bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Proverbs 11
Proverbs 11
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 12 →
1
Is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA comhthrom fhallsa: acht sé an comhthrom ceart a dhúil.
2
A nuáir thig an túabhar, annsin thig náire: achd bí eagna ag na daóinibh úmhla.
3
Tréorachuidh iomláine na nionnrac íad féin: acht millfidh urchóid na sáruightheach íadsan.
4
Ní tharbhuighionn an saidhbhrios a ló an dioghaltais: acht sáoruidh a nfíréantachd ó bhás.
5
Díreochuidh a nfíréantacht an duine iomlán air a shlighe: acht tuitfidh an ciontach le na chiontaibh féin.
6
Sáorfuidh fíréantacht na nionnrac íad féin: acht géabhthar lucht an tsáruighthe iona néagcóruibh féin.
7
A nuair éugas an drochdhuine, éugaidh a dhóthchus: agus imthighidh dóthchus na ndaoine neimhionnraic.
8
Tárthuighthear an fíréun as a bhuáireadh, agus thig an drochdhuine iona áit.
9
Millidh an meabhlach a chomharsan le na bhéul: acht tré éolus sáorfuighear an tionnraic.
10
A nuáir bhithear go maith ag na fíréanaibh, gáirdighidh an chathair: agus a nuáir marbhthar an drochdhuine, bí lúathgháire ann
11
Lé beannughadh a nionnraic árduighthear an chathair: acht leagthar í le béul an chionntuigh.
12
An té bhíos a néugmhuis críonachta tarcuisnigh sé a chomharsa: acht bí fear na tuigsiona na thocht.
13
Foillsighidh aithriseach sgéul seicréidigh: acht an té agá mbí spiorad fírinneach ceilidh sé an tadhbhar.
14
A náit nach bí comhairle, tuitidh an pobal: acht a niomad na ccomhairleach bhíos daingean.
15
An té bhíos a nurrudhas ar choimhidheach goirteochthar ann é: agus an té fhúathuighios urradhas bí sé daingion.
16
Conghmaidh bean ghrásamhuil onóir: agus cumhduíghid na daóine láidre saidhbhrios.
17
Do ní an duine trócaireach maith dhá anam féin: acht an té bhíos éattrocaireach buáidhridh sé a fheóil féin.
18
Oibrighidh an drochdhuine obair mheallta: acht don té shíolchuireas fíréantacht biáidh lúach dearbhtha aige.
19
Amhail chéimnighios fíréantacht chum beatha: mairsin an té leanas an tolc leanuigh sé chum a bháis féin.
20
An drong agá mbí croidhe urchóideach is adhfhúathmhaireachd don TIGHEARNA íad: acht an mhéid bhíos díreach íona slighe a síad sin a dhúil.
21
Bíodh go níadhfadh lámh a láimh, ní bhiáidh an drochdhuine gan dioghaltas: acht sáorfuighthior sliocht a nfíréin.
22
Mar shéud óir a sruimh muice, is mar sin bhíos bean bhréadha air dhíth discréide.
23
Fonn a nfíréin amháin an mhaith: acht dóthchus an drochdhuine dioghaltas.
24
Bí neach ann sgaóileas, agus thairis sin bheirios biseach; agus neach chongmhas ní is mó no is iomchubhaidh, acht is chum bochtuine thig sé.
25
Do dhéantar an tanam dáonachtach méith: agus an té fhliuchas fliuchfuíghthéar é féin mar an gceudna.
26
An té thaisgios arbhar, mailleochuidh an pobal é: acht biáidh beannacht air cheann an te reacas é.
27
Gidh bé íarrus maith go dúthrachtach tuillidh sé fabhar: acht an té íarrus tubaiste, tiucfaidh sí chuige.
28
An té chuirios a dhóigh iona shaidhbhrios tuitfidh sé: acht bláithfid na fíréin amhuil buinneáin.
29
An té bhuáidhrios a thigh féin budh leis oighreacht na gaóithe: agus biáidh an tamadán na óglach ag an ccríonna a ccroidhe.
30
Is crann beatha toradh a nionraic; agus an té ghnodhuighios anmanna is críonna é.
31
Féuch, béarthar luaigheacht do nfíréun annsa tsáoghal: ca mhéad ní sa mhó ná sin don chiontach agus don pheacach.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31