bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Mark 3
Mark 3
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 4 →
1
Agus do chuaidh sé isteach aris sa tsionagóig; agus do bhí fear annsin ag a raibh lámh leis seargtha.
2
Agus do bhíodar ag faire an leigheasfadh sé é, lá na sabóide: le súil go mbéadh cúis aca air.
3
Agus adubhairt sé leis an bhfear ag a raibh an lámh sheargtha, Seas amach annso.
4
Agus adubhairt sé leo, Cia aca is dleaghthach, an mhaith do dhéanamh, nó an t‐olc do dhéanamh, lá na sabóide? anam duine do shlánú nó do mhilleadh? Acht d’fhanadar‐san ’n‐a dtost.
5
Agus ag féachain dó go feargach ’n‐a thimcheall ortha, agus brón air mar gheall ar chruadhas a gcroidhe, adubhairt sé leis an bhfear: Sín amach do lámh uait. Do shín: agus do leigheasadh an lámh.
6
Agus d’imthigh na Fairisínigh amach, agus ar an lathair do ghlacadar cómhairle le muinntir Ioruaith ’n‐a aghaidh, agus iad ag iarraidh slighe do cheapadh le n‐a mhilleadh.
7
Acht d’imthigh Íosa agus a dheisceabail i dtreo na fairrge: agus do lean sluagh mór é ó’n nGalilé,
8
agus ó Iúdaea, agus ó Iarúsalem, agus ó Idúmaea, agus ó’n taobh thall de Iórnán, agus daoine as ceanntar Thuire agus Shídóine, thángadar ’n‐a sluagh mór chuige, nuair do‐chualadar tuairisc na ngníomh mór do bhí déanta aige.
9
Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh bád beag do choimhéad i gcómhair dhó i gcómhnaidhe, mar gheall ar an sluagh, ar eagla go mbrúghfaidís é;
10
óir do bhí sé tar éis mórán daoine do leigheas; ar chuma go raibh na daoine ar a raibh aicíd ar bith, go raibh siad ag brúghadh isteach air, ag cuimilt leis.
11
Agus nuair do‐chíodh na spioraide neamh‐glana é, do shléachtaidír dó, agus do ghlaodhaidís amach agus adeiridís, Is tusa Mac Dé.
12
Agus do chuir sé cosc leo go minic, gan leigean dóibh é d’fhoillsiú.
13
Agus do chuaidh sé suas ar an gcnoc, agus do ghlaodh sé chuige na daoine ba thoil leis: agus thángadar chuige.
14
Agus do thogh sé dhá fhear déag le bheit ’n‐a fhochair, go gcuirfeadh sé amach ag seanmórú iad,
15
agus go mbéadh ar a gcumas deamhain do chaitheamh amach:
16
agus thug sé Peadar mar ainm ar Shíomón;
17
agus Séamas mac Shebedé, agus Eoin dearbhráthair Shéamais, ortha‐san thug sé Bóanérges, is é sin, Mic tóirnighe:
18
agus Aindrias, agus Pilib, agus Parthalán, agus Matha, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaeuis, agus Taddaeus,
19
agus Síomón an Canáníteach, agus Iúdás Iscariót, an fear do bhraith é.
20
Agus tháinig sé isteach i dtigh. Agus do chruinnigh an sluagh arís, i dtreo nárbh fhéidir dhóibh fiú biadh do chaitheamh.
21
Agus nuair do‐chuala a cháirde é, do chuadar amach le breith air; mar adubhradar, Is ar mí‐chéill atá sé.
22
Agus na scríobhaidhthe tháinig anuas ó Iarúsalem, adubhradar‐san, Atá Belsibub ann, agus is le cumhacht prionnsa na ndeamhan chaitheas sé na deamhain amach.
23
Agus do ghlaodh sé chuige iad, agus adubhairt sé leo i samhlaoidibh, Cionnas is féidir le Sátan Sátan do chaitheamh amach?
24
Agus má bhíonn ríoghacht deaghailte ’n‐a coinnibh féin, ní féidir do’n ríoghacht sin seasamh.
25
Agus má bhíonn líon tighe deaghailte ’n‐a choinnibh féin, ní féidir do’n líon tighe sin seasamh.
26
Agus má éirigheann Sátan ’n‐a choinnibh féin, agus é do bheith deaghailte ann féin, ní féidir dhó‐san seasamh, acht atá deireadh leis.
27
Ní féidir d’aon duine dul isteach i dtigh an fhir láidir, agus a throscán d’fhuadach leis, muna gceanglaidh sé ar dtús an fear láidir: annsin sladfaidh sé a theach.
28
Go fírinneach adeirim libh, Maithfear do chlannaibh daoine a bpeacaidhe go léir, agus gach dia‐mhasladh d’á ndéanfaid:
29
acht cibé duine adéaras dia‐mhasladh i n‐aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh seisean maitheamhnas choidhche, acht béidh sé cionntach i bpeacadh síorraidhe;
30
óir adubradar, Is spioraid neamh‐ghlan atá ann.
31
Agus tháinig a mháthair agus a dhearbhráithre: agus ’n‐a seasamh dhóibh amuigh, do chuireadar fios air, ag glaodhach air.
32
Agus do bhí sluagh suidhte ’n‐a thimcheall: agus adubhradar leis, Féach, atá do mháthair agus do dhearbhráithre amuigh, agus iad ’gad’ lorg.
33
Agus d’fhreagair sé iad agus adubhairt, Cia h‐iad mo mháthair agus mo bhráithre‐se?
34
Agus ag dearcadh dhó thart ’n‐a thimhcheall ortha‐san do bhi ’n‐a suidhe ’n‐a thimcheall, adubhairt sé, Féachaidh, is iad sin mo mháthair agus mo bhráithre!
35
Óir cibé duine do‐ghní toil Dé, is é sin mo dhearbhráthair, agus mo dheirbhshiúr, agus mo mháthair.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16