bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Mark 2
Mark 2
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 3 →
1
Agus, i gcionn roinnte laetheanta ’n‐a dhiaidh sin, do chuaidh sé isteach arís i gCafarnaúm; agus do‐chualathas go raibh sé ag baile.
2
Agus do chruinnigh a lán daoine le chéile, i dtreo nach raibh slighe dhóibh ann, ná i dtimcheall an dorais féin: agus do labhair sé an briathar leo.
3
Agus tháinig daoine chuige agus fear pairiliseach ar iomchur aca, ceathrar do bhí ’g‐a iomchur.
4
Agus, de bhrigh nárbh fhéidir dhóibh teacht i ngar dó mar gheall ar an sluagh, do nochtadar bárr an tighe i n‐a raibh sé: agus do rinneadar foscailt ann, agus do leigeadar síos an leaba ar a raibh an fear pairiliseach ’n‐a luighe.
5
Agus nuair do chonnaic Íosa a gcreideamh, adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach, A mhic, atá do pheacaidhe maithte dhuit.
6
Acht do bhí scríobhaidhte áirithe ’n‐a suidhe annsin, agus iad ag machtnamh ’n‐a gcroidheachaibh:
7
Cad chuige a labhrann an fear so mar sin? dia‐mhasladh atá aige d’á dhéanamh: cia fhéadas peacaidhe do mhaitheamh acht Dia amháin?
8
Agus ar an láthair, ar n‐a fheiscin d’Íosa, ’n‐a spioraid féin, an machtnamh do bhi ’n‐a n‐aigne aca, adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheit ag machtnamh mar sin i n‐bhúr gcroidheachaibh?
9
Cia is fusa, a rádh leis an bhfear pairiliseach, Atá do pheacaidhe maithte dhuit; nó a rádh, Éirigh, agus tóg do leaba, agus siubhal?
10
Acht, chum go mbéidh a fhios agaibh go bhfuil cumhacht ar an domhan so ag Mac an Duine chum peacaidhe do mhaitheamh; (adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach),
11
Adeirim‐se leat, Éirigh, agus tóg do leaba, agus imthigh go dtí do theach.
12
Agus d’éirigh seisean ar an láthair, agus do thóg sé a leaba, agus d’imthigh sé amach i bhfiadhnaise a raibh ann; i dtreo go raibh uathbhás ortha uile, go dtugadar glóir do Dhia, agus iad ’g‐a rádh, Ní fhacamar a leithéid seo riamh.
13
Agus d’imthigh sé amach arís chum na fairrge; agus tháinig an sluagh uile chuige, agus do theagaisc sé iad.
14
Agus ag gábháil thairis dó, do chonnaic sé Lébhi mac Alfaéuis ’n‐a shuidhe ag bórd an chustuim, agus adubhairt sé leis, Lean‐sa mise. Agus d’éirigh seisean agus do lean sé é.
15
Agus tarla, nuair do shuidh sé chum bidh ’n‐a thigh‐sean, gur shuidh mórán poibleacán agus peacach i gcuideachtain Íosa agus a dheisceabal: óir do bhí a lán aca ann agus iad ’g‐a leanamhain.
16
Agus nuair do chonnaic scríobhaidhthe na bhFairisíneach é ag chaitheamh bidh i gcuideachtain poibleacán agus peacach, adubhradar le n‐a dheisceablaibh, Atá sé ag ithe agus ag ól i gcuideachtain poibleacán agus peacach.
17
Agus nuair do‐chuala Íosa é, adubhairt sé leo, Ní h‐ag daoinibh sláinteamhla atá gábhadh le liaigh, acht ag daoinibh breoite: ní chum na fíréin do ghlaodhach thánag‐sa, acht chum na peacaigh do ghlaodhach.
18
Agus do bhí deisceabail Eoin agus na Fairisínigh ag déanamh troscaidh: agus thángadar‐san agus adubhradar leis, Cad chuige a ndéanann deisceabail Eoin agus na bhFairisíneach troscadh, agus nach ndéanann do dheisceabail‐se troscadh?
19
Agus adubhairt Íosa leo, An féidir le lucht na bainise troscadh do dhéanamh fad is bhíos an fear nua‐phósta ’n‐a measc? fad is bhíos an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair, ní féidir leo troscadh do dhéanamh.
20
Acht tiocfaidh na laethe ’n‐a mbéarfar uatha an fear nua‐phósta; déanfaid troscadh an lá sin.
21
Ní fhuaghann aon duine giota d’éadach nua ar shean‐bhrat: má fhuaghann, bainfidh an preabán nua cuid de’n tsean‐éadach dhe, agus is measa‐de an stróic é.
22
Agus ní chuireann aon duine fíon úr i seithibh críona: má chuireann, brisfidh an fíon úr na seithí, agus caillfear an fíon mar aon leis na seithibh: acht curtar fíon úr i seithibh nua.
23
Agus tarla, ag gabháil tré ghortaibh arbhair dhó, lá na sabóide, gur thosnuigh na deisceabail, sa tsiubhal dóibh, ar na diasa do stothadh.
24
Agus adubhairt na Fairisínigh leis, Féach, Cad chuige dhóibh‐sean bheith ag déanamh nidh nach dleaghthach, lá na sabóide?
25
Agus adubhairt seisean leo, An é nár léigheabhar riamh an nidh do rinne Dáibhi, nuair do bhí gábhatar air, toisc go raibh ocras air féin agus ortha‐san do bhí i n‐éinfheacht leis?
26
Cionnas mar do chuaidh sé isteach i dtigh Dé, trát ’n‐a raibh Abiatar ’n‐a árd‐shagart, agus cionnas mar d’ith sé arán na fiadhnaise, nár dhleaghthach d’aoinneach d’ithe acht do na sagartaibh amháin. Agus thug fós dóibh‐sean do bhí i n‐éinfheacht leis?
27
Agus adubhairt sé leo, Is le h‐aghaidh an duine do ceapadh an tsabóid, agus ní le h‐aghaidh na sabóide do rinneadh an duine:
28
i gcaoi go bfuil Mac an Duine ’n‐a thighearna ar an tsabóid fein.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16