bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Mark 16
Mark 16
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
1
Agus nuair do bhí an tsabóid thart, do cheannuigh Máire Mhagdaléné, agus Máire máthair Shéamais, agus Salómé spíosraidhe, chum go dtiocfaidís agus go n‐ongfaidís é.
2
Agus thángadar go moch ar maidin, an chéad lá de’n tseachtmhain, go dtí an tuama, le h‐éirighe gréine.
3
Agus do bhíodar ’g‐a rádh le n‐a chéile, Cia iontóchas an leac dúinn ó bhéal an tuama?
4
Agus ag féachain suas dóibh, thugadar fá deara go raibh an leac iontuighthe: óir do bhí sí an‐mhór.
5
Agus ag dul isteach sa tuama dhóibh, do chonnacadar an t‐ógánach ’n‐a shuidhe ar thaobh na láimhe deise, agus brat geal air; agus tháinig uathbhás ortha.
6
Agus adubhairt seisean leo, Ná bíodh eagla oraibh: atá sibh ar lorg Íosa Nasardha, an té do céasadh: d’éirigh sé; ní fhuil sé annso; féachaidh an áit ’n‐ar chuireadar é!
7
Acht imthighidh, innisidh d’á dheisceablaibh agus do Pheadar, go bhfuil sé ag dul rómhaibh go dtí an Ghalilé: do‐chífidh sibh annsin é, mar adubhairt sé féin libh.
8
Agus d’imthigheadar amach, agus do theicheadar ó’n tuama; óir do bhi crith‐eagla agus uathbhás ortha: agus níor labhradar focal le h‐aon duine; óir do bhí scannradh ortha.
9
Agus nuair d’aiséirigh sé go moch ar maidin, an chéad lá de’n tseachtmhain, do thaisbeán sé é féin ar dtús do Mháire Mhagdaléné, as ar chuir sé amach seacht ndeamhain.
10
D’imthigh sise, agus d’innis sí é dhóibh‐sean do bhíodh ’n‐a fhochair, agus do bhí ag caoi agus ag gol.
11
Agus nuair do‐chualadar go raibh sé beo, agus go bhfaca sise é, níor chreideadar é.
12
Agus tar a éis sin, do thaisbeán sé é féin i gcruth eile do bheirt aca agus iad ag siubhal, ag dul fá’n tuaith dhóibh.
13
Agus d’imthigheadar‐san agus d’inniseadar do’n chuid eile é: acht mar sin féin, níor chreideadar iad.
14
Fá dheireadh, do thaisbeán sé é féin do’n ao n fhear déag ar fad, agus iad ’n‐a suidhe ag caitheamh bidh; agus do chas sé leo a míchreideamh agus a ndúire croidhe, de bhrigh nár chreideadar na daoine do chonnaic é iar h‐éirghe dhó.
15
Agus adubhairt sé leo, Imthighidh ar fud an domhain uile, agus déanaidh an soiscéal do chraobhscaoileadh do’n chineadh daonna ar fad.
16
An té chreidfeas agus baistfear, saorfar é; acht an té nach gcreidfidh, daorfar é.
17
Agus is iad so na cómharthaí leanfas iad‐san chreidfeas: caithfid deamhain amach im’ ainm‐se; labharfaid as teangthachaibh nua;
18
tógfaid nathracha nimhe: agus má ólaid aon nidh marbhthach, ní dhéanfaidh sé dochar ar bith dhóibh; cuirfid a lámha ar na daoinibh breoite agus leigheasfar iad.
19
Agus, tar a éis do’n Tighearna Íosa labhairt leo, do gabhadh suas ar neamh é, agus do shuidh sé síos ar dheas‐láimh Dé.
20
Agus d’imthigheadar‐san, agus do chraobhscaoileadar ins gach uile áit, an Tighearna ag cómhoibriú leo, agus ag neartú an bhriathair leis na cómharthaibh do lean é.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16