bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Mark 15
Mark 15
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 16 →
1
Agus go moch ar maidin, do chuaidh uachtaráin na sagart i ndáil cómhairle leis na seanóiribh, agus leis na scríobhaidhthibh agus leis an gcómhairle iomláin, agus do cheangladar Íosa, agus do rugadar leo é, agus thugadar do Phíoláid é.
2
Agus d’fhiafruigh Píoláid de, An tusa Rí na nIúdach? Agus d’fhiafruigh seisean agus adubhairt, Adeirir é.
3
Agus do chuir uachtaráin na sagart mórán neithe ’n‐a leith.
4
Agus d’fhiafruigh Píoláid arís de, agus adubhairt, Nach bhfuil freagra ar bith agat le tabhairt? féach an méid atá aca d’á chur id’ leith.
5
Acht níor fhreagair Íosa a thuilleadh; i dtreo go raibh iongnadh ar Phíoláid.
6
Is amhlaidh ba ghnáthach leis, le linn na féile, príosúnach amháin do scaoileadh saor chuca, aon duine d’iarraidís air.
7
Agus do bhí duine darbh ainm Barabbas ceangailte mar aon leo‐san do rinne ceannairc, daoine do rinne dúnmharbhadh sa gceannairc.
8
Agus do chuaidh an pobal suas agus do thosnuigheadar ar iarraidh air an rud ba ghnáthach leis do dhéanamh dhóibh.
9
Agus d’fhreagair Píoláid iad, agus adubhairt, An áil libh go scaoilfinn saor chugaibh Rí na nIúdach?
10
Óir do bhí a fhios aige gur le droch‐aigne thug uachtaráin na sagart ar láimh é.
11
Acht do spreag uachtaráin na sagart an pobal go n‐iarrfaidís air Barabbas do scaoileadh saor chuca.
12
Agus d’fhreagair Píoláid arís, agus adubhairt sé leo, Agus créad is áil libh do‐ghéanad do’n té ar a nglaodhann sibh Rí na nIúdach?
13
Agus do liúghadar arís, Céas é.
14
Agus adubhairt Píoláid leo, Acht cad é an t‐olc atá déanta aige? Acht ba dhéine do liúghadar, Céas é.
15
Agus de bhrigh gur mhian le Píoláid an pobal do shásamh, do scaoil sé chuca Barabbas, agus thug sé Íosa chum a chéasta tar a éis dó a sciúrsáil.
16
Agus do rug na saighdiúirí leo é isteach sa gcúirt, is é sin cúirt an Pháláis, agus do chruinnigheadar an bhuidhean iomlán.
17
Agus do chuireadar éadaighe corcra air, agus do shníomhadar coróin spíne,
18
agus do chuireadar air í; agus do thosnuigheadar ar bheannú dhó, go mbeannuighthear duit, a Rí na nIúdach!
19
Annsin do bhuaileadar sa gceann é le giolcach, agus do chaitheadar seilí air, agus ag cromadh a nglún dóibh do rinneadar omós dó.
20
Agus nuair do bhí an magadh déanta aca do bhaineadar an chorcair dhe, agus do chuireadar a éadaighe féin air. Agus do rugadar leo é le n‐a chéasadh.
21
Agus do bhí duine darbh ainm Síomón Curénéach ag gabháil thairis, athair Alecsandair agus Rúfuis, tháinig isteach ó’n tuaith, do chuireadar d’fhiachaibh air‐sean an chroch d’iomchur dó.
22
Agus do rugadar leo é go dtí an áit d’á ngoirthear Golgotá, is é sin, Áit cloiginn.
23
Agus thugadar fíon, agus mirr measctha leis, le n’ól dó: acht níor ghlac seisean é.
24
Agus do chéasadar é, agus do roinneadar a chuid éadaighe, ’g‐a gcur ar chrannaibh, d’fhéachain créad do bhéadh ag gach duine aca.
