bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Proverbs 30
Proverbs 30
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 31 →
1
Briathra Agur mhic Iaceh, eadhon a nfáigheadóireacht: do labhair an toglach ré Hitiel, ré Hitiel fós agus ré Hucal,
2
Go deimhin is brúideamhla mé ná duine ar bith, agus ni bhfuil tuigse duine agam.
3
Níor fhoghluim mé eagna, agus ní bhfuil éolus na náomhthachta agam.
4
Cia chuaidh súas ar neamh, nó tháinic a núas? cía chruinnigh an gháoth iona dhórnuibh? cía cheangail na huisgeadha a ccúlaidh? cía dhaingnidh uile chorra an domhuin? cá hainm é, agus ca hainm a mhic, má fhéadann tú innsin?
5
Is fíorghlan gach uile bhríathar Dé: is sciath é don mhéid chuirios a ndóigh ann.
6
Ná cuirsi éinni a ccionn a fhocail, deagla go ttiubhradh iomaithbhior ort, agus go bhfuighthí bréagach thú.
7
Dhá ní díarr mé ort; ná diúlt umpa mé suil éagfas mé:
8
Athruigh a bhfad uáim díomhaóineas agus bréaga: ná tabhair ceachtar dhamh bochtaine no saidhbhrios; beathuidh mé lé biadh is iomchubaidh dhamh:
9
Deagla go mbéinn lán, agus go séunfuinn thú, agus go naibeoruinn, Cía hé an TIGHEARNA? nó deagla go mbéinn bocht, agus go ngadfuinn, agus go ttiubhruinn ainm mo Dhé go díomhaóin.
10
Ná déan casáoid ar sheirbhíseach ré na mhaighistir, deagla go mailleochadh sé thú, agus go bhfuighthi dáor thú.
11
Bí ginealach ann mhalluighios a nathair, agus nach beannuighionn a mathair.
12
Bí ginealach ann bhíos fíorghlan iona súilibh féin, gidheadh ní bhíd nighte ó na salchar.
13
Bí ginealach ann, ó ca háirde bhíd a súile! agus forrdhubha a súl ar na ttógbháil súas.
14
Bí gincalach ann a mbíd a bhfiacla mar chloidhmhthe, agus fíacla a ngíall mar sceana, do scrios an bhoicht don tsáoghal amach, agus a neasbhuighidh ó bheith a measc na ndaóine.
15
Atáid días inghion ag an ngearrghuin ag éighiomh, Tabhair, tabhair. Atá trí ní nach féidir do shásadh; fós, ceithre neithe nach abair, Is lór sin:
16
A núaidh; an bhean áimrid; an talamh nach líontar lé huisge; agus an teine nach abair, Is lór sin.
17
An tsúil do ní magadh fa na athair, agus tharcuisnighios úmhlacht a mhathar, priocfuid féich an ghleanna amach í, agus íosuid na hiolair óga í.
18
Atáid trí neithe ró iongantach dhamhsa, fós, a ceathair nach fios damh:
19
Slighe iolair annsa naíer; slighe aithreach nimhe ar an ccarruic; slighe luinge a meadhon na fairge; agus slighe a nfir le maighdin.
20
Marsin atáid slighe na mná hadhaltrannuighe; ithidh sí, agus glanuidh a béul, agus a deir sí, Ní dhéarna misi cionnta ar bith.
21
Ar son trí neithe ata an talamh míoshuáimhneach, agus ar son a ceathair nach bhféadann iomchar:
22
Ar son seirbhisigh a nuáir ríaghlas sé; agus ar son amadáin a núair bhios sé lán do bhíadh;
23
Ar son mná fúathmhaire a nuáir póstar í, agus cumhaile bhíos na hoighre air a mhaighistreás.
24
Atáid ceithre neithe beaga air an ttalamh, acht bíd ro chríonna:
25
Na seangáin is dream íad nach bí láidir, gidheadh soláthruid a mbeatha san tsamhradh;
26
Ní bhfuil acht lucht éaittréorach annsna coinínibh, gidheadh do níd a ttighthe annsna eairgibh;
27
Ní bhí rígh ag na lócuistibh, gidheadh tíaghaid amach uile iona ndreamuibh;
28
Beiridh an damhán alla greim re na lámhuibh, agus bí sé a bpálásuibh na ríogh.
29
Atáid trí neithe imthighios go maith, bí fós, a ceathair taitneamhach iona siubhal:
30
An leomhan, noch is láidre a measg na mbeathach, agus nach bhfillionn tar ais ó éinní;
31
Cú; poc gabhair fós; agus rígh, nach féidir cur na aghaidh.
32
Má rinne tú go leamh ann thú féin do thógbháil súas, nó má smuáin tú olc, leag do lámh air do bhéul.
33
Go deimhin do bheir mhaistriughadh an bhainne im úadh, agus do bheir fásgadh na srona fuil amach: mairsin do bheir fóirneart na feirge ceannairg.
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 31 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31