bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Proverbs 1
Proverbs 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 2 →
1
Seanraidhe sholaimh mhic Dáibhi, rígh Israel;
2
Daithniughad eagna agus teasaisg; do thuigsin bhríathra a ttuigsionachd;
3
Do ghlacadh teagaisg na heagna, an cheirt, an bhreitheamhnuis, agus an chomhthruim;
4
Do thabhairt géarchúise don tsimplidh, eóluis agus deiscréide don duine og.
5
Eístfidh an duine críonna, agus méideochuidh sé foghluim; agus tiucfa duine tuicsionach chum comhairleach críonna:
6
Do thuicsin seanfhocail, agus dá chíallughadh; briathra na neagnuidhe, agus ráite dorcha.
7
Asé eagla an TIGHEARNA tosach a néoluis: acht dísbeaguid na hamadáin eagna agus teagasg.
8
A mhic, éisd ré teagasg hathar, agus ná tréig dligheadh do mhathar:
9
Oír béid síad iona ccórughadh grás dot chionn, agus na slabhradhuibh timchioll do bhrághad.
10
A mhic, má bhrosduighid peacaich thú, ná háontuigh léo.
11
Má deirid síad, Tárr linn, cuiriom luidheachán air fhuil, luidhiom a bhfolach ar chionn an neimhchiontaigh gan chúis:
12
Sluigiom súas íad béo mar a núaigh; agus iomlán, mar an ndruing théid síos annsa pholl:
13
Do gheabham gach uile mhaóin mhórluáigh, líonfam ar ttighthe lé héadáil:
14
Teilg a steach do chrannchar ar measg; bíodh áonsparán aguinn uile:
15
A mhic, ná siubhailsi annsa tslighe léo; congmhaidh air hais do chos ó na ccasán:
16
Oír rithid a ccosa chum uilc, agus do níd deíthnios do dhórtadh fola.
17
Go deimhin is díomhaóin an líon do spréadhagh a radharc eún ar bith.
18
Agus cuirid síad luidheachán ar a bhuil féin; luighid a nuáignios air a nanmannaibh féin.
19
Mairsin atáid slighthe gach uile dhuine dá mbí sanntach chum éadála; noch bheánas a nanam as a ndruing ler leis í.
20
Eíghidh a neagna amuigh; léigidh sí amach a guth annsna sráidibh:
21
Eíghidh sí annsa náit is mó tathuighthe, a noscaltaibh na ngeatadh: a deir sí a briathra annsa chathruigh, ag radh,
22
Gá fad, a dhaóine simplidhe, ghráidheochtaoi simplidheacht? agus bhías dúil ag na tarcuisneachaibh iona ttarcuisne, agus fúathochuid amadáin a neagna?
23
Fillidhsi re mo achmhusánsa: féuch, dóirtfidh mé amach mo spíorad chugaibh, bhéara mé fios mo bhríathra díbh.
24
Do bhrígh gur ghoir mé, agus gur dhíultabhairsi; gur shín mé mo lámh amach, agus nach ttug áon duine aire;
25
Acht do chuireabhair mo chomhairle uile a neimhní, agus níor bháill libh machmhusán:
26
Do dhéana misi fós gáire fa bhur ndonassa; do dhéana mé magadh a nuáir thiucfas bhur neagla;
27
A nuáir thiucfas bhur neagla amhail léirsgrios, agus thiucfas bhur milleadh amhuil gáoth ghuáirdéain; a nuáir thiocfas aindeisi agus cumhgach oruibh.
28
Annsin gairfid síad orumsa, acht ní fhreigeora mé; íarrfuid mé go moch, acht ní bfaghaid síad mé:
29
Do bhrígh gur fhúathuigheadar éolus, agus nar thoghadar eagla an TIGHEARNA:
30
Níor bháill léo mo chomhairlesi: do dhísbeagadar machmhusán uile.
31
Uimesin íosuid síad do thoradh a slighe féin, agus líonfuighear íad dá dtionnscantaibh féin.
32
Oír muirfidh suaimhneas na namadán íad, agus scriosfuidh sonas na nóinmhideadh íad.
33
Acht gidh bé éistios riomsa, áitreobhuidh sé go daingean agus biáidh sé suáimhneach ó eagla a nuilc.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31