bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Proverbs 8
Proverbs 8
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 9 →
1
Nach éighionn a neagna? agus nach ccurionn an tuigsi a guth amach?
2
Seasnidh sí a mullach áiteadh árd, láimh ris an tslighe a monad na ccasáin.
3
Atá sí ag eígheadh ré táobh na ngeatadha, a bport an bhaile, mar a ttigthear a steach annsna doirsibh.
4
Oruibhsi, a dhaoine, atáim ag gairm; agus chum mac an duine atá mo ghuth.
5
O a dhaoine simplídhe, tuigidh eagna: agus, sibhsi a amadána, bíodh bhur ccroidhe tuigsionach.
6
Eistigh; óir laibhéoruidh mé ar neithibh oirdhearca; agus biáidh fosgladh mo bhéil ar neithibh cearta.
7
Oír laibhéoraidh mo bhéul fírinne; agus is adhfhúathmhaireacht dom phuisínibh a nurchóid.
8
Atáid bríathra mo bhéil uile a bhfíreantacht; ní bhfuil aóinní cam nó urchóideach ionta.
9
Atáid síad uile soilléir don tí thuigios; agus díreach don droing do gheibh éolus.
10
Gabhaidhsi mo theagasg, agus ní airgiod; agus éolus tar a nór toghtha.
11
Oír is fear a neagna náid na clocha búadha; agus na huile neithe is féidir do dhúiliughadh ní hionchoimhmeasta ría íad.
12
Misi a neagna áitreabhuim a bhfochair na críonnachta, agus do gheibhim amach éolus ar neithibh ínntleachtacha.
13
Así eagla an TIGHEARNA an tolc dfúathughadh an túabhar: agus a niomarcaidh, agus an droichshlighe, agus fúathuighim, an béul míolabharthach.
14
Is leamsa comhairle, agus eagna iomlán: agus is misi an tuigsi; agus is liom neart.
15
Is tríomsa ríoghaid na ríghthe, agus órduighid prionnsuighe ceart.
16
Is tríomsa riaghluid prionnsadha, agus na húaisle, agus breitheamhuin na talmhan uile.
17
Grádhuighim an mhéid ghrádhuighios mé; agus an drong íarrus mé go moch do gheabhuid mé.
18
Atá saidhbhrios agus onóir agam; fós, saidhbhrios biothbhúan agus fíréuntacht.
19
Is féarr mo thoradh ná ór, fós, ná ór glan; agus mo chíos ná airgiod toghtha.
20
Tréoruighim a slighe a nionnracuis, a meadhon chasán an bhreitheamhnuis:
21
Chor go ttuga mé air an ndroing ler bhionmhuin mé saidhbhrios do shealbhughadh; agus líonfuídh mé a nionnmhusa.
22
Do shealbhuigh an TIGHEARNA mé a ttosach a shligheadh, roimhe a oibreachaibh a nallúd.
23
Do suigheadh súas mé ó shiorruigheacht, ó thosach, suil do bhí an talamh ann.
24
A nuáir nach rabhadar aigéinn ann, do rugadh misi; a nuáir nach rabhadar toibhreacha ar bith líonta duisge.
25
Suil do bhí suighiughadh na sléibhte, roimhe na cnocaibh do rugadh misi:
26
Tan nar ndearna sé fós an talamh, nó na machairighe, nó na háite is áirde do lúaithreadh an domhuin.
27
A núair dullmhaigh sé na flaithis, do bhí misi annsin: a nuáir do chuir sé compás air aghaidh a naigéin:
28
A nuáir do dhaingnidh sé na néulla shúas: a nuáir do neartuigh sé fúmairighe a naigéin:
29
A nuáir thug sé a fhúagra do nfairge, nach rachaidís na huisgeadha tar a aithne: a nuáir do órduigh sé bunáit na talmhan:
30
Annsin do bhí misi aige, mar neach tugadh súas iona fhochair: agus bá mé a dhúil go láetheamhuil, ag gáirdeachus iona fhiadhnuise a gcomhnuidhe;
31
Ag gáirdeachus annsa chuid ionáitreibhthe da thalamh; agus do bhádar mo dhúil lé macaibh na ndaoine.
32
Anois ar a nadhbharsin éistigh riom, a chlann: óir is beannuigh an drong choimhéadas mo shlighthe.
33
Eistigh re teagasg, agus bíthí críonna, agus na díultuighe é.
34
Is beannuigh an té éistfios riomsa, ag faire go láetheamhuil ag mo gheatadhuibh, ag feithiomh ag ursanaibh mo dhoirsi.
35
Oír gidh bé gheabhas misi do gheabha sé beatha, agus do gheabha fabhar ón TIGHEARNA.
36
Acht an té pheacuighios am aghuidhsi do ní sé éagcóir air a anam féin: gach a bhfúathuighionn mé grádhuighid síad an bás.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31