bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Mark 12
Mark 12
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 13 →
1
Agus do thosnuigh sé ar labhairt leo i samhlaoidibh. Do chuir duine áirithe fíon‐ghort, agus do chuir sé fál ’n‐a thimcheall, agus do rinne sé clais ann le h‐aghaidh daibhche an fhíona, agus do thóg se túr, agus thug sé ar cíos do scológaibh é, agus d’imthigh sé go tír eile.
2
Agus nuair tháinig an séasúr, do chuir sé searbhónta chum na scológ, chum cuid de thoradh an fhíon‐ghuirt d’fhágháil ó na scológaibh.
3
Agus do rugadar air, agus do ghabhadar air, agus do chuireadar uatha folamh é.
4
Agus arís do chuir sé searbhónta eile chuca; agus do ghoineadar eisean sa gceann, agus thugadar tarcuisne dhó.
5
Agus do chuir sé duine eile chuca; agus do mharbhadar é: agus a lán eile; do ghabhadar ar chuid aca, agus do mharbhadar cuid eile.
6
Do bhí aige aon mhac amháin, ionmhain: agus do chuir sé eisean chuca sa deireadh mar an gcéadna, ’g‐a rádh, Do‐bhéarfaid urraim dom’ mhac.
7
Acht adubhairt na scológa le n‐a chéile, Is é seo an t‐oighre; téanam, marbhaimís é. Agus béidh an oigheacht againne.
8
Agus do rugadar air, agus do mharbhadar é, agus do chaitheadar as an bhfíon‐ghort amach é.
9
Créad do‐ghéanas tighearna an fhíon‐ghuirt annsin? tiocfaidh sé agus scriosfaidh sé na scológa, agus do‐bhéarfaidh sé an fíon‐ghort do dhaoinibh‐eile.
10
An é nár léigheabhar an scrioptúir seo: An chloch d’ar dhiúltaigh na saoir, Atá cloch chinn chúinne déanta dhí:
11
Is é an Tighearna do rinne é Agus is iongnantach é in ár súilibh?
12
Agus do bhíodar ag iarraidh faille chum greim d’fhágháil air, acht do bhí eagla an phobail ortha; óir do thuigeadar gurab ’n‐a n‐aghaidh féin d’innis sé an tsamhlaoid sin: agus d’fhágadar é agus d’imthigheadar.
13
Agus do chuireadar chuige cuid de na Fairisíneachaibh, agus de mhuinntir Ioruaith, chum go gcuirfidís i dteannta é sa gcainnt.
14
Agus nuair thángadar, adubhradar leis, A Mháighistir, atá a fhios againn gur duine fírinneach thú, agus nach bhfuil beann agat ar aoinneach: óir is cuma leat pearsa aon duine, acht múineann tú slighe Dé de réir na fírinne. An dleaghthach cáin do thabhairt do Chéasar, nó gan a tabhairt?
15
An dtiubhraimíd i, nó nach dtiubhraimíd? Acht d’aithin seisean a gcealg, agus adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur cathuighthe orm? tabhraidh pinginn chugam go bhfeicead í.
16
Agus thugadar chuige í. Agus adubhairt sé leo, Cia leis an íomháigh agus an scríbhinn seo? agus adubhradar leis, Le Céasar.
17
Agus adubhairt Íosa leo, Tabhraidh do Chéasar na neithe is le Céasar, agus do Dhia na neithe is le Dia. Agus do b’iongnadh mór leo é.
18
Agus tháinig Saddúicínigh chuige, daoine adeir nach bhfuil aiséirghe ann; agus d’fhiafruigheadar de, ’g‐a rádh,
19
A Mháighistir, do scríobh Maois dúinn, Dá bhfaghadh dearbhráthair duine bás, agus dá bhfágadh sé bean ’n‐a dhiaidh, agus nach bhfágfadh sé clann, go nglacfadh a dhearbhráthair an bhean, agus go dtógfadh sé sliocht d’á dhearbhráthair.
20
Is amhlaidh do bhí móir‐sheisear dearbhráthar ann: agus do phós an chéad duine aca bean, agus fuair sé bás gan sliocht d’fhágáil;
21
agus do ghlac an dara duine aca í, agus fuair seisean bás gan sliocht d’fhágáil; agus an treas duine mar an gcéadna:
22
agus do ghlac an móir‐sheisear í gan sliocht d’fhágáil. I n‐a dhiaidh sin fuair an bhean féin bás.
