bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Mark 7
Mark 7
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 8 →
1
Agus do chruinnigh na Fairisínigh chuige, agus cuid de na scríobhaidhthibh tháinig ó Iarúsalem,
2
agus thugadar fá deara cuid d’á dheisceablaibh ag ithe aráin agus a lámha truaillighthe, is é sin, gan ionnladh.
3
Óir ní itheann na Fairisínigh ná na h‐Iúdaigh i gcoitchinne, biadh, gan a lámha d’ionnladh go minic, ag cleachtadh sean‐ghnás na seanóir:
4
agus ar theacht ó’n margadh dhóibh, ní itheann siad, gan iad féin d’ionnladh: agus is iomdha sean‐ghnás eile tugadh dhóibh le cleachtadh, mar atá, na cupáin, agus na soighthigh umha, agus na leapthacha do nighe.
5
Agus d’fhiafruigh na Fairisínigh agus na scríobhaidhthe dhé, Cad chuige nach ngéilleann do dheisceabail‐se do shean‐ghnásaibh na seanóir, acht go n‐ithid arán le lámhaibh truaillighthe?
6
Agus adubhairt sé leo, Is maith do rinne Ésáias tarngaireacht i n‐bhúr dtaobh, mar atá scríobhtha, Onóruigheann an pobal so mé le n‐a mbéal, Acht is fada uaim atá a gcroidhe:
7
Acht is baoth an t adhradh do‐bheirid dom, Agus aitheanta daoine ’g‐a múineadh aca mar theagasc.
8
Tréigeann sibh aithne Dé, agus cleachtann sibh sean‐ghnáis daoine.
9
Agus adubhairt sé leo, Is breágh mar chuireann sibh aithne Dé ar neamh‐nidh, chum bhúr sean‐ghnáis féin do chleachtadh.
10
Óir adubhairt Maois, Tabhair onóir dod’ athair agus dod’ mháthair; agus, An té mhasluigheas a athair nó a mháthair, curtar chum báis é:
11
acht is é adeir sibh‐se, Má deir duine le n‐a athair nó le n‐a mháthair, Nidh ar bith dem’ mhaoin do rachadh i dtairbhe dhuit‐se, is Corbán é, is é sin, is íodhbairt do Dhia é;
12
annsin ní leigeann sibh dhó a thuilleadh do dhéanamh d’á athair ná d’á mháthair;
13
ag cur briathair Dé ar neamh‐nidh leis na sean‐ghnásaibh úd atá curtha ar bun agaibh; agus is iomdha nidh eile d’á leithéid sin do‐ghní sibh.
14
Agus do ghlaodh sé na daoine chuige arís, agus adubhairt sé leo, Éistidh uile liom‐sa, agus tuigidh:
15
Ní fhuil nidh ar bith ar an taobh amuigh de’n duine, théigheas isteach ann, fhéadas a shalú: acht na neithe thig amach as an duine, is iad sin na neithe shaluigheas an duine.
16
Má atá cluasa chum éisteachta ag aoinneach, éisteadh sé.
17
Agus nuair do chuaidh sé isteach i dtigh ó’n sluagh, do chuir a dheisceabail ceist air i dtaobh na samhlaoide,
18
Agus adubhairt sé leo, An bhfuil sibh‐se, leis, gan tuigsin, mar sin? Nach dtuigeann sibh, cibé nidh théigheas isteach sa duine ó’n taobh amuigh, nach bhféadann sé a shalú;
19
mar nach dtéid sé isteach ’n‐a chroidhe, acht ’n‐a bholg, agus téid sé amach sa gcamra? ’g‐a chur i gcéill gur glan an uile shórt bidh.
20
Agus adubhairt sé, An nidh théigheas amach as an duine, is é sin shaluigheas an duine.
21
Óir is ó’n taobh istigh, amach as croidhe an duine, thig droch‐smaointe, agus striapachas, agus goid, agus dúnmharbhadh,
22
agus adhaltrannas, agus sainnt, agus cuirptheacht, agus cealg, agus ainmhian, agus droch‐shúil, agus dia‐mhasladh, agus uabhar, agus baois:
23
ó’n taobh istigh thig na h‐uilc seo uile, agus is iad sin shaluigheas an duine.
24
Agus d’éirigh sé, agus d’imthigh sé go críochaibh Tuire agus Sídóine. Agus do chuaidh sé isteach i dtigh, agus ba mhian leis gan a fhios do bheith ag aoinneach: acht níor fhéad sé é féin do cheilt.
25
Acht ar an láthair, tháinig bean go raibh spioraid neamh‐ghlan ’n‐a h‐inghin bhig, nuair do‐chuala sí ’n‐a thaobh, tháinig sí chuige, agus do chaith sí í féin ag a chosaibh.
26
Bean Ghréagach, ab eadh í, Sírofoiníseach de réir cinéil. Agus do chuir sí d’athchuinghe air an deamhan do dhibirt as a h‐inghin.
27
Agus adubhairt sé léi, Bíodh a ndóthain ag an gclainn i dtosach: óir ni cuibhe arán na clainne do ghlacadh, agus a chaitheamh chum na gcoileán.
28
Acht d’fhreagair sise agus adubhairt sí leis, Is fíor sin, a Thighearna, acht cheana, na coileáin féin bhíos fá’n mbórd, itid‐sean sprúilleach na leanbh.
29
Agus adubhairt sé léi, Ar son na cainnte seo, imthigh leat: atá an deamhan imthighthe as t’inghin.
30
Agus do chuaidh sí abhaile chum a tighe, agus fuair sí an leanbh ’n‐a luighe ar an leabaidh, agus an deamhan imthighthe aisti.
31
Agus d’fhill sé arís ó chríochaibh Tuire, agus tháinig sé tré Shídóin go muir Ghalilé, tré lár ceanntair an Decapolis.
32
Agus thugadar chuige duine do bhí bodhar, balbh; agus d’impidheadar air a lámh do chur air.
33
Agus thug sé leis i leathtaoibh é ó’n sluagh, agus do chuir sé a mhéireanna isteach ’n‐a chluasaibh, agus do chaith sé seile, agus d’fhliuch sé a theanga;
34
agus ag féachain suas ar neamh dhó, do leig sé osna as, agus adubhairt sé leis, Effatá, is é sin, Foscailtear thú.
35
Agus ar an láthair do foscladh a chluasa, agus do luascadh a theanga, agus do labhair sé go cruinn.
36
Agus d’órduigh sé dhóibh gan a innsint d’aoinneach: acht ní fhuil d’á mhéid d’órduigh sé dhóibh é, nach amhlaidh ba mhó d’fhógruigheadar é.
37
Agus do bhí iongnadh an‐mhór ortha, agus adubhradar, Do‐rinne sé gach uile nidh go maith: do‐bheir sé éisteacht do bhodhránaibh, agus cainnt do bhalbhánaibh.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16