bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Kings 20
1 Kings 20
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 21 →
1
Agus do chruinnigh Ben‐hadad rígh na Síria a shlúagh a cceann a chéile: agus dhá rígh agus trióchad na fhochair, agus eich, agus carbuid: agus do chúaidh súas agus do shuighidh sé timchioll Shamária, agus do throid na haghaidh.
2
Agus do chuir teachda go Hahab rígh Israel don chathruigh, agus a dubhairt ris, Marso a deir Ben‐hadad,
3
Is liomsa hairgiod agus hór; agus fós do mhná agus do chlann, romhaith, is liomsa íad.
4
Agus do fhreagair rígh Israel, agus a dubhairt, Mo thighearna, a rígh, do réir mar a deir tú, as leachd misi agus a bhfuil agum.
5
Agus tangadar na teachda a rís, gha rádh, Mar so a deir Benhadad, gha rádh, Bíodh gur chuir mé fios chugad, gha rádh, Do bhéara tú dhamhsa hairgiod, agus hór, agus do mhná, agus do chlann;
6
Gidheadh cuirfe mé mo mhuinntir timchioll a namsa márach, agus spíonfuid do thigh, agus tighthe do mhuinntire; agus seadh bhías de, gach uile ni is taitneamhach led shúilibhsé, cuirfidsion é na láimh féin, agus béuruid leó é.
7
Ann sin do ghoir rígh Israel sinnsir na críche uile, agus a dubairt, Guidhim sibh, comharthuigh, agus féuchaidh mar íarrus an fearsa urchoíd: óir do chuir sé fios chugamsa ar mo mhnáibh, agus ar mo chloinn, agus ar mairgiod, agus ar mo chuid óir; agus níor dhiúlt mé é.
8
Agus a dubhradar na sinnsir agus an pobal uile ris, Ná héisd ris, agus na háontuigh dhó.
9
Uimesin a dubhairt sé re teachduibh Bhenhadad, Innsigh dom thighearna don rígh, An mheid air ar chuir tú fios chum do shearbhfhoghantuigh an céud uaír, do dhéanadsa: acht an níse ní fhéuduim a dhéanamh. Agus do imthigheadar na teachda, agus rugadar freagra chuigesin a rís.
10
Uime sin do chuir Ben‐hadad fios chuige, agus a dubhairt, Go ndéarnuid na deé sin riomsa, agus nios mó fós, má líonann luáithreadh Shamária lán duirn do gach duine da bhfuil am fhochairse.
11
Agus do fhreagair rígh Israel, agus a dubhairt, Innis dhó, Ná déanadh an te chriosluigheas a éideadh air moidheamh as féin do nós an té do chuireas de é.
12
Agus tárla, a núair do chúala Ben‐hadad an teachdaireachdsa, (mar do bhí sé ag ól, é féin agus na ríghthe oile ánsna páilliúnuibh), go ndubhairt se ré na mhuinntir, Gluaisighidh. Agus do ghluaiseadar a naghaidh na caithreach.
13
¶ Agus, féuch, tháinig fáigh go Hahab rígh Israel, ghá rádh, Is marso a deir an TIGHEARNA, an bhfaca tú an tiomad slóigh mhoírsi? féuch, do bhéura misi ad láimh íad a niugh; agus biáidh a fhios agad gur mé an TIGHEARNA.
14
Agus a dubhairt Ahab, Cía leis? Agus a dubhairt seision, Marso deir an TIGHEARNA, Eadhon le hógaibh phrionnsádh na ccóigeadh. Annsin a dubhairt sé, Cia óirdeochus an cath? Agus do fhreagair seision, Thusa.
15
Ann sin do áirimh sé óga phrionnsadha na ccóigeadh, agus do bhádar dhá cheúd agus tríochad agus a dó: agus na ndíaighsin do chomháir sé an pobal uile, eadhon clann Israel uile, noch do bhí na seachd míle.
16
Agus do chuádar amach san meadhon láoi. Acht do bhí Ben‐hadad ag ól gha chur féin ar meisge annsna páilliúnuibh, é féin agus na ríghthé, an dá rígh dhéug ar fhithchid do bhí ag cungnamh leis.
17
Agus do chúadar daóine óga phrionnsadha na ccóigeadh amach ar ttús; agus do chuir Ben‐hadad daóine amach, agus dinnsiodar dhó, gha rádh, Thangadar daóine amach as Samária.
18
Agus a dubhairt seision, Mas go síothchánta thangadar amach, gabhuidh béo íad; nó mas do chathughadh thigid amach, gabhuidh béo íad.
19
Marsin thangadar ógánuigh phrionnsadh na ccóigeadh amach as an ccathruigh, agus an slúagh do lean íad.
20
Agus do mharbhadar gach aon aca a dhuine, agus do theitheadar na Sírianuigh; agus Israel na ttóruigheachd: agus do chuáidh Ben‐hadad rígh na Síria as ar muin eich agus a mharcshlúagh na fhochair.
21
Agus do chuáidh rígh Israel amach, agus do bhuáil sé na heich agus na carbuid, agus do mharbh sé na Sírianuigh re hár mór.
22
¶ Agus tháinic an fáigh go rígh Israel, agus a dubhairt ris, Eirigh, neartuigh thú féin, agus tabhair aire, agus féuch cred dhéanas tú: óir ar iompógh na blíadhna tiucfa rígh na Síria ad aghaidh.
23
Agus a dubhradar muinntir rígh na Síria ris, Is dée cnoc a ndee súd; uimesin do bhádar ní budh láidre ná sinne; achd troideam ríú annsa reiteach, agus go deimhin budh laídre sinne ná íad.
