bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Proverbs 25
Proverbs 25
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 24
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 26 →
1
Is íad so mar an gcéadna seanráite Sholuimh, noch do aithscríobh muinntir Heseciah rígh Iúdah.
2
Isí glóir Dé ní do cheilt: acht isé onoir na ríogh cúis do spíonadh amach.
3
Atá an flaitheamhnus air áirde, an talamh ar dhoimhne, agus croidhe an rígh doscrúdtaigh.
4
Bain an salchar as a nairgiod, agus tiocfuidh sóitheach amach don chéard.
5
Beir leachd an drochduine ó fhiadhnuise an rígh, agus daingneochthar a chathaóir a bhfíreantacht.
6
Ná cuir thú féin amach a lathair an rígh, agus ná seas a náit dhaóine móra:
7
Oír is féarr dhuit a rádh riot, Tárr a níos annso; ná do chur ní is isle as coinne an phrionnsa noch do chonncadar do shúile.
8
Ná himthigh amach go hobann do chríoncán, deagla nach mbíodh a fhios agad cred do dhéantá ann a dheireadh, tar éis do chomharsa dot chur chum náire.
9
Aidhnis do chúis red chomharsain; agus ná foillsigh seicréid do neach oile:
10
Deagla go ccuirfeadh an té do chluinfeadh thú naire ort, agus nach bhfillfeadh do mhíochlú.
11
Is cosmhuil focal labharthar go hiomchubhaidh ré húbhlaibh óir a bpictíuruibh airgid.
12
Amhuil clúasfháinne óir, agus amhuil córughadh dór ghlan, marsin bhíos an taithbhiorach glic ar chlúais umhail.
13
Mar bhíos fúacht an tsneachta a náimsir a nfoghmhair, marsin bhíos an teachtaire díleas don druing chuirios úadh é: óir aithbhéoghuidh sé anam a mhaighistir.
14
Gidh bé mhaóidhios é féin ar son tiodhlaiceadh fallsa is cosmhuil é ré néulluibh agus ré gaóith gan fhearthuinn.
15
Le hiomchar fada cláochluighthior prionnsa, agus brisigh teanga bhog an cnáimh.
16
An bhfuáir tú mil? ith an mhéid is lór dhuit di, deagla go mbeitheá líonta dhe, agus go sceithfeá í.
17
Connaimh do chos ó thigh do chomharsan; deagla go mbeith sé cuirthe dhíot, agus go bhfúathochadh sé thú.
18
An te do ní fiadhnuise bhréige a naghaidh a chomharsan is farca, cloidheamh, agus soighíod rinneach é.
19
Is cosmhuil dóigh a nduine neimhdhílios a naimsir na buáidheartha re fíacail bhriste, agus re cois léonta.
20
Amhuil an té thógbhas leis éadach a naimsir dhoininne, agus amhuil bhinéagra ar nitre, marsin don té chánas fuinn do chroidhe dhúbhach.
21
Má bhíonn do námhaid ocrach, tabhair arán dó re ithe; agus má bhíonn tart air, tabhair uisge dhó ré a ól:
22
Oír crúachfuidh tú sméaróide teineadh air a chionn, agus cúiteochuidh an TIGHEARNA sin riot.
23
Cuiridh an gháoth thúaigh a nfearthuinn ar ccúl: marsin do ní an ghnúis fheargach an teanga ithiomráidhteach.
24
Is féarr áitreabh a ccoirnéul do mhullach an tighe, ná a bhfochair mná géire agus a ttigh fhairsing.
25
Mar uisgeadha fúara do nanam thartmhar, is marsin bhíd scéula maithe as tír imchéin.
26
Is amhuil do thobar bhuáidheartha, agus dfúarán truáillighthe, duine ionnruic ag tuitim síos a lathair an chiontoigh.
27
Ní maith mórán meala dithe: marsin ní glóir do dhaoine a nglóir fein do spíonadh.
28
An té ag nach bí ríaghuil ós cionn a spioruide féin is cosmhuil é re caithruidh bhriste síos, gan bhalladha.
← Chapter 24
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 26 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31