25
Agus do bhí an treas uair ann, agus do chéasadar é.
26
Agus do bhí teideal a chúise scríobhtha os a chionn, RÍ NA N‐IÚDACH.
27
Agus do chéasadar beirt bhitheamhnach i n‐éinfheacht leis; duine aca ar a láimh dheis, agus duine ar a láimh chlé.
29
Agus na daoine do ghabhadh thairis, thugaidís masla dhó ag crothadh a gceann, agus iad ’g‐a rádh, Há! thusa leagas an teampall, agus thógas é i gceann trí lá,
30
saor thú féin agus tar anuas de’n chroich.
31
Mar an gcéadna do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ag magadh faoi, agus iad ’g‐a rádh le n‐a chéile, Do shaor sé daoine eile; ní fhuil ar chumas dó é féin do shaoradh.
32
Tigeadh an Críost, Rí Israel, anuas de’n chroich anois go bhfeicimís agus go gcreidimís. Agus na daoine do bhí d’á gcéasadh i n‐éinfheacht leis, thugadar masla dhó.
33
Agus nuair tháinig an sémhadh h‐uair, do leath dorchadas ar an talamh uile go dtí an naomhadh h‐uair.
34
Agus sa naomhadh h‐uair do ghlaodh Íosa de ghuth árd, Elóí, Elóí, Lamá sabachtaní? is é sin, A Dhia, a Dhia, cad chuige ar thréigis mé?
35
Agus nuair do‐chuala cuid díobh‐san do bhí láithreach é, adubhradar, Féach, atá sé ag glaodhach ar Élias.
36
Agus do rith duine aca, agus do líon sé sponnc de bhínéagra. Agus do chuir sé ar ghiolcach é, agus thug sé le n’ól dó é, agus adubhairt, Fan, feicimís an dtiocfaidh Élias le n‐a thógáil anuas.
37
Agus do ghlaodh Íosa de ghuth árd, agus d’imthigh an t‐anam as.
38
Agus do réabadh brat an teampaill ’n‐a dhá chuid ó bhárr go bun.
39
Agus an ceanntúir do bhí ’n‐a sheasamh os a chómhair ’n‐a aice, nuair do chonnaic sé gur imthigh a anam as ar an gcuma sin, adubhairt sé, Go fírinneach do b’é Mac Dé an fear so.
40
Agus do bhí mná ann i bhfad uaidh, agus iad ag féachain air: ortha‐san do bhí Máire Mhagdaléné, agus Máire máthair Shéamais bhig agus Iósés, agus Salómé;
41
is iad‐san do bhíodh ’g‐a leanamhain, agus ag friotháileamh air nuair do bhíodh sé sa nGalilé; agus mórán ban eile tháinig i n‐éinfheacht leis go h‐Iarúsalem.
42
Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, de bhrigh gurbh é lá an Ullmhuighthe é, is é sin, an lá roimh an tsabóid,
43
tháinig Seosamh ó Arimatéa, cómhairleoir cóir, onórach, fear do bhí ag súil le ríoghacht Dé; agus do chuaidh sé isteach go dána i láthair Phíoláid, agus d’iarr sé corp Íosa air.
44
Agus do b’iongnadh le Píoláid a rádh go raibh sé marbh cheana: agus do ghlaodh sé chuige an ceanntúir, agus d’fhiafruigh sé dhe an raibh sé i bhfad tar éis báis.
45
Agus nuair fuair sé fios air ó’n gceanntúir, tug sé an corp do Sheosamh.
46
Agus do cheannuigh seisean brat línéadaigh, agus do thóg sé anuas é, agus d’fhill sé sa mbrat línéadaigh é, agus do chuir sé isteach i dtuama do bhí gearrtha as carraig; agus d’iontuigh sé leac thar bhéal an tuama.
47
Agus do bhí Máire Mhagdaléné agus Máire Iósés ag féachain ar an áit ’n‐ar cuireadh é.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16