24
Agus déanasa an níse, cuir na ríghthe ar siubhal gach áon as a áit, agus cuir caiptinigh iona nionad:
25
Agus áirimh slúagh dhuit, mar an tslúaigh do chaill tú, each ar each, agus carbad ar charbad: agus troidfiom na naghaidh annsa réiteach; agus go deimhin bíam níos láidre ná íad. Agus déist seision ré na nglór, agus do rinne sé marsin.
26
Agus tárla ar iompógh na blíadhna, gur áirimh Ben‐hadad na Sirianuigh, agus go ndeachaidh súas go Haphec, do throid a naghaidh Israel.
27
Agus do háirmheadh clann Israel, agus do bhádar uile a lathair, agus do shuigheadar clann Israel air a naghaidh amhuil dhá thréud bheaga mheannan; acht do líonadar na Sírianuigh an tír.
28
¶ Agus tháinic óglach Dé, agus do labhair sé re rígh Israel, agus a dubhairt sé, Is marso a deir an TIGHEARNA, Do chionn go ndubhradar na Sírianuigh, As Día cnoc an TIGHEARNA, achd ní hé Día na ngleantadh é, uimesin do bhéara misi an lion mórsa uile ad láimhse, agus aitheonuidh tú gur mé an TIGHEARNA.
29
Agus do shúigheadar as coinne a chéile seachd lá. Agus is amhluidh bhí, ar an seachtmhadh lá dfearadar cath: agus do mharbhadar clann Israel do na Sírianachaibh céud míle coisigh a néanló.
30
Agus do theithiodar an chuid oile go Haphec, don chathair; agus do thuit balla ar sheachd míle fhithchiod fear dar fágbhadh. Agus do theith Ben‐hadad, agus tháinic don chathruigh, go seomra a bhfad a steach.
31
¶ Agus a dubhradar a mhuinntir ris, Féuch anois, do chúalamar go rabhadar ríghthe thighe Israel na ríghthe trócaireacha: guidhim thú, cuirmid saiceadach a ttimchioll ar níochtair, agus rópadha air ar cceannuibh, agus teaghmaoid amach go rígh Israel: do bhféidir go sábháladh sé hanamsa.
32
Marsin do chuireadar saicéadach ar a níochthar, agus rópadha ar a cceannuibh, agus thangadar go rígh Israel, agus a dubhradar, A deir do shearbhfhoghantuigh Ben‐hadad, Guidhim thú, léig dhamh marthuinn. Agus a dubhairt seision, An bhfuil sé fos béo? sé mo dhearbhrathair é.
33
Anois do airigheadar na daoine go friochnamhach an ttiucfadh éainní uadhsan, agus do ghlacádar go lúath é: agus a dubhradar, Do dhearbhrathair Ben‐hadad. Annsin a dubhairt seision, Eirghidh, tugaidh libh é. Annsin tháinic Ben‐hadad amach chuige, agus thug sé air teachd súas annsa charbad.
34
Agus a dubhairt Ben‐hadad ris, Na caithreacha, do bhain mathairsi dot athairsi, aiseoguidh misi íad; agus do dhéana tú sráide dhuit féin ann Damascus, mar do rinne mathairsi a Samária. Annsin a dubhairt Ahab, Cuirfeadsa ar siubhal thú ar an gcunnradhsa. Mar sin do rinne sé cunnradh ris, agus do léig sé ar siubhal é.
35
¶ Agus a dubhairt duine áirigh do chloinn na bhfáigh ré na chomharsuinn a mbreithir an TIGHEARNA, Guidhim thú, buáil misi. Agus do dhiult an duine a bhúaladh.
36
Annsin a dubhairt sé ris, Do bhrígh nar umhluigh tú do ghuth an TIGHEARNA, féuch, ar ball a ndéileochaidh tú riomsa, muirfidh leomhán thú. Agus ar ball ar dhealuidh ris, fuáir leomhan é, agus do mharbh sé é.
37
Ann sin fuair sé duine oile, agus a dubhairt ris, Guidhim thú, buáil mé. Agus do bhuáil an duine é, ionnus agá bhualadh gur loit sé é.
38
Ann sin do imthigh an fáidh, agus do chomhfhuirigh ris an rígh ar a tslighe, agus do chuir é féin a natharrach crotha le luáithreadh ar a aghaidh.
39
Agus a nuáir do bhí an rígh ag gabháil thairis, do éigh sé chum an rígh: agus a dubhairt, Do chúaidh do shearbhfhoghantuigh amach a meadhon an chatha; agus, féuch, dfill duine do leathfaoibh, agus thug chugamsa duine, agus a dubhairt, Coimhéad an fearsa: má imthighionn se ar éanchor, annsin biáidh hanumsa ar son a anma, nó díolfa tú tallann airgid.
40
Agus mar bhí do shearbhfhoghantuigh gnothuigheach annso agus annsúd, dimthigh seision. Agus a dubhairt rígh Israel ris, Is mar sin bhías do bhreitheamhnus; do réidhigh tú féin é.
41
Agus dó dheifrigh seision, agus do bhean an luáithreadh dhá aghaidh; agus do aithin rígh Israel gur do na fáighibh é.
42
Agus a dubhairt se ris, Is marso a deir an TIGHEARNA, Do chionn gur léig tú uáit as do láimh duine do órduigh misi do léirsgrios, uimesin rachaidh hanamsa ar son a anmasan, agus do dhaóine ar son a dhaoine.
43
Agus do chúaidh rígh Israel dhá thigh dubhach feargach, agus tháinic sé go Samária.
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22