bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Mark 13
Mark 13
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 14 →
1
Agus nuair do bhí sé ag dul amach as an teampall, adubhairt duine d’á dheisceablaibh leis, A Mháighistir, féach, Nach breágh na clocha, agus nach breágh na foirnighthe iad!
2
Agus adubhairt Íosa leis, An bhfeiceann tú na foirgnighthe móra so? ní fágfar cloch ar muin cloiche dhíobh annso nach leagfar.
3
Agus ’n‐a shuidhe dhó ar chnoc na nOla‐chrann os cómhair an teampaill, d’fhiafruigh Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus Aindrias de, ar leithligh,
4
Innis dúinn, cá fhaide go dtiocfaidh na neithe seo? agus cad é an cómhartha bhéas ann go bhfuil na neithe seo uile ag teacht chum críche?
5
Agus do thosnuigh Íosa ar a rádh leo, Tabhraidh aire nach meallfaidh aoinneach sibh.
6
Tiocfaidh mórán daoine im’ ainm‐se, adéarfas, Is mise é; agus meallfaidsean mórán.
7
Agus nuair do‐chluinfidh sibh trácht ar chogaidhibh agus ráflaí ar chogadh, ná bíodh buaidhirt oraibh: caithfidh na neithe seo teacht; acht ní fhuil an deireadh ann fós,
8
Óir éireochaidh cineadh i n‐aghaidh cinidh, agus ríoghacht i n‐aghaidh ríoghachta: béidh creatha talmhan ’n‐a lán áiteann; béidh gortai ann: tosach na buaidheartha is eadh na neithe seo.
9
Acht tabhraidh‐se aire dhaoibh féin: óir do‐bhéarthar sibh i bhfiadhnaise na gcómhairle; agus sciúrsálfar sibh i sionagógaibh; agus seasfaidh sibh i láthair uachtarán agus ríogh ar mo shon‐sa, mar fhiadhnaise dhóibh.
10
Agus caithfear an soiscéal do chraobhscaoileadh ar dtús ar fud na gcineadh uile.
11
Agus nuair bhéas siad ’g‐bhúr dtabhairt chum daortha, agus nuair thiubhras siad ar láimh sibh, ná cuireadh sé imnidhe oraibh roimh ré créad adéarfas sibh: acht an nidh do‐bhéarthar daoibh ’n‐a am féin, abraidh é: óir ní sibh‐se labhras, acht an Spiorad Naomh.
12
Agus do‐bhéarfaidh an dearbhráthair a dhearbhráthair chum báis, agus an t‐athair a mhac; agus éireochaidh an chlann i n‐aghaidh a n‐athar agus a máthar, agus imreochaid bás ortha.
13
Agus béidh fuath ag gach uile dhuine dhaoibh ar son m’anma: acht as té bhéas buan‐tseasmhach go deireadh, is é slánóchar.
14
Acht nuair do‐chífidh sibh úr‐ghráin an léirscriosta ’n‐a seasamh san áit nach dual (an té léigheas, tuigeadh sé), annsin na daoine atá i n‐Iúdaea, teichidís chum na gcnoc:
15
agus an té atá ar mhullach an tighe, ná tigeadh sé anuas, agus ná téigheadh sé isteach le rud ar bith do bhreith leis:
16
agus an té atá ar an machaire, ná casadh sé ar ais le n‐a bhrat do thógáil.
17
Agus is mairg do na mnáibh torrcha, agus dóibh‐sean do‐bheir cíoch ins na laethibh sin.
18
Agus guidhidh nach sa ngeimhreadh thiocfas sé.
19
Óir béidh ins na laethibh sin cruadhtan nach raibh a leithéid ann ó do cruthuigh Dia an domhan ar dtús go dtí anois, agus nach mbéidh ann go bráth.
20
Agus muna mbéadh go raibh na laethe ciorrbhuighthe ag an Tighearna, ní thiocfadh aon duine slán as: acht ar son na bhfíréan atá toghtha aige, do chiorrbhuigh sé na laethe.
21
Agus annsin má adeir aoinneach libh, Féach, atá Críost annso; nó, Féach, atá sé annsúd; ná creididh é:
22
óir éireochaidh Críostanna bréige agus fáidhe bréige, agus taisbéanfaid‐sean cómharthaí agus iongantais, d’fhonn na fíréin féin do mhealladh, dá mb’ fhéidir é.
23
Acht tabhraidh‐se aire: féach, atá gach nidh mniste agam daoibh roimh ré.
24
Acht ins na laethibh sin, tar éis an anró sin, dorchóchaidh an ghrian, agus ní thiubhraidh an ghealach a solas, agus béidh na réaltana ag tuitim ó’n spéir,
25
agus na cumhachta atá ins na flaitheasaibh, béidh siad d’á luascadh.
26
Agus annsin do‐chifid Mac an Duine ag teacht ins na scamallaibh le cumhacht mhóir agus le glóir.
27
Agus annsin cuirfidh sé a aingil amach, agus cruinneochaidh sé a fhíréin ó na ceithre gaothaibh, ó fhír‐imeall an domhain go fír‐imeall neimhe.
28
Foghlamaidh ceacht ó’n gcrann fige: nuair bhíos a ghéag bog, agus an duilleabhar ag teacht uirthi, atá a fhios agaibh go bhfuil an samhradh i athchom‐aireacht:
29
mar sin daoibh‐se, nuair do‐chífidh sibh na neithe seo ag teacht chum críche, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé i ngar daoibh, sa doras féin.
30
Adeirim libh go fírinneach, Ní bhéidh deireadh leis an díne seo nó go ndéantar na neithe seo uile.
31
Rachaidh spéir agus talamh ar ceal: acht ní rachaidh mo bhriathra‐sa ar ceal.
32
Acht i dtaobh an lae úd, agus i dtaobh na h‐uaire úd, ní fhuil a fhios sin ag aoinneach, fiú amháin ag na h‐ainglibh, ná ag an Mac, acht amháin ag an Athair.
33
Tabhraidh aire, bidhidh ag faire agus ag guidhe: óir ní fios daoibh cá fhaide go dtiocfaidh an t‐am.
34
Mar do bhéadh duine ag imtheacht i bhfad ó bhaile, d’fhág a theach, agus thug an cúram d’á sheirbhíseachaibh, a chuid féin de’n obair do gach duine aca, agus d’órduigh do’n dóirseoir faire do dhéanamh.
35
Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin: óir ní fhuil a fhios agaibh cé an uair thiocfas fear an tighe, um thráthnóna, nó um uair an mheadhon‐oidhche, nó ar ghlaodhach an choiligh, nó ar maidin;
36
ar eagla dá dtigeadh sé go h‐obann, gur ’n‐bhúr gcodladh do‐gheobhadh sé sibh.
37
Agus an nidh adeirim libh‐se, adeirim le cách é, Déanaidh faire.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16