bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Kings 21
1 Kings 21
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 22 →
1
Agus tárla a ndiáigh na neitheannsa, go raibh fíneamhuin ag Nábot an Tiesreelíteach, noch do bhí ann Iesreel, láimh ré palás Ahab rígh Samária.
2
Agus do labhair Ahab re Nábot, ghá rádh, Tabhair dhamhsa thfíneamhuin, chor go mbía sí agum mar gháirdín luibhionn, do bhrígh go bhfuil sí a bhfogus dom thigh: agus do bhéara misi fíneamhuin is fearr ná í duit uirre; nó, má sé is fearr do chítear dhuit, do bhéara mé a lúach airgid duit.
3
Agus a dubhairt Nábot re Ahab, Nar léigidh Día dhamhsa, go ttíubhruinn oighreachd mo shinnsior dhúitsi.
4
Agus tháinic Ahab dhá thigh go dubhach feargach do bhrígh an fhocail do labhair Nábot an Tiesreelíteach ris: óir a dubhairt sé, Ní thiubhra mé oighreachd maithreadh dhuit. Agus do luigh sé síos air a leabuidh, agus diompóigh a aghaidh ó chách, agus níor bháill leis arán dithe.
5
Achd tháinic Iesebel a bhean chuige, agus a dubhairt ris, Ciodh fa bhfuil do spiorad comhdubhach sin, nach áill leachd arán dithe?
6
Agus a dubhairt seision ría, Do chionn gur labhair mé ré Nábot an Tiesreelíteach, agus go ndubhairt mé ris, Tabhair thfíneamhuin damh ar airgiod; nó má sí do thoil, do bhéara mé fíneamhuin oile dhuit uirre: agus do fhreagair seision, Ní thiubhra misi mfíneamhuin duit.
7
Agus a dubhairt Iesebel a bhéan ris, Nach tusa anois ríaghluigheas rioghacht Israel? éirigh, agus ith arán; agus bíodh do chroidhe súgach: do bhéara misi dhuit fíneamhuin Nábot an Niesréelítigh.
8
Ann sin do scríobh sí litreacha a nainm Ahab, agus do chuir séula orra le na shéula, agus do chuir sí na litreacha chum na sinnsior agus chum na núasal do bhí iona chathruigh, na ccomhnuidhe a bhfochair Nábot.
9
Agus do scríobh sí annsna litreachaibh, gha rádh, Fógruidh trosgadh, agus cuiridh Nábot na shuidhe go hárd a measg an phobail:
10
Agus cuiridh días do dhaóinibh, clann Bhélial, na suidhe as a choinne do dheanamh fiadhnuise na aghaidh, dhá rádh, Do scannluidh tú Día agus an rígh. Agus annsin beiridh amach é, agus clochuidh é, go néuguidh sé.
11
Agus do rinneadar muinntir a chaithreach, ná sinnsir agus na húaisle noch do budh áitreabhuigh iona chathruigh, mar do chuir Iesebel chuca, agus mar do bhí scríobhtha annsna litreachaibh noch do chuir sí chuca.
12
Dfúagradar trosgadh, agus do chuireadar Nábot na shuidhe go hárd a measg an phobail.
13
Agus thangadar a steach, días fear, clann Bhélial, agus do shuigheadar as a choinne: agus do rinneadar clann Bhélial fíadhnuise na aghaidh, eadhon a naghaidh Nábot a lathair an phobail, gha rádh, Do mhasluigh Nábot Día, agus an rígh. Annsin rugadar amach as an ccathruigh é, agus do chlochadar é le clochuibh, go bhfuair sé bás.
14
Ann sin do chuireadar teachda go Iesebel, gha rádh, Do clochadh Nábot, agus déug sé.
15
¶ Agus tárla, a núair do chuála Iesebel gur clochadh Nábot, agus go raibh sé mharbh, go ndubhairt Iesebel re Ahab, Eirigh, glac sealbh a bhfíneamhuin Nábot an Niesreelítigh, noch do dhiúlt sé do thabhairt duit ar airgiod: óir ní beó, achd marbh Nábot.
16
Agus tárla, a núair do chuála Ahab go raibh Nábot marbh, gur éirigh Ahab do dhul síos go fíneamhuin Nábot an Niesreelitigh, do ghlacadh seilbhe ann.
17
¶ Agus tháinic bríathar an TIGHEARNA go Hélias an Tisbíteach, gha rádh,
18
Eirigh, imthigh síos do theagmháil re Ahab rígh Israel, noch atá a Samaria: féuch, atá sé a bhfíneamhuin Nábot, mar a ndeachaidh sé síos do ghlacadh seilbhe innte.
19
Agus laibheoruidh tú ris, gha rádh, Is marso a deir an TIGHEARNA, Nar mharbh tú, agus fós nar ghabh tú sealbh? Agus laibheoruidh tú ris, gha rádh, Is marso a deir an TIGHEARNA, An tionad ann ar ligheadar na madruigh fuil Nábot annsin lighfidh na madruigh, eadhon thfuilsi féin.
20
Agus a dubhairt Ahab re Helias, An bhfúair tú mé, ó mo námhuid? Agus do fhreagair seision, Fúarus: do bhrígh gur reac tú thú féin doibriughadh uile a radharc an TIGHEARNA.
21
Féuch, do bhéara misi olc ort, agus scriosfuidh mé do shliochd, agus gearrfuidh me ó Ahab an té mhúnas a naghaidh an bhalla, agus an té dhruidthear a stigh agus fhagthar ann Israel,
22
Agus do dhéana mé do thigh mar thigh Ieroboam mhic Nébat, agus mar thigh Bhaasa mhic Ahiiah, ar son an bhrostuighthe ler bhrostuighis mé chum feirge, agus le ttugais air Israel peacughadh.
23
Agus do labhair an TIGHEARNA ar Iesebel mar an gcéadna, ghá rádh, Iosuid na madruigh Iésebel láimh re balla Iesreel.
24
An té gheabhas bás ó Ahab annsa chathruígh íosuid na madruigh é; agus an té gheabhus bás annsa machaire íosuid éanlaith a naiéir é.
25
Achd ní raibh áon cosmhuil re Ahab, noch do reac é feín doibriughadh urchóide á radharc an TIGHEARNA, noch do chorruigh a bhean Iesebel chuige sin.
26
Agus do rinne se go ro adhfhuathmhar a leanmhuin iodhal, do reir gach uile neíthe dá ndéarnadar na Hamoritigh, noch do theilg an TIGHEARNA amach roimhe chloinn Israel.
27
¶ Agus tárla, a nuáir do chuála Ahab na bríathra sin, gur réub sé a éadach, agus gur chuir saicéadach ar a chorp, agus gur throisg, agus gur luidh a néadach tóinnigh, agus gur imthigh go mín.
28
Agus thaínic bríathar an TIGHEARNA go Helias an Tisbíteach, gha rádh,
29
An bhfaiceann tú mar umhluighios Ahab é féin am fhiadhnuisi? do chionn gur umhluidh sé é feín am lathair, ní thiubhra mé an tinneachadh na láethibhsion: acht a láethibh a mhic do bheara mé an tinneachadh ar a thigh.
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 22 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22