bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Mark 8
Mark 8
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 9 →
1
Ins na laethibh sin, nuair do bhí sluagh an‐mhór ann arís, agus gan aon nidh le n’ithe aca, do ghlaodh sé a dheisceabail chuige, agus adubhairt sé leo,
2
Atá truagh agam do na daoinibh, óir atáid im’ fhochair trí lá anois, agus gan aon nidh le n’ithe aca:
3
agus dá gcuirinn abhaile iad ’n‐a dtroscadh, do rachaidís i n‐anbhfainne sa tslighe; agus atá cuid aca tháinig i bhfad.
4
Agus d’fhreagair a dheisceabail é, Cé an áit ’n‐a bhféadfadh aoinneach arán d’fhágháil annso sa bhfásach leis na daoine seo do shásamh?
5
Agus d’fhiafruigh sé dhíobh, Cá mhéid bollóg atá agaibh? Agus adubhradar‐san, Seacht.
6
Agus d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe síos ar an talamh: agus do ghlac sé na seacht mbollóga chuige, agus tar a éis dó buidheachas do ghabháil, do bhris sé iad; agus thug sé d’á dheisceablaibh iad le cur os cómhair an tsluaigh.
7
Agus do bhí roinnt iasc beag aca: agus nuair do bheannuigh sé iad, d’órduigh sé dhóibh iad so do chur os a gcómhair mar an gcéadna.
8
Agus d’itheadar, agus do bhí a ndóthain aca: agus do thógadar lán seacht gciseán de’n bhiadh briste do bhí fágtha.
9
Agus do bhí timcheall ceithre míle duine sa méid do chaith an biadh: agus do chuir sé uaidh iad.
10
Agus ar an láthair do chuaidh sé isteach sa mbád i n‐éinfheacht le n‐a dheisceablaibh, agus tháinig sé isteach i gceanntar Dalmanúta.
11
Agus tháinig na Fairisínigh amach, agus do thosnuigheadar ar chonspóideacht leis, ag iarraidh cómhartha ó neamh air, ’g‐á thriail.
12
Agus do leig sé osna ó íochtar a anma, agus adubhairt sé, Cad chuige do’n chinéal so bheith ag iarraidh cómhartha? Go fírinneach adeirim libh, Ní tabharfar aon chómhartha do’n chinéal so.
13
Agus d’fhág sé iad, agus ag dul ar bórd dó arís, d’imthigh sé go dtí an bruach eile.
14
Agus do dhearmadar arán do bhreith leo; agus ní raibh aca sa mbád ach aon bhollóg amháin.
15
Agus thug sé foláireamh dhóibh, ’g‐á rádh, Féachaidh, seachnaidh laibhín na bhFairisíneach, agus laibhín Ioruaith.
16
Agus do phléidheadar eadortha féin, ’g‐a rádh, Ní fhuil aon arán againn.
17
Agus nuair do bhí a fhios ag Íosa, adubhairt sé leo, Cad chuige a bhfuil sibh ag diospóireacht toisc gan arán do bheith agaibh? an é nach bhfeiceann sibh, agus nach dtuigeann sibh fós? an bhfuil bhúr gcroidhe dúr fós?
18
Atá súile agaibh, agus nach bhfeiceann sibh? atá cluasa agaibh, agus nach gcuimhnigheann sibh?
19
Nuair do bhriseas na cúig bollóga do’n chúig míle duine, cá mhéid ciseán do thógabhar de’n bhiadh briste? Adubhradar‐san leis, Dhá chiseán déag.
20
Agus na seacht mbollóga do’n cheithre míle, cá mhéid lán ciseáin do thógabhar de’n bhiadh briste? Agus adubhradar‐san leis, Seacht gciseáin.
21
Agus adubhairt sé leo. An é nach dtuigeann sibh fós?
22
Agus thángadar go Bétsáida. Agus thugadar dall chuige, agus d’iarradar air a lámh do chur air.
23
Agus do rug sé ar láimh ar an dall, agus do threoruigh sé as an mbaile amach é; agus nuair do chuir sé seile ar a shúilibh, do leag sé a lámha air, agus d’fhiafruigh sé dhe An bhfeiceann tú aon nidh?
24
Agus d’fhéach seisean suas, agus adubhairt, Do‐chím daoine, mar do bhéadh crainn, agus iad ag siubhal.
25
Annsin do chuir sé a lámha arís ar a shúilibh, agus d’fhéach seisean suas, agus do bhí sé leigheasta, agus do chonnaic sé gach nidh go soiléir.
26
Agus do chuir sé abhaile é chum a thighe féin, agus adubhairt sé leis, Ná téighir isteach sa mbaile beag ar aon chor.
27
Agus do chuaidh Íosa agus a dheisceabail isteach i sráid‐bhailtibh Chaesaréa Philib: agus ar a slighe dhóibh do chuir sé ceist ar a dheisceablaibh, ’g‐a rádh leo, Cia h‐é adeir na daoine gur mise?
28
Agus d’fhreagradar, agus adubhradar leis, Eoin Baiste; agus adeir cuid eile, Élias; agus cuid eile fós, Aon de na fáidhibh.
29
Agus d’fhiafruigh sé dhíobh, Acht cia h‐é adeir sibh‐se gur mé? D’fhreagair Peadar agus adubhairt sé leis, Is tusa an Críost.
30
Agus thug sé foláireamh dhóibh gan a innsin d’aon duine ’n‐a thaobh féin.
31
Agus do thosnuigh sé ar a innsint dóibh, go gcaithfeadh Mac an Duine mórán d’fhulang, agus diúltadh d’fhágháil ó na seanóiribh, agus ó na h‐árd‐shagartaibh, agus ó na scríobhaidhthibh, agus go gcuirfidhe chum báis é, agus go n‐éireochadh sé tar éis trí lá.
32
Agus adubhairt sé leo é go foscailte. Agus thug Peadar i leith é, agus do thosnuigh sé ar achmhusán do thabhairth dó.
33
Acht ar chasadh thart, agus ar fheicsin a dheisceabal dó, do cheartuigh sé Peadar, agus adubhairt sé, Imthigh taobh thiar díom, a Shátain: óir ní h‐iad neithe Dé is mian leat‐sa acht neithe daoine.
34
Agus do ghlaodh sé chuige an sluagh agus a dheisceabail, agus adubhairt sé leo, Má’s áil le h‐aoinneach mise do leanamhain, diúltadh sé dhó féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé.
35
Óir cibé duine gur mian leis a anam do shaoradh, caillfidh sé é; agus cibé duine chaillfeas a anam ar mo shon‐sa agus ar son an tsoiscéil, saorfaidh sé é.
36
Óir cad é an tairbhe do dhuine, dá ngnóthuigheadh sé an saoghal go h‐iomlán, agus a anam do chailleamhain?
37
Óir cad í an mhalairt do dhéanfadh duine ar a anam féin?
38
Óir cibé duine lé’r nár mise agus mo bhriathra i láthair an chinéil adhaltrannaigh pheacamhla so, budh nár le Mac an Duine eisean mar ar gcéadna nuair thiocfas sé i nglóir a Athar, i n‐éinfheacht leis na naomh‐ainglibh.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16