radharc an TIGHEARNA, agus do shiubhuil a slighe a athar, agus a slighe a mhathár, agus a slighe Ieroboam mhic Nébat, noch thug ar Israel peacughadh.
53
Oír do rinne sé serbhís do Bháal, agus do onóruigh sé é, agus do bhrostaigh sé an TIGHEARNA Día Israel chum feirge, do reír a nuile ní dá ndeárnuigh a athair.
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22