23
Nuair thiocfas an aiséirghe, cia aca dhíobh gur leis an bhean? óir do bhí sí ’n‐a mnaoi ag an móir‐sheisear.
24
Adubhairt Íosa leo, Nach é an t‐adhbhar atá ag bhúr gcur amugha, gan eolas do bheith agaibh ar na scrioptúiribh, ’ná ar chumhacht Dé?
25
Óir, nuair éireochas siad ó na marbhaibh, ní bhéidh daoine ag pósadh ná ag tabhairt le pósadh; acht bhéidh siad mar na h‐aingil ins na flaitheasaibh.
26
Acht i dtaobh na marbh, go n‐aiséirigheann siad; nár léigheabhar i leabhar Mhaoise, mar a dtráchtar ar an sceich, cionnas do labhair Dia leis, ’g‐a rádh, Is mise Dia Abrachaim, agus Dia Iosóig, agus Dia Iácóib?
27
Ní h‐é Dia na marbh é, acht Dia na mbeo: d’á bhrigh sin, atá sibh‐se amugha go mór.
28
Agus tháinig chuige duine de na scríobhaidhthibh do bhí ag éisteacht leis an diospóireacht do bhí eadortha, agus ó do bhí a fhios aige a fheabhas d’fhreagair sé iad, d’fhiafruigh sé dhe, Créad í an phríomh‐aithne de na h‐aitheantaibh uile?
29
Agus d’fhreagair Íosa, Is í an phríomh‐aithne dhíobh uile, Éist, a Israel; is aon Dia amháin do Thighearna‐sa:
30
agus grádhfaidh tú an Tighearna do Dhia ó do chroidhe go h‐iomlán, agus ó t’anam go h‐iomlán, agus ó t’inntinn go h‐iomlán, agus ó do neart go h‐iomlán.
31
Is í an dara h‐aithne, Grádhfaidh tú do chómharsa mar tú féin. Ní fhuil aithne eile is mó ’ná iad so.
32
Agus adubhairt an scríobhaidhe leis, Is fíor dhuit é, a Mháighistir, is maith adubhrais gurab aon Dia amháin é; agus nach bhfuil ann acht é:
33
agus a ghrádhadh ó’n gcroidhe go h‐iomlán, agus ó’n dtuigsin go h‐iomlán, agus ó’n neart go h‐iomlán, agus an chómharsa do ghrádhadh mar an duine féin, gur mó sin go mór ’ná na h‐íodhbartha dóighte agus na h‐ofrála go léir.
34
Agus nuair do chonnaic Íosa gur fhreagair sé go ciallmhar, adubhairt sé leis, Ní fhuilir‐se i bhfad ó ríoghacht Dé. Agus níor lámh aon duine ceist do chur air as sin amach.
35
Agus ag teagasc d’Íosa sa teampall, adubhairt sé, Cionnas adeir na scríobhaidhthe gur mac do Dháibhi Críost?
36
Adeir Dáibhi, féin tríd an Spiorad Naomh: Adubhairt an Tighearna lem’ Thighearna‐sa, Suidh ar mo láimh dheis, Nó go ndéanad stól ded’ náimhdibh fá bhonn do chos.
37
Goireann Dáibhi féin Tighearna dhe; agus cionnas atá sé ’n‐a mhac aige? Agus d’éist an sluagh go fonnmhar leis.
38
Agus sa teagasc dó adubhairt sé, Seachnaidh na scríobhaidhthe, gur mian leo siubhal i róbaibh fada, agus go n‐umhlóchthaidhe dhóibh ar áit na margadh,
39
agus na suidheacháin tosaigh d’fhágháil ins na sionagógaibh, agus ins na fleadhannaibh:
40
iad‐san shloigeas tighthe na mbaintreabhach, ar scáth urnaighthe fada; do‐gheobhaid‐sean an breitheamhnas is truime.
41
Agus do shuidh sé os cómhair an chiste, agus thug sé fá deara cionnas do chuireadh na daoine airgead isteach sa gciste: agus do chuir a lán daoine saidhbhir mórán isteach ann.
42
Agus tháinig baintreabhach bhocht amháin, agus do chuir sise isteach ann dá chianóig, do‐ghní feoirling.
43
Agus do ghlaodh sé chuige a dheisceabail, agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Is mó do chuir an bhaintreabhach bhocht so isteach ’ná iad‐san uile d’á bhfuil ag cur nidh ann:
44
Óir is d’á n‐acfuinn do chuireadar‐san ann acht do chuir sise ann, d’á dealbhas, a raibh aici, a cuid de’n tsaoghal.
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 13 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16