bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Proverbs 23
Proverbs 23
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 24 →
1
A nuair shuighios tú dithe bidh lé húachtaran, meas go friochnamhach cred bhías ad fhiadhnuise:
2
Agus cuir scían chum do scórnuigh, mas duine thú tabhartha do chráos.
3
Ná bi mían agad iona mhillséanuibh: óir ís biadh mealltach íad.
4
Ná sáothruigh bheith saidhbhir: sguir dot ghliocas féin.
5
An ccuirfidh tú do shúile annsa ní nach bhfuil ann? óir do ní saidhbhrios go deimhin sciatháin dó féin; eitillidsiad as amhuil iolar chum nimhe.
6
Ná hithse arán na drochshúl, agus ná dúiligh a bhíadha millsi:
7
Oír mar bhreathnuighios iona chroidhe, is marsin bhíos seision: Ith agus ibh, a deir sé riot; acht ní bhí a chroidhe leachd.
8
Urshloigfidh tú a níos an greim do ith tú, agus caillfidh tú do dheaghfhocail.
9
Ná labhair a cclúasaibh amadáin: óir dísbeagfuidh se gliocas do bhríathar.
10
Ná hathruigh an seintéora; agus ná heirigh a steach ar fhearann na ndílleacht:
11
Oír is cumhachtach a bhfúascaltóir; taigeoruidh sé a ccúis riot.
12
Tabhair do chroidhe do theagasg, agus do chlúasa do bhríathruibh éoluis.
13
Ná connaimh smacht ón leanabh: óir ma bhuáilionn tú leis an tslait é, ní bhfuighe sé bás.
14
Buáilfidh tú leis an tslait é, agus sáorfuidh tú a anam ó ifrionn.
15
A mhic, má bhíonn do chroidhe éagnuidhe, biaidh lúathgháire ar mo chroidhe, orumsa féin.
16
Gáirdeochuid fós, mo dhubháin, a nuáir laibheorus do bhéulsa neithe cearta.
17
Ná tnúthuigheadh do chroidhe ris na peacachuibh: acht bí a neagla an TIGHEARNA ar feadh an laé uile.
18
Oír is deimhin go bhfuil luáidheacht; agus ní géarrfuighthear ámach do dhóthchus.
19
Cluinsi, a mhic, agus bí críonna, agus tréoruigh do chroidhe annsa tslighe.
20
Ná bí a measg phótaireadh fíona; a measg ghrágaireadh líonus íad féin le feóil:
21
Oír tiucfaidh an pótaire agus an duine cráosach chum bochtuine: agus do dhéan a naimhleisge duine déudughadh le ceirteachaibh.
22
Eíst red athair noch do ghin thú, agus ná tarcuisnigh do mhathair a nuáir bhías sí áosta.
23
Ceannuigh a nfírinne, agus na reac í; eagna fós, agus múnadh, agus tuigsi.
24
Is mór lúathgháirfios athair a nionnruic: agus an té gheineas leanamh críonna do gheabh sé sólás úadh.
25
Biáidh lúathgháire air hathair agus air do mhathair, agus gáirdeochuidh an bhean rug thú.
26
A mhic, tabhair dhamhsa do chroidhe, coimhéadaidís do shúile mo shlighthe.
27
Oír is díog dhomhain an stríopach, agus is log cumhang an bhean choimhthigheach.
28
Bí sí fos a luidheachán amhuil sladmhóir, agus méaduigh si na millteóirigh a measc na ndaóine.
29
Cía ghá mbí mairg? cía ghá mbí dóbrón? cía ghá mbí imreasúin? cía ghá mbí callóid? cía ghá mbí cneadha gan adhbhar? cía ghá mbí deirge shúl?
30
An drong fhanas a bhfad ag an bhfíon; an lucht théid díarruidh a nfiona chumaisge.
31
Ná féuchsa air an bhfíon a nuáir bhíos sé dearg, a nuáir thaisbeanas sé a dhath annsa chupán, a nuáir chorruighios sé é féin go díreach.
32
Fá dheireadh gortuigh sé amhuil naithir nimhe, agus cealgaidh sé amhuil adder.
33
Do chithfid do shúile mná coimhthigheacha, agus laibheoruidh do chroidhe neithe neamhchubhaidh.
34
Biáidh tú fós, do nós an té luidhios síos a meadhón na fairge, nó mar an té luighios a mullach an chrainn seóil.
35
Do bhuaileadar mé, a deir tú, agus ni raibh mé tinn; do ghabhadar orum, agus níor mhothuigh mé: cá huáir mhúisceolas mé? íarrfa mé fós a rís é.
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 24 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31