bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Proverbs 14
Proverbs 14
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 15 →
1
Cuiridh gach aóinbhean chríonna a tigh súas: acht leagaidh a namaid síos é le na lámhaibh féin.
2
An té shiubhluighios iona fhíréantacht eagluighidh sé an TIGHEARNA: acht an té bhíos urchóideach iona shlighthibh tarcuisnighídh sé é.
3
Bí slat úabhair a mbéul a namadáin: acht dídeonuigh puisíne an duine ghlic íad.
4
A náit nach bíd daimh, bí an mainséur glan: acht tig biseach mór le neart an daimh.
5
Ní dhéana fiadhnuise dhíleas bréug: acht laibheoruidh a nfiadhnuise fhallsa bréuga.
6
Iarruidh an tarcuisneach eagna, agus ní fhaghann: acht is socamhlach éolus don tí thuigios.
7
Imthigh as fiadhnuise dhuine leimhe, a núair nach mothochuidh tú ann béul a néoluis.
8
Isé gliocas a neagnuidhe a shlighe do thuigsin: acht is cluáin leimhe na namadán.
9
Do níd amadáin magadh fan bpeacadh: acht a measg na bhfíréan atá fabhar.
10
Aithnighidh an croidhe a shearbhus féin; agus ní bheanann coimhthigheach re na shólás.
11
Claóidhfighthear tigh an drochdhuine: acht blaithfigh áitreabh an ionnraic.
12
Atá slighe ann do chithear díreach do dhuine, acht isé a chríoch sin slightheacha an bháis.
13
Annsa gháire féin bí an croidhe dubhach; agus sé críoch an tsúgachais sin dóbrón.
14
Lionfuighear re na shlighthibh fein an ghearrchumainnach a ccroidhe: agus fásfuighthear an duine maith úadh féin.
15
Creidigh an simplidheach gach aonfhocal: acht féuchaidh an duine ghlic go maith dá imtheacht féin.
16
Eagluighidh an duine críonna, agus dealuighidh ó nolc: ach cuthaighidh an tamadán, agus bídh sé dóthchusach.
17
An té fhearguidhthear go hobann do ní sé amadánacht: fúathuighthear fear na ndroich-thionnsgantaidh.
18
Sealbhuighid na simplighidh amadánachd: acht coróntar an teagnuidh lé héolus.
19
Cláonuidh an tolc roimhe an maith; agus an drochdhuine a ngeatadhuibh na bhfíréun.
20
Fúathuighthear an bocht cheana ó na chomharsuin féin: acht bí mórán carad ag an tsaidhbhir.
21
An té tharcuisnighios a chomharsa peacuigh sé: acht is beannuighe an té, do ní trócaire air na bochtaibh.
22
Nach seachránuid an drong thionsgnas an tolc? acht biáidh trócaire agus fírinne ag án ndruing thionnsgnas an mhaith.
23
Bí tarbha ann gach uile sháothar: acht tríalluidh caint na bpuisíneadh amháin chum easbhuight.
24
Coróin na neagnuidhe a saidhbhrios: acht is leimhe amadánachd na namadán.
25
Sáoruidh a nfíadhuin fhírinneach anmanna: acht labhruidh an meabhlach bréuga.
26
Atá dóthchus láidir a neagla an TIGHEARNA: agus biáidh cúil dhídin agá chlóinn.
27
As tobar beatha eagla an TIGHEARNA, do dhealughadh ré paintéarnibh an bháis.
28
A niomad na ndaóine atá onóir an rígh: acht a neasbhuidh daóine atá milleadh an phrionnsa.
29
Bí tuigsi mhor ag an té bhíos mall chum feirge: acht an té bhíos deithniosach a spioraid árduighidh sé leimhe.
30
Isé an croidhe falláin beatha na féola: acht lobhadh na gcnámh an tnúth.
31
An té sháruighios an bocht masluighidh sé a Chruthaightheoir: an té onoruighios é bí trócaire ann don bhocht.
32
Díbearthar an ciontach as iona chionntaibh: acht bí dóthchus ag an bhfíréan iona bhás.
33
Socruidh eagna a ccroidhe an té agá mbí tuigsi: acht foillsighthear an ní atá a meadhón na namadán.
34
Arduighidh a nfíréantacht cineadh: agus is masla an peacadh do phobal ar bith.
35
Bí fabhar an rígh leis an tseirbhíseach mhaith: acht bí a fhearg a naghaidh an té bheir cúis náire.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31