bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Kings 15
1 Kings 15
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 16 →
1
Anois ann sa nochdmhadh blíadhain déug do rígh Ieroboam mhac Nébat do ríoghaidh Abiiam ós cionn Iúdah.
2
Trí blíadhna do bhí sé na rígh ann Ierusalem. Agus do bé ainm a inhathar Maacha, inghean Abisalom.
3
Agus do shiubhail sé a bpeacadhuibh a athar uile, noch do rinne roimhe: agus ní raibh a chroidhe iomlan le na THIGHEARNA Día, már chroidhe a athar Dáibhi.
4
Gidheadh do thug a THIGHEARNA Día lóchrann dó ann Ierusalem ar son Dáibhi, do chur a mhic súas na dhíaigh, agus do dhaingniughadh Ierusalem:
5
Do chionn go ndéarna Dáibhi an ní fa cheart a radharc an TIGHEARNA, agus nar fhill do leaththaóibh ó ní ar bith dár aithin de ar feadh laétheadh a bheatha, acht amháin a ccúis Uriah an Hititeach.
6
Agus do bhí cogadh eidir Rehoboam, agus Ieroboam ar feadh laéthe a bheatha.
7
Anoís an chuid oíle do ghníomhradh Abiiam, agus a nuile ní dá ndearná sé, nach bhfuilid síad scríobhtha a leabhar croinice ríogh Iúdah? Agus do bhí cogadh eidir Abiiam agus Ieroboam.
8
Agus do choduil Abiiam agá aithribh; agus do adhlaiceadar é a ccathruigh Dháibhi: agus do bhí Asa á mhac na rígh na áit.
9
¶ Agus annsa bhfithcheamhad blíadhain do Iéroboam rígh Israel do ríoghuidh Asa ós cionn Iúdah.
10
Agus do bhí sé na rígh an Ierusalem blíadhuin agus dá fhithchíod. Agus do bé ainm a sheanmhathar Maachah, inghean Abiseolam.
11
Agus do rinne Asa gach éainni fa maith a radharc an TIGHEARNA, mar do rinne Dáibhi a athair.
12
Agus do scrios sé ná sodomitígh amach as an bhfearann, agus do áthruigh sé na hiodhuil uile noch do rinneadar a aithreadh.
13
Agus mar an gcéadna Máachah a a sheanmhathair, do athruigh sé ise fós ó bheith na bainríoghain, do chionn go ndéarna sí íomhaighe a ngarrán; agus do scrios Asa a hiodhal agus do loisg sé é, láimh ré habhuinn Cidron.
14
Achd níor háthruigheadh na háite árda: gidheadh do bhí croidhe Asa iomlán leis an TTIGHEARNA an fad do mhair sé.
15
Agus thug sé a steach go tigh an TIGHEARNA na neithe dó thíodhlaic a athair, agus na neithe do thiodhluic sé féin, airgiod, agus ór, agus soithighe.
16
¶ Agus do bhí cogadh eidir Asa agus Baasa rígh Israel ar feadh a sáoghail.
17
Agus do chuáidh Baasa rígh Israel súas a naghaidh Iúdah, agus do chuir sé Rámah súas, chor nach bhféadfadh áon dul amach nó teachd a steach go Hása rígh Iúdah.
18
Annsin do ghlac Asa ar fágbhadh dairgiod agus dór a nionnmhuisuibh thighe an TIGHEARNA, agus ionnmhus thighe an rígh, agus thug sé a láimh a sherbhíseach íad: agus do chuir an rígh Asa íad go Ben‐hadad, mhac Tabrimon, mhic Hésion, rígh na Síria, noch do bhí na chomhnuigh an Damascus, gha rádh,
19
Atá ceangal eadrumsa agus tusa, agus eidir mathair agus hathair: féuch, do chuir mé chugad tiodhlacadh óir agus airgid; tárr agus bris hossadh re Baasa rígh Israel, cher go néireochadh sé dhíomsa.
20
Marsin do áontuigh Ben‐hadad lé rígh Asa, agus do chuir caiptínigh a shluáigh do bhí aige a naghaidh caithreach Israel, agus do mhill sé Iion, agus Dan, agus Abel‐bet‐maachah, agus Cinnerot uile, maille re tír Napthtali uile.
21
Agus tárla, a nuáir do chúala Báasa sin, gur éirigh ó bhe ag toigbhail Rámah, agus go ndéarnaidh sé comhnuigh a Dtirsah.
22
Ansin do chuir an rígh Asa fúagra ar feadh Iúdah uile; (níor coigleadh éanduine:) agus rugadar clocha Rámah léo, agus an tadhmad, ler chuir Baasa súas í; agus do chuir an rígh Asa súas léo sin Géba Bheniamin, agus Mispah.
23
An chuid oile do ghníomhradh Asa uile, agus a chumhachd uile, agus gach a ndéarna sé, agus na caithreacha do chuir sé súas, nach bhfuilid síad scríobhtha a leabhar croinice ríogh Iúdah? Gidheadh iona aóis fhoirfe do bhí teinnios cos air.
24
Agus do choduil Asa agá aithribh, agus do hadhlaiceadh a bhfochair a aithreadh a ccathruigh Dháibhi a athair é: agus do bhí a mhac Iehosaphat na rígh ann a ionad.
25
¶ Agus do thosuigh Nádab mac Ieroboam ar ríghe ós cionn Israel annsa dara bliadhain do Asa rígh Iúdah, agus do bhí na rígh ós cionn Israel dha bhliadhuin.
26
Agus do rinne sé olc a radharc an TIGHEARNA, agus do shiubhail sé a slighe a athar, agus iona pheacadh lé ttug sé ar Israel peacughadh.
27
¶ Agus do chomhchoguir Baasa mac Ahiiah, do thigh Issachar, ann a aghaidh; agus do mharbh Baasa é ann Gibeton, noch bheanus ris na Philistinibh; (óir do chuir Nádab agus Israel uile campa an gach táobh do Ghibeton).
28
Eadhon an treas blíadhain do Asa rígh Iúdah do mharbh Baasa é, agus do bhí na rígh iona áit.
29
Agus tárla, a nuáir do bhí na rígh, gur bhuáil se tigh Ieroboam uile; níor fhág sé ag Ieroboam áon do léigfeadh anál amach, nó gur scrios sé é, do réir ráidh an TIGHEARNA, noch do labhair sé tre na shearbhfhoghantuigh Ahiiah an Siloníteach:
30
Do chionn peacadha Ieroboam noch do pheacaidh sé, agus le ttug sé ar Israel peacughadh, tre na bhrostughadh ler bhrostuigh sé an TIGHEARNA Día Israel chum feirge.
31
Anois an chuid oile do ghníomhuibh Nádab, agus a ndéarna sé uile, nach bhfuilid siad scríobhtha a leabhar croinice riogh Israel?
32
¶ Agus do bhí cogadh eidir Asa agus Báasa rígh Israel ar feadh a laéthe.
33
Annsa treas blíadhain do Asa rígh Iúdah do thosuigh Baasa mac Ahiiah bheith na rígh ós cionn Israel a Ttirsah, ceithre bliadhna fithchiot.
34
Agus do rinne sé olc a radharc an TIGHEARNA, agus do shiubhail sé a slighe Ieroboam, agus iona pheacadh le ttug sé ar Israel peacughadh.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22