bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Proverbs 10
Proverbs 10
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 11 →
1
Seanraidhte Sholuimh. Do ní mac críonna athair sólásach: acht sé an mac leamh dubhachus a mháthair.
2
Ní thárbhuighid ionmhusa na nolc aóinní: acht sáoruidh an tionnracus ó bhás.
3
Ní fhuileonguidh an TIGHEARNA anam a nionruic do dhul don ghorta: acht teilgidh sé maóin an chiontaigh seachad.
4
An té chumlas lé laimh mhainneachtnuigh thig sé chum bochtuine: achd do ní lámh an dúthrachtaigh sáidhbhir.
5
An té chruinnighios annsa tsámhradh mac críonna é: acht an té chodhlas annsa bhfóghmhar is mac do gheibh náire é.
6
Atá sonus ar cheann a nfíréin: acht folchuidh foiréigion béul na cciontach.
7
As beannuigh cuimhne a nfíréin: acht loighfigh ainm an drochdhuine.
8
Glacfuidh an duine glic a ccroidhe aitheanta chuigh: acht tuitfidh an tamadán síorchainteach.
9
An té shiubhlas go hionnruic imthighidh go daingion: acht an té mhillios a shlighthe aitheontar é.
10
An té chláonas le na shúil tabhuigh sé dóbrón: acht tuitfidh a nóinmhid shíorchainteach.
11
Is tobar beatha béul an duine ionruic: acht folchaigh foiréigion béul na cciontach.
12
Dúisgidh an fúath imreasuin: acht folchuidh an grádh na huile chionta.
13
Do gheibhthior eagna a mbéul an té agá mbí tuigse: acht atá slat a ccoinne dhroma an té bhíos a néagmhuis tuigsiona.
14
Do níd na daoine críonna stór éoluis: acht is fogus béul a namadáin daidhmhilleadh.
15
Isé saidhbhrios an duine shaidhbhir a chathair neartmhar: sí a mbochdaine scrios na mbocht.
16
Tríalluidh sáothar a nfírein chum beatha: toradh an chionntoigh chum peacaidh,
17
An té choimhéadas teagasg atá sé a slighe na beatha: acht an té dhíultas smachtughadh atá sé air seachrán.
18
An té cheilios fúath lé puisínibh bréagacha, agus an té labhras scannail, is amadán é.
19
Ní bhí díth peacaidh a niomad na mbríathar: acht an té chongmhus air a bhéul atá críonna.
20
Is airgiod toghtha teanga a nfíréin: is beag is fíu croidhe an drochdhuine.
21
Beathuighidh béul a nfíréin mórán: acht éugaid na hamadáin do dhíth eagna.
22
Do ní beannughadh an TIGHEARNA, saidhbhir, agus ní chuirionn doilghios ar bith iona choimhideacht.
23
Is ait leis a namadán urchóid do dhéanamh: acht bí críonnacht aig fear na tuigsi.
24
Tuitfidh eagla an drochdhuine, air féin: acht aointeochthar iarratas a nfíréin.
25
Mar imthighios an gháoth ghuáirdeáin, mar sin ni bhíonn an drochdhuine ní sa mho: acht is bunáit shíorruidhe an tionnruic.
26
Mar bhíneagra do na fíaclaibh agus deatach do na súilibh, marsin bhíos an lorgánach don druing chuirios úatha é.
27
Cuiridh eagla an TIGHEARNA fad ar na láethibh: acht géarrfuighear blíadhna an drochdhuine.
28
Dóthchus bhus lúathgháire do nfíréun: acht rachaidh furachus an drochdhuine ar meath.
29
Is neart do nionruic slighe an TIGHEARNA: acht bíaidh sgrios air lucht oibrighthe a néigceirt.
30
Ní corrochthar an fíréan choidhche: acht ní áitreobhuidh an ciontach an talamh.
31
Do bheir béul an duine cheirt críonacht úadh: acht géarrfuighthear amach an teanga mhillteach.
32
Aithnighid puisínigh a nfíréin cred is ionghlactha: acht labhruidh béul an chiontuigh go cam